Saturday, April 9, 2016

Róthe do na Buaitaisí Móra agus Rófhuar do na sandals....

Haigh a Ghlams,

Bhuel tá an chéad tseachtain ar ais curthe din again agus caithfidh mé a rá ní raibh sé ró-dhona. Tá méthar a bheith sásta anois agus mé ar ais i routine.  Chabhraigh gile an lae leis sin freisin cheapfainn, tá muid ag dul ar scoil agus an lá geal agus muid ag teacht abhaile agus é fós geal, déanann sé an t-uafás difríochta.
Tá blag na seachtaine seo ar na ‘wedge trainers’. Agud muid ag déanamh isteach ar an samhradh anois, is gearr go mbeidh na buaitaisí móra á gcaitheamh go leataobh (tá súil agam) go ceann cúpla mí. Ach breathnaigh ar na cinn áille a chonaic mé:



Cé nach bhfuil an samhradh i bhfad uainn , fós tá sé beagán ró-fhuar na wedges agus na sandals a tharraingt amach agus mar sin seo hiad an rogha is fearr idir an dá linn.
Cheannaigh méfhéin péire acu an samhradh seo caite, chonaic mé ar an suímh willow.ie iad. Cinn álainn ór agus fuair mé ar leathphraghas iad, ní fhéadfainn iad a fhágáil i mo dhiaidh, seo pictiúr dóibh thíos(tá said agam le bliain agus iad caite go maith agam.)



Tá a fhios agaibh uilig cé chomh tógtha le River Island atá na Glams. Is aoibhinn linn é agus tá an t-uafás éadaí agus bróga againn ón siopa, é sin ráite, is é an cnaipe SALE, an cara is fearr atá againn. Ach an pointe atá agam ná gur cheannaigh Gearóidín péire Wedges (thíos) ó River Isalnd agus nach álainn iad, ach níl said compórdach. Chaith sí uair amháin iad agus beidh drogall uirthi iad a chaitheamh arís.  Pointe an scéil, déan cinnte do dtriáileann tú ort iad.

River Island
Ach ar an lámh eile ansin, cheannaigh Roseann péire (Thíos) ón mbranda Amy Huberman. Agus níl ort ach an focal Amy Huberman a luaigh agus feiceann tú a cuid súile ag méadú. D’inseodh Roseann í féin duit cé chomh compórdach is atá said agus caitheann sí go minic iad. Tá said beagán níos daoire ach is léir go gcosnaíonn compórd.


Níl mórán eile le rá anois agam. Fágfaidh mé sibh le cúpla pictiúr eile de na bróga áille seo atá foirfe den tréímhse roimh an tsamhraidh. (Agus tugann siad beagán airde duit, gan an fhulaingt!!)


Bhfuil péire acu agat ?? Cuir snapchat chugam (@gaeilgeleglam)
Grá,

Aisling
xxx

No comments:

Post a Comment