Showing posts with label Faisean. Show all posts
Showing posts with label Faisean. Show all posts

Wednesday, April 27, 2016

Anois teacht an tsamhraidh... Bí aclaí agus faiseanta!

Bhuel a Ghlams,

Níl muid anois ach i  bhfoiseacht cúpla seachain ón samhradh agus is dóigh go bhfuil muid ar fad ag déanamh iarrachta a bheith sláintiúil agus aclaí. Uaireanta bíonn sé seo sách deacair, go háirithe má chailleann tú amach ar rang amháin aclaíochta, is féidir leis thú a chur go hiomlán as riocht.

É sin ráite níl tada níos fearr ná an mothú sin a fhaigheann tú tar éis rang maith a bheith déanta agat. Tá mise ag déanamh ranganna Body Attack agus Body Pump anois ó mhí Mhéan Fhómhair agus caithfidh mé a rá, táim ag baint taitnimh astu.(cé go mbím ag iarraidh leithscéalta a fháil uaireanta gan dul ag rang)

Tá aclaíocht go maith do do shláinte, go fisiciúil, chomh maith leis an intinn. Go háirithe agus muid i gcónaí chomh gnóthach inár saoil. Cabhraíonn na ranganna seo liomsa fáil réidh le haon teannas nó strus :)

An blag atá agam an tseachtain seo éadaí giom. Cé nach mbíonn faisean ar d'intinn agat agus tú ag dul ag rang, fós tá sé go deas bróga reatha compóradacha chomh maith le héadaí giom cearta(agus deasa) a bheith ort. Tá an t-uafás roghanna ann na laethanta seo agus tá sé deacair péire bróga reatha a roghnú leis na cinn áille atá ann. Tosóidh mé leo sin ar dtús mar sin:

Ceannaigh

Ceannaigh
Ceannaigh

Ceannaigh




Saturday, April 9, 2016

Róthe do na Buaitaisí Móra agus Rófhuar do na sandals....

Haigh a Ghlams,

Bhuel tá an chéad tseachtain ar ais curthe din again agus caithfidh mé a rá ní raibh sé ró-dhona. Tá méthar a bheith sásta anois agus mé ar ais i routine.  Chabhraigh gile an lae leis sin freisin cheapfainn, tá muid ag dul ar scoil agus an lá geal agus muid ag teacht abhaile agus é fós geal, déanann sé an t-uafás difríochta.
Tá blag na seachtaine seo ar na ‘wedge trainers’. Agud muid ag déanamh isteach ar an samhradh anois, is gearr go mbeidh na buaitaisí móra á gcaitheamh go leataobh (tá súil agam) go ceann cúpla mí. Ach breathnaigh ar na cinn áille a chonaic mé:



Cé nach bhfuil an samhradh i bhfad uainn , fós tá sé beagán ró-fhuar na wedges agus na sandals a tharraingt amach agus mar sin seo hiad an rogha is fearr idir an dá linn.
Cheannaigh méfhéin péire acu an samhradh seo caite, chonaic mé ar an suímh willow.ie iad. Cinn álainn ór agus fuair mé ar leathphraghas iad, ní fhéadfainn iad a fhágáil i mo dhiaidh, seo pictiúr dóibh thíos(tá said agam le bliain agus iad caite go maith agam.)

Thursday, March 10, 2016

An bhfuil tú mar aoi ag bainis i mbliana? Cuir tús leis an bPrep anois!

Bhuel níl aon leigheas ar an áilleacht ach an t-ullmhúchán!! Tá tús curtha le seasúr na mbainise domsa agus nach mé atá sásta go bhfuil mo bhainis féin curtha díom agam agus go bhfuil mé anois in ann seasamh siar agus sásamh a bhaint as an lá speisialta sin a bhíonn ag mo chairde!

Is breá liom féin a bheith eagraithe do bhainis agus go mór mór is maith liom iarracht a dhéanamh dóibh siúd a thug mar onóir dúinn freastal ar ócáid chomh speisialta!

So seo mar atá, inniu an Luan agus tá tús curtha leis an bprep! Ta mé ag scríobh an bhlag seo chun léargas bheag a thabhairt daoibh ar na cinntí deacra sin a bhíonn le déanamh ag mná d'ócáidí éagsúla ar nós bainis! Do na fir atá á léamh tabharfaidh sé seo tuiscint daoibh ar cé chomh heasca is atá rudaí agaibh!!

An GÚNÁ!!!

Bhuel don bhrídeog tá sé seo tábhactach ach ceapaim go bhfuil sé chomh tábhactach céanna dom féin mar aoi ag bainis.

Cheannaigh mé an gúna seo i Willow, in Inis Co. an Chláir! Costas €165 a bhí ar ach caithfidh mé a raibh go bhfuil an caighdeán atá ann do-chreidte! Bhí na mná a bhí sa siopa chomh deas agus cabhrach bhí fonn orm tuilleadh a cheannach dá mbeadh na funds agam!!

Is branda Éireannach atá sa ghúna "Ella Boo".  Tá saghas na ngúnaí an-mhaith agus níl fit ró-bheag acu (seo í  an fhadhb a bhíonn agam leis an siopadóireacht ar líne go minic)


Saturday, March 5, 2016

Gúnaí gan guaillí ó ASOS!

Hello glams, Síofra anseo! Cén chaoi a bhfuil sibh?

Ní chreidim gur thosaigh mí an mhárta cheana féin.. beidh saoire na cásca againn i gceann tamaillín!! Agus táim ag tnúth leis!

So don bhlag seo táim chun gúnaí gan guaillí a thaispeaint daoibh! Tá bainis agam i mí Aibreán agus beidh orm gúna nua a fháil dó.. agus nílim ag gearán faoi sin!!  Thosaigh mé mo shiopadóireacht ar líne agus is cosúil gur iad na gúnaí gan guallí ceann de na trends is mó don earrach. Bhí siad feicithe ar na catwalks go léir ag Givenchy, Jason Wu agus Derek Lam!

Anois, ní cheapaim go mbeinn in ann iad a chaitheamh mar (silím féin ar aon nós) go bhfuil guaillí an-leathan agamsa! Ach, táim chun triail a bhaint astu agus, ní fios, b'fhéidir go mbeadh ionadh orm!!



So seo hiad na cinn is deise ar ASOS i mo thuairim féin!!





Thursday, February 18, 2016

Bróga le Dath

Hello Glams, Cén chaoi a bhfuil sibh? A mhúinteoirí nach bhfuil sé go hálainn a bheith saor an tseachtain seo? Bhí mé le haghaidh blag a scríobh ar mo chuid Braces a fuair mé an tseachtain seo ach táim ag iarraidh písín a thabhairt dóibh go bhfeicfidh mé an bhfuil siad ag oibriú dom sula roinnfidh mé mo thaithí libh! Ar aon nós, tá cóisir ag teacht aníos agam agus bhí mé ag lorg péire bróga deasa, ní na gnáth chinn ar nós na cinn atá agam ach cinn le dath agus neart dath leis sin ;) Mar gheall go gcaithim an t-uafás dubh is maith liom a dhul craiceáilte le dath i mo chuid bróga nó málaí...seo thíos mar sin díobh, samplaí do bhróga le go leor dath iontu!

 
 

Friday, February 12, 2016

Taitneodh siad leat nó ná Taitneodh ach tá siad ar ais...An Pinafore :)

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an pinafore ag teacht ar ais I bhfaisean arís.
Ar dtús ní raibh cliú agam cén chaoi ar mhothaigh mé faoi seo. Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar an gceann a bhí agam fhéin. Dath bán dearg agus liath a bhí air agus bhí mí ar nós coca féir istigh ann… fashion faux pas gan dabht.

Is I Marissa Carter an chéad duine a chonaic mise a gcaitheamh na laethanta seo. Nuair a bhí mé ag féachaint ar a cuid snaps, thug mé faoi deara é, ceann cineál marún a bhí uirthi. Bhí sé go hálainn uirthi agus gan ach top fada bán taobh istigh aici, cosúil lies an gceann seo thíos,
 
Ceannaigh Anseo
 
An rud is fearr fúthu seo ná go bhfuil siad chomh héasca. Tá siad foirfe do na laethanta sin a chaitheann tú ag seasamh os comhair do vadrús agus nach mbíonn tada ag léim amach agat.
 
Nuair a bhí a fhios agam go raibh an blag seo le scríobh agam thosaigh mé ag cuardach na siopaí éagsúla ar line agus WOW tá an oiread sin cinn le fail. Tá pinafores álainn le fáil ar Asos agus Missguided agus iad chomh simplí agus deas ag an am céanna.
Feicfidh sibh roinnt de na samplaí a chonaic mé thíos. Nach deas iad.
 
Is iomaí bealach ann chun iad seo a chaitheamh, ag brath arc é chomh daring is atá tú. Má fheileann an simsir is féidir iad a chaitheamh le crop top beag nó string top.

Wednesday, January 20, 2016

Denims dúinn ar fad!

Dia dhaoibh a chairde! Cén chaoi a bhfuil sibh? Tá súil agam go bhfuil sibh ag baint taitnimh as an mbliain nua!

So tá bliain nua tagtha agus rinne mé cinneadh ag tús na bliana seo gan an oiread éadaí a cheannach i mbliana agus a cheannaigh mé anuraidh. Tá ag éirí OK liom go dtí seo! Mar sin táim chun athchúrsáil a dhéanamh ar na rudaí atá agam agus iad a ghléasadh suas. Bhí mé ag iarraidh cuimhniú céard iad na rudaí atá sa chófra ag chuile dhuine agus is é an chéad rud a rith liom ná jíons nó éadaí deinime. Sa bhlag seo mar sin táim chun a thaispeáint díobh cén chaoi ar féidir deinim a ghléasadh suas, bhuel gléasadh suas gan a bheith ag breathnú cosúil leis an mbeirt seo thíos....... 

Britney Spears agus Justin Timberlake i 2001.
1. Jíons 
Níl aon dabht faoi ach go bhfuil péire jíons (nó scór) ag chuile dhuine againn. Is breá liomsa iad a chaitheamh ar an deireadh seachtaine. Is breá liom 'skinny jeans' agus ní bheinn in ann maireachtáil á n-oireasa. Feictear dom go gcaitheann an t-uafás cailíní na 'boyfriend jeans' freisin. Is breá liom iad ach ní fheileann siad dom ar chor ar bith. Nuair atá tú ag ceannach jíons is iad na rudaí a chaithfidh tú a chinntiú ná: iad a thriáil ort sula gceannaíonn tú iad agus gan iad a cheannach mar gheall go bhfuil siad ag daoine eile- b'fhéidir nach bhfeilfeadh siad do chorp ar chor ar bith. Tá sé seo tarlaithe domsa cúpla uair. Bheadh péire álainn ag duine de na cailíní nó mo dheirfiúracha agus ansin chuirfinn orm iad agus bheinn ag pléascadh amach astu. Tugann sé sin ar aghaidh mé go dtí an chéad tip eile nuair atá tú ag triáil jíons ort, má théann jíons ort go han éasca téigh síos tomhais. Is cuma má tá ort beagáinín do dhamhsa a dhéanamh isteach sna jíons, ach ag an am céanna níl tú ag iarraidh a bheith cosúil le Ross ar Friends nuair a bhí an treabhsar leathair air :) Ba cheart go mbeadh an básta 'snug' is é sin go mbeadh tú in ann do dhá mhéar a chur síos ar chúl an bhríste ach ní do lámh iomlán.

Féach thíos ar cúpla smaoineamh le do chulaith a bheith glam le péire jíons:


Sunday, December 20, 2015

Riteoga Le Glam

Haigh a chairde,

Síofra anseo arís! Agus an t-am seo, ábhar an bhlag an Domhnach seo ná riteoga le patrún iontu nó 'patterned tights' mar is fearr aithne orthu! Níl sé chomh fuar faoi láthair ach is cinnte go mbeidh riteoga ag teastáil uair éigin i rith an gheimhridh seo nó roimh an tsamhraidh ar a laghad!! Sooo, shíl mé go mbeadh riteoga atá cineál níos jazzy nó níos suimiúla ag teastáil uaim! So chuardaigh mé riteoga ar líne agus cheannaigh mé cúpla péire ó River Island agus mytights.com agus táim chun iad a theaspáint daoibh anseo!





Wednesday, December 16, 2015

Pitseámaí na Nollag

Dia dhaoibh a chairde, 

Cén chaoi a bhfuil sibh? An gcreideann sibh go bhfuil an bhliain beagnach thart? Agus nach é atá imithe sciobtha! 

Tá mé ar ais libh inniu le blag eile faoin Nollaig agus ceann de na rudaí is deise liom faoin Nollaig. Níl tada níos fearr liomsa ná pitseámaí nua a fháil/a cheannach. Tá traidisiún beag agam féin agus mo dheirfiúracha, gach uile bhliain ceannaímid pitseámaí nua agus ansin Oíche Nollag tar éis an Aifrinn cuireann muid orainn iad agus níl tada níos deise. D'fhéadfainn an lá uilig a chaitheamh iontu Lá Nollag. Mar sin do mo bhlag deireanach i 2015 tá mé ag cur cúpla sampla deas pitseámaí le chéile díobh. Bheidís go deas a bheith i stoca Santaí i gceann seachtaine ;) 




Saturday, December 12, 2015

Geansaithe Glam don Nollaig :)

Dia dhaoibh a Ghlams, cén chaoi a bhfuil sibh? An bhfuil sibh chomh excited liomsa agus maisiúcháin, siopadóireacht, ceannach agus ullmhú na Nollag faoi lán seol? Is gearr anois go mbeidh sé in am na geansaithe agus na gúnaí Nollag a tharraingt amach arís :) Nó má tá sibh ag smaoineamh ar gheansaí nua a cheannach, beidh sibh sásta leis an mblag seo. Sa mblag seo beidh mé ag díriú ar gheansaithe Nollag do mhná agus d'fhir. Uiareanta déanann muid desrmad ar na fir ach ná bí buartha smaoinigh mise oraibh anocht!!!

AGUS!!!! Má tá madra beag agat ní dhearna mé dearmad air nó uirthi sin ach oiread. An tseachtain seo caite chuir mé suas 'Meme' ar Facebook. Séard a bhí ann ná pictiúr de 'Pug' agus 'Pug Mo Thóin scríofa air. Fuair sé an oiread airde agus nuair a chonaic mé an culaith seo don mhadra, bhí orm a chuir isteach. Nach bhfuil sé ar cheann de na rudaí is deise dá bhfaca tú riamh agus ní bean mór ainmhí mé, cé go bhfuil mé ag iarraidh 'mada beag bán' nuair a bhogfaidh mé isteach i mo theach nua ach ní ligfidh sé fhéin cead dhom (ach tá mé ag obair air). 


Friday, December 4, 2015

Cuir an Glam i do Chulaith an Nollaig seo x

Cén chaoi a bhfuil sibh a chairde?

Bhuel tá an Nollaig ag fáil níos gaire agus níos gaire, go bhfóire Dia orainn agus gan tada déanta agam fós! Aon uair a bhuaileann fonn siopadóireachta mé, is dom féin a théim ag ceannach!

Ar aon nós....

Cúpla smaoineamh agam thíos díobh ar cén chaoi ar féidir linn ár gcuid feistis a bheith 'glam' an séasúr seo.  Mar atá a fhios ag go leor daoine fúmsa, is breá liom mo chuid slabhraí. Is féidir leo cur le haon chulaith, ó t-léine simplí bán go gúna beag dubh, is féidir iad a ghléasadh suas le slabhra. Rud amháin a dhéarfainn libh, ná, má tá tú ag ceannach slabhra, ceannaigh ceann a ghabhfas le cúpla culaith!

Seo cúpla ceann atá agamsa, cruinnithe le chéile thar na mblianta!




Saturday, November 28, 2015

Bróga na Nollag! 'Dancing Queen'

I


Helloooo a chairde ghlam, Síofra anseo arís!

Mar is eol daoibh, táim i ngrá agus cineál gafa le gach sórt bróige go háirithe na cinn áille agus arda. Breathnaím i bhfad níos fearr agus níos proifisiúnta nuair atáim ag caitheamh bróga le hardchaighdeán agus le stíl mhaith ag baint leo.

Má chonaic tú ár mír ar Chlár Roisín ar TG4, chuimhneofá go bhfuil siopa bróga ag mo dhaid agus go bhfuilim i gcónaí  ag ordú bróga nua agus á gceannach! Tá grá ollmhór agam do bhróga agus ní ón ngrian ná ón ngealach a fuair mé an grá aeo. So shocraigh mé blag a scríobh daoibh ar na bróga is fearr liomsa faoi láthair! 

Tá súil agam go mbainfidh sibh taithneamh as an mblag agus b'fhéidir go mbeadh sibh ag tnúth le píosa siopadóireachta a dhéanamh i rith na deireadh seachtaine seo!!

An chéad phéire atá piocaithe agam ná na cinne seo ó Missguided.eu. Bíonn sé an-deacair bróga dúghorma a fháil agus ceapaim go mbeadh an péire seo an-úsáideach agus classy don gheimhreadh le skinnies denim, sciorta nó gúna fiú!!



Is aoibhinn liom na cinn seo ó Kurt Geiger atá ar fáil ar kurt geiger.ie - Ghléasfaidís péire dubh skinnies go héasca! Tá siad beagáinín níos daoire ná na cinn eile ach mar a deir an seanfhocal Ní mhaireann aon rud ach seal! So, a chailíní bainigí sult as bhur saolta agus caith bhur gcuid airgid inniu!!


Wednesday, November 25, 2015

Ag dul amach ar na tiles an geimhreadh seo? Gúnaí deasa agus LBD's riachtanach!

Níl mé in ann a chreidiúnt go bhfuil mé suite anseo anocht ag scríobh an bhlag seo ar ghúnaí don Nollaig! Cá ndeachaigh an bhliain? Mothaím nach bhfuil sé i bhfad ó bhí mé ag tosnú scoilbhliain nua agus anois tá an Nollaig i bhfoisceacht ceithre seachtaine uainn!!

Leis an Nollaig tagann oícheanta go maidin, laethanta fuara i do chuid pitseamaí ag féachaint ar scannáin Nollag le bosca Roses le do thaobh agus gan tada ag cur isteach ort ach céard a íosfaidh tú nó cén chéad scannán eile a fhéachfaidh tú air. Ach freisin bíonn an t-uafás ag dul ar aghaidh i rith na Nollag. Bíonn cóisirí, bainsí agus oícheanta ar na tiles mar 'Sí an Nollaig í'

Sin an áit a dtagaimse isteach anocht. Sa bhlag seo beidh muid ag féachaint ar ghúnaí a bheadh feiliúnach d'oíche randamach i rith na Nollag agus fiú má tá bainis ag teacht aníos b'fhéidir go bhfeicfeá do ghúna anseo.

An chéad dhath atá roghnaithe agam ná dearg/burgundy. Ní fhéadfá gan gúna dearg a bheith i vardrús don Nollaig agus feicfidh sibh thíos ceithre cinn atá curtha suas anseo agam. D'fhéadfainn na céadta eile a bheith curtha leis agam ach roghnaigh mé gan níos mó ná ceithre cinn a phiocadh. D'inis Roseann dom faoin suíomh SheIn.com agus mé i mbun taighde don bhlag seo... WOW! Tá sé iontach! An t-aon rud faoi ná tógann sé dhá nó trí seachtaine chun na héadaí a fháil, mar sin cuir isteach d'ordaigh ANOIS! Bhí mé ar Pinterest freisin agus chonaic mé an culaith álainn thíos. (An tríú pictiúr síos) Nach álainn é? Níl a fhios agam cén áit a bhfuil sé le fáil ach cheap mé go raibh sé go hálainn.


Ceannaigh