Wednesday, January 20, 2016

Denims dúinn ar fad!

Dia dhaoibh a chairde! Cén chaoi a bhfuil sibh? Tá súil agam go bhfuil sibh ag baint taitnimh as an mbliain nua!

So tá bliain nua tagtha agus rinne mé cinneadh ag tús na bliana seo gan an oiread éadaí a cheannach i mbliana agus a cheannaigh mé anuraidh. Tá ag éirí OK liom go dtí seo! Mar sin táim chun athchúrsáil a dhéanamh ar na rudaí atá agam agus iad a ghléasadh suas. Bhí mé ag iarraidh cuimhniú céard iad na rudaí atá sa chófra ag chuile dhuine agus is é an chéad rud a rith liom ná jíons nó éadaí deinime. Sa bhlag seo mar sin táim chun a thaispeáint díobh cén chaoi ar féidir deinim a ghléasadh suas, bhuel gléasadh suas gan a bheith ag breathnú cosúil leis an mbeirt seo thíos....... 

Britney Spears agus Justin Timberlake i 2001.
1. Jíons 
Níl aon dabht faoi ach go bhfuil péire jíons (nó scór) ag chuile dhuine againn. Is breá liomsa iad a chaitheamh ar an deireadh seachtaine. Is breá liom 'skinny jeans' agus ní bheinn in ann maireachtáil á n-oireasa. Feictear dom go gcaitheann an t-uafás cailíní na 'boyfriend jeans' freisin. Is breá liom iad ach ní fheileann siad dom ar chor ar bith. Nuair atá tú ag ceannach jíons is iad na rudaí a chaithfidh tú a chinntiú ná: iad a thriáil ort sula gceannaíonn tú iad agus gan iad a cheannach mar gheall go bhfuil siad ag daoine eile- b'fhéidir nach bhfeilfeadh siad do chorp ar chor ar bith. Tá sé seo tarlaithe domsa cúpla uair. Bheadh péire álainn ag duine de na cailíní nó mo dheirfiúracha agus ansin chuirfinn orm iad agus bheinn ag pléascadh amach astu. Tugann sé sin ar aghaidh mé go dtí an chéad tip eile nuair atá tú ag triáil jíons ort, má théann jíons ort go han éasca téigh síos tomhais. Is cuma má tá ort beagáinín do dhamhsa a dhéanamh isteach sna jíons, ach ag an am céanna níl tú ag iarraidh a bheith cosúil le Ross ar Friends nuair a bhí an treabhsar leathair air :) Ba cheart go mbeadh an básta 'snug' is é sin go mbeadh tú in ann do dhá mhéar a chur síos ar chúl an bhríste ach ní do lámh iomlán.

Féach thíos ar cúpla smaoineamh le do chulaith a bheith glam le péire jíons:



2. Sciorta Deinime 
I 2015 bhí sciortaí deinime chuile áit agus is iomaí bealach chun iad a chaitheamh. Tá daoine ann a chaitheann sciortaí deinime gearra agus ansin daoine eile nach maith leo iad ar chor ar bith. Ceapaim go bhfuil sciortaí deinim go hálainn le polo neck beag iontu agus buataisí beaga leo. Le píosa anuas áfach feicim sciortaí pencil deinime agus tá siad go hálainn freisin. Cúpla sampla thíos anseo dóibh:



 
 Ceannaigh Anseo                  Ceannaigh Anseo 
           
                                       Ceannaigh Anseo                                                        
Caithfidh mé a rá go bhfuil dathanna áille le fáil sna siopaí faoi láthair- buí, gorm, oráiste- dathanna na 70idí agus bheadh siad fíorálainn leis na sciortaí thuas, ach coinnigh simplí iad mar atá thuas! 

3. Séacéid Deinime 
Táim cinnte go raibh seaicéad deinime ag chuile dhuine le linn na 90idí. Bhí ceann agamsa agus buíochas le Dia nach raibh léithídí Snapchat thart sna 90idí ;)


Ar aon nós, seo thíos cúpla sampla do sheaicéid deinime atá an-fhaiseanta na laethanta seo: 

Ceann fada anseo- an-difriúil!       Tá sé seo ar mo Wishlist 
                  Ceannaigh Anseo                         Ceannaigh Anseo
 
                    Ceannaigh Anseo                  Ceannaigh Anseo

            Ceannaigh Anseo                          Ceannaigh Anseo

4. Léine Deinime 
Níl tada beo níos áisiúla i do vardrús ná léine deinime. Tá sé an-éasca iad a ghléasadh suas. Bíonn léinte deinime go hálainn le jíons bána nó dubha agus péire sáilí arda. Féach thíos ar chinn atá le fáil agus smaointe ar cén chaoi iad a chaitheamh. 







Uaireanta má chaitheann tú léinte taobh istigh do gheansaithe, ní bhreathnaíonn siad ceart, nó breathnaíonn sé ar nós go bhfuil an iomarca éadaí ort mar sin nuair a tháinig mé trasna ar seo bhí mé fíor-shásta. 

5. Gúna Deinime
Cheannaigh mé gúna álainn istigh i F&F cúpla bliain ó shin i Tesco. Níor íoc mé ar ach 15 ach tá sé go hálainn agus is minic a chaithim ar scoil é. Tá sé simplí agus is féidir é a ghléasadh suas le beilt nó seodra. Seo cúpla ceann atá feicthe agam le cúpla seachtain anuas.




Ceannaigh Anseo                                           Ceannaigh Anseo

Sin é uaimse a chairde. Ná déan dearmad gur iomaí bealach atá ann chun do chuid éadaigh a ghléasadh suas. Ní gá i gcónaí a dhul amach agus lán carr asail a cheannach. 

Seolaigí pictiúir againn do bhur gcuid jíons, 

Gearóidín xxxxxx

No comments:

Post a Comment