Dia Dhaoibh Glams,
Bhuel mar a dúirt mé i mo bhlag deireanach, bhí an oiread le rá agam libh faoi Dubai, mar sin Fáilte romhaibh go dtí Dubai..cuid a dó!!
Sular thug mé aghaidh ar an tír ghleoite, bhí roinnt rudaí nach raibh ar eolas agam maidir leis an gcultúr, tá me chun an deis seo a thapú an t-eolas seo a roinnt ionas go mbeidh sibh níos eolaí ná mar a bhí mé féin agus sibh ag smaoineamh aghaidh a thabhairt uirthi.
Mná agus a gcuid éadaí!
Seo'd an deacracht ba mhó a bhí agam nuair a bhí mé ag pacáil don turas seo! Céard a thabharfainn liom? éadach thar an nglúin, sciortaí fada nó sciortaí gearra, geansaithe nó t-léinte, an ngléasfadh mé suas nó an ngléasadh mé síos! Is cultúr dhifrúil í an chultúr araibeach agus bhí mé beagánín neirbhíseach roimh réidh, ACH ní raibh gá ar bith leis!! Seo mar a bhí cuid de na rialacha maidir le héadaí agus cuid de na culaith a chaith mé féin!
Má bhíonn tú in áit phoiblí ba chóir duit do ghuaillí a chlúdú, feicfidh tú comharthaí sna hionad siopadóireachta ar nós an ceann seo;