Ó Glams!!!!! is deas suí síos
agus blag a scríobh agus sos intinne a fháil ó chúrsaí tithe, péint, úrláir,
leithris, soilse, doirse, fuinneoga, tiles.... agus d'fhéadfainn coinneáil
orm!!
D'inis mé daoibh i mo bhlag ag
tús na bliana go raibh teach á thógáil agam (yep mise ag tógáil tí) agus an
plean atá agam inniu ná roinnt smaointe agus ionspráide a thabhairt daoibh ó
thaobh cúrsaí tí.
Ar an gcéad dul síos mura bhfuil
sibh ar 'Pinterest, leag síos an fón
nó an ríomhaire, faigh d'fhón agus íoslódáil é ANOIS!!
Caithfidh mé a rá go bhfaighim an
t-uafás tips beaga ó seo agus is aoibhinn liom é. Is iomaí maidin a bhíonn néal
orm mar gheall gur chaith mé uaireanta an chloig ag scrolláil.
Ach wow tá an t-uafás i gceist le
tógáil tí, now ná ceap nach bhfuilim ag baint taitnimh as mar tá ach nuair atá
dhá chineál doras a thaitníonn leat agus ní féidir leat ach ceann a cheannach,
tá sé deacair.