Friday, December 4, 2015

Cuir an Glam i do Chulaith an Nollaig seo x

Cén chaoi a bhfuil sibh a chairde?

Bhuel tá an Nollaig ag fáil níos gaire agus níos gaire, go bhfóire Dia orainn agus gan tada déanta agam fós! Aon uair a bhuaileann fonn siopadóireachta mé, is dom féin a théim ag ceannach!

Ar aon nós....

Cúpla smaoineamh agam thíos díobh ar cén chaoi ar féidir linn ár gcuid feistis a bheith 'glam' an séasúr seo.  Mar atá a fhios ag go leor daoine fúmsa, is breá liom mo chuid slabhraí. Is féidir leo cur le haon chulaith, ó t-léine simplí bán go gúna beag dubh, is féidir iad a ghléasadh suas le slabhra. Rud amháin a dhéarfainn libh, ná, má tá tú ag ceannach slabhra, ceannaigh ceann a ghabhfas le cúpla culaith!

Seo cúpla ceann atá agamsa, cruinnithe le chéile thar na mblianta!






An rud a chaithfidh daoine cuimhiú air ná gur féidir le 'Statement Necklace' an t-uafás a dhéanamh do do chulaith! Féach ar na samplaí seo: 












Seo cúpla ceann deas a bheadh go hálainn don Nollaig: 

Cliceáil Anseo                                      Cliceáil Anseo
Cliceáil Anseo                              Cliceáil Anseo
Cliceáil Anseo                                          Cliceáil Anseo

Cliceáil Anseo                            Cliceáil Anseo




Cliceáil Anseo                                Cliceáil Anseo


Ná déanaigí dearmad áfach, má tá tú chun rud éigin mar seo a chaitheamh, coinnigh simplí é, ná cur mórán seodra eile ort féin nó d'fhéadfá a bheith i do chrann Nollag ;) 

Bhuel tá súil agam go gcabhróidh sé seo libh...Tá's agam nach chuile dhuine a bhíonn an muinín acu slabhraí móra a chaitheamh, agus muna bhfuil, coinnigh simplí é, agus b'fhéidir caith ceann atá beagáinín fada! 

Sin é uaimse,


Gearóidín xxx

No comments:

Post a Comment