Wednesday, November 25, 2015

Ag dul amach ar na tiles an geimhreadh seo? Gúnaí deasa agus LBD's riachtanach!

Níl mé in ann a chreidiúnt go bhfuil mé suite anseo anocht ag scríobh an bhlag seo ar ghúnaí don Nollaig! Cá ndeachaigh an bhliain? Mothaím nach bhfuil sé i bhfad ó bhí mé ag tosnú scoilbhliain nua agus anois tá an Nollaig i bhfoisceacht ceithre seachtaine uainn!!

Leis an Nollaig tagann oícheanta go maidin, laethanta fuara i do chuid pitseamaí ag féachaint ar scannáin Nollag le bosca Roses le do thaobh agus gan tada ag cur isteach ort ach céard a íosfaidh tú nó cén chéad scannán eile a fhéachfaidh tú air. Ach freisin bíonn an t-uafás ag dul ar aghaidh i rith na Nollag. Bíonn cóisirí, bainsí agus oícheanta ar na tiles mar 'Sí an Nollaig í'

Sin an áit a dtagaimse isteach anocht. Sa bhlag seo beidh muid ag féachaint ar ghúnaí a bheadh feiliúnach d'oíche randamach i rith na Nollag agus fiú má tá bainis ag teacht aníos b'fhéidir go bhfeicfeá do ghúna anseo.

An chéad dhath atá roghnaithe agam ná dearg/burgundy. Ní fhéadfá gan gúna dearg a bheith i vardrús don Nollaig agus feicfidh sibh thíos ceithre cinn atá curtha suas anseo agam. D'fhéadfainn na céadta eile a bheith curtha leis agam ach roghnaigh mé gan níos mó ná ceithre cinn a phiocadh. D'inis Roseann dom faoin suíomh SheIn.com agus mé i mbun taighde don bhlag seo... WOW! Tá sé iontach! An t-aon rud faoi ná tógann sé dhá nó trí seachtaine chun na héadaí a fháil, mar sin cuir isteach d'ordaigh ANOIS! Bhí mé ar Pinterest freisin agus chonaic mé an culaith álainn thíos. (An tríú pictiúr síos) Nach álainn é? Níl a fhios agam cén áit a bhfuil sé le fáil ach cheap mé go raibh sé go hálainn.


Ceannaigh



Dath glas, ceann de dhathanna na Nollag freisin. Arís feicfidh sibh go bhfuil gúna eile ann ó SheIn. An chéad cheann thíos. Níl aon rud ceannaithe agam fhéin ar an suíomh seo fós mar is inniu a fuair mé amach faoi ach fuair cara liom gúna air agus dúirt sí go raibh an caighdeán go maith sna gúnaí. Chuile shíomh a ndeachaigh mé orthu bhí lace go mór ar bharr a liosta. An chéad dhá ghúna glas thíos is gúnaí lace is agus is aoibhinn liom an droim atá sa cheann láir agus an chaoi a dtéann sé síos ar na guailne. An tríú ceann ansin , is é a bheadh foirfe dá mbeadh an iomarca seacláide ite mar níl sé tight timpeall do bhásta agus fós tá sé cineál sexy.



Ceannaigh


Nuair a théann muid amach Oíche Chinn Bhliana, is minic a fheictear gúnaí óra le sparkle. Tá trí ghúna agam sa chatagóir seo, péire óra agus ceann cineál neodrach agus bán dearg. An t-aon rud a déarfainn faoin chéad cheann ná go bhfuil sé beagán gearr. Dom fhéin go pearsanta, is aoibhinn liom é ach mar gheall ar an bhfad ní bheinn in ann é a chaitheamh. Arís an droim atá sa dara ceann tá sé go hálainn(Tá cineál obsession agam le gúnaí backless nach bhfuil) Phioc mé an triú ceann ansin ó Asos mar cé go bhfuil an gúna fhéin chomh simplí gan mórán sonraí, tá collar álainn air agus ní theastódh aon accessories uait. Ní bhuailfeadh tada simplíocht anois is arís.





Ceannaigh


Agus ar deireadh thiar thall. LBD! Life savers ceart iad seo. Níl cailín ná bean ar bith nach bhfuil gúna beag dubh ina vardrús acu agus nach n-iompaíonn ag an ngúna seo in am an ghátair :) Ní haon eisceacht í an Nollaig ach oiread gan LBD nua a cheannach. Arís ba bheag nár bhris sé seo mo chroí ag iarraidh cúpla ceann a phiocadh.Bhí an oiread rogha ann. An chéad phéire sa phictiúr is ar Missguided a chonaic mé iad. Is maith liom iad mar tá siad deas glam, classy,chic agus sexy agus níl siad ró-ghearr. ACH breathnaigh ar an tríú ceann, nach bhfuil sé ar cheann de gúnaí dubha is deise a chonaic tú riamh. Agus ar arís, mo léan is ar Pinterest a chonaic mé agus ní raibh sé scríofa ann cén siopa a bhfuil sé le fáil ann. Má fheiceann sibh an gúna seo nó ceann cosúil leis, cuir Snapchat agam!!

Ceannaigh

Arís tábhacht an LBD. Roinnt de na celebs á gcaitheamh. An rud is fearr faoi LBD ná tá tú in ann do rogha dath agus cineál bróga a chaitheamh leis. Tá tú in ann é a ghléasadh suas nó má bhíonn sé fuar tá tú in ann péire riteoga a chuir ort leis agus beidh tú deas cosy.


Aww táim tagtha ag deireadh mo bhlag. Ba chuma liom ach bhí mé ag baint an-taitneamh as! Tá sé in am agam scaoileadh libh, tá mé chun tús a chur le siopadóireacht na Nollag. An chéad bhronntanas? Mé féin dár ndóigh, caithfidh duine éicint aire a thabhairt dhom!!

Baingí sult agus sásamh as an siopadóireacht agus arís ná déanaigí dearmad oraibh fhéin. Beidh gúna nó dhó tuillte agaibh agus sibh ag ceannacht do chuile dhuine eile.

Le grá
Aisling
xXx


















No comments:

Post a Comment