Friday, February 12, 2016

Taitneodh siad leat nó ná Taitneodh ach tá siad ar ais...An Pinafore :)

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil an pinafore ag teacht ar ais I bhfaisean arís.
Ar dtús ní raibh cliú agam cén chaoi ar mhothaigh mé faoi seo. Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar an gceann a bhí agam fhéin. Dath bán dearg agus liath a bhí air agus bhí mí ar nós coca féir istigh ann… fashion faux pas gan dabht.

Is I Marissa Carter an chéad duine a chonaic mise a gcaitheamh na laethanta seo. Nuair a bhí mé ag féachaint ar a cuid snaps, thug mé faoi deara é, ceann cineál marún a bhí uirthi. Bhí sé go hálainn uirthi agus gan ach top fada bán taobh istigh aici, cosúil lies an gceann seo thíos,
 
Ceannaigh Anseo
 
An rud is fearr fúthu seo ná go bhfuil siad chomh héasca. Tá siad foirfe do na laethanta sin a chaitheann tú ag seasamh os comhair do vadrús agus nach mbíonn tada ag léim amach agat.
 
Nuair a bhí a fhios agam go raibh an blag seo le scríobh agam thosaigh mé ag cuardach na siopaí éagsúla ar line agus WOW tá an oiread sin cinn le fail. Tá pinafores álainn le fáil ar Asos agus Missguided agus iad chomh simplí agus deas ag an am céanna.
Feicfidh sibh roinnt de na samplaí a chonaic mé thíos. Nach deas iad.
 
Is iomaí bealach ann chun iad seo a chaitheamh, ag brath arc é chomh daring is atá tú. Má fheileann an simsir is féidir iad a chaitheamh le crop top beag nó string top.


Ceannaigh Anseo
Le haimsir níos fuaire ansin is féidir top fada nó blouse a chaitheamh taobh istigh dóibh. Tá an dá stíl go deas agus mar a deir mé is rogha pearsanta é cén chaoi a gcaitheann tú an pinafore.
 
 
 
 
Tá cinn fada le fáil freisin ar nós an ceann seo ó Boohoo agus nach deas casual a bhreathnaíonn sé. Foirfe agus tú ag dul go dtí an phictiúrlann nó le haghaidh cupán caifé leis na ‘’girls’’.
 

Agus is cosuil go bhfuil an-tóir orthu I measc na stars freisin. Cúpla réalt á gcaitheamh.


 
Agus sula bhfágfaidh mé sibh aon duine agaibh nach bhfuil ar Pinterest téigí air go beo. Tá an t-uafás air, ní hamháin faisean ach chuile chineál rud. An chéad chúpla phictiúr thíos is pictiúir iad a chonaic mé ar Pinterest.
 
Bhuel a chairde roimh dheireadh na hoíche tá súil agam go mbeidh pinafore nó dhó ceannaithe agaibh daoibh féin mar tá sé tuillte go maith agaibh :) 
 
Ní bheidh sé I bhfad go mbeidh mé ar ais arís,
Grá mór
Aisling
xxx

No comments:

Post a Comment