Sunday, February 21, 2016

IKEA an fiú cuairt a thabhairt air?

Haigh glams,

Síofra anseo!! Ar dtús, tá brón orm, tá an blag seo cineálín deireanach.. bhí seachtain ghnóthach agam!!! Bhog mé féin agus Brian ar ais go dtí a theach féin. Bhí árasán deas beag againn in Orán Mór ach táimid ag sábháil don bhainis agus don mhorgáiste! Ní chreidim go bhfuilim ag an bpointe seo i mo shaol! Táim geallta agus ag smaoineamh faoi theach a thógáil!! Gach rud ráite..tá mé chomh exctied faoin todhchaí!

Táimid socruithe isteach anois ceapaim, tá go leor spáis againn i seomrea Brian ach níl a dhótháin stórála ann! So, thug mé féin agus Emma (deirfiúr Brian) cuairt ar IKEA an Déardaoin chun cúpla rud a phiocadh suas!

Ní raibh mé riamh ann ach chuala mé an t-uafás faoi! Is fiú cuairt a thabhairt air gach dabht!! Is féidir leat rudaí áille deasa a fháil ar phraghasanna ísle.



  





Tá na potaí sin an-úsáideach do mo scuabanna simidiú.. Is féidir liom gach rud a choinneál eagraithe agus glan leo!


Is aoibhinn liom na tarraiceáin seo.. Brimnes an t-ainm atá orthu! 78x124cm. €90


Agus táimid chun an vardrús seo a fháil darb ainm Brimnes freisin! Ní raibh aon spás againn sa charr so rachaimid go IKEA arís! Cosnaíonn sé €175 117 x 190cm

Chuir Brian na tarraiceáin go léir le chéile dúinne agus dúirt go raibh treoracha maithe leo

Bhuel, má thugann sibh cuairt ar IKEA seol cúpla snap chugainn!!

Grá mór,
Síofra xxx


No comments:

Post a Comment