Saturday, March 5, 2016

Gúnaí gan guaillí ó ASOS!

Hello glams, Síofra anseo! Cén chaoi a bhfuil sibh?

Ní chreidim gur thosaigh mí an mhárta cheana féin.. beidh saoire na cásca againn i gceann tamaillín!! Agus táim ag tnúth leis!

So don bhlag seo táim chun gúnaí gan guaillí a thaispeaint daoibh! Tá bainis agam i mí Aibreán agus beidh orm gúna nua a fháil dó.. agus nílim ag gearán faoi sin!!  Thosaigh mé mo shiopadóireacht ar líne agus is cosúil gur iad na gúnaí gan guallí ceann de na trends is mó don earrach. Bhí siad feicithe ar na catwalks go léir ag Givenchy, Jason Wu agus Derek Lam!

Anois, ní cheapaim go mbeinn in ann iad a chaitheamh mar (silím féin ar aon nós) go bhfuil guaillí an-leathan agamsa! Ach, táim chun triail a bhaint astu agus, ní fios, b'fhéidir go mbeadh ionadh orm!!



So seo hiad na cinn is deise ar ASOS i mo thuairim féin!!






                                 


                            

                         


Bhuel tá na gúnaí seo go léir ar fáil ar ASOS.com agus tá go leor gúnaí eile ann freisin!

Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an siopadóireacht!


Síofra xxx


No comments:

Post a Comment