Saturday, November 28, 2015

Bróga na Nollag! 'Dancing Queen'

I


Helloooo a chairde ghlam, Síofra anseo arís!

Mar is eol daoibh, táim i ngrá agus cineál gafa le gach sórt bróige go háirithe na cinn áille agus arda. Breathnaím i bhfad níos fearr agus níos proifisiúnta nuair atáim ag caitheamh bróga le hardchaighdeán agus le stíl mhaith ag baint leo.

Má chonaic tú ár mír ar Chlár Roisín ar TG4, chuimhneofá go bhfuil siopa bróga ag mo dhaid agus go bhfuilim i gcónaí  ag ordú bróga nua agus á gceannach! Tá grá ollmhór agam do bhróga agus ní ón ngrian ná ón ngealach a fuair mé an grá aeo. So shocraigh mé blag a scríobh daoibh ar na bróga is fearr liomsa faoi láthair! 

Tá súil agam go mbainfidh sibh taithneamh as an mblag agus b'fhéidir go mbeadh sibh ag tnúth le píosa siopadóireachta a dhéanamh i rith na deireadh seachtaine seo!!

An chéad phéire atá piocaithe agam ná na cinne seo ó Missguided.eu. Bíonn sé an-deacair bróga dúghorma a fháil agus ceapaim go mbeadh an péire seo an-úsáideach agus classy don gheimhreadh le skinnies denim, sciorta nó gúna fiú!!



Is aoibhinn liom na cinn seo ó Kurt Geiger atá ar fáil ar kurt geiger.ie - Ghléasfaidís péire dubh skinnies go héasca! Tá siad beagáinín níos daoire ná na cinn eile ach mar a deir an seanfhocal Ní mhaireann aon rud ach seal! So, a chailíní bainigí sult as bhur saolta agus caith bhur gcuid airgid inniu!!





ANOIS, féach ar na beauties seo ó River Island! Is aoibhinn liom iad.. ní chaithim go leor 'leopard print' ar chor ar bith ach is aoibhinn liom an print sin ar bhróga! Ceapaim go mbreathnaíonn sé an-classy nuair atá sé déanta agus caite i gceart! 




Is aoibhinn liom an dath seo - burgundy. Phioc Aisling cúpla gúna dubh daoibh agus bheadh na bróga seo an-deas leo!! Is dath álainn é don Gheimhreadh freisin!!



Agus ar deireadh, tá na cinn sin an deas ar fad agus is féidir leat iad a chaitheamh i rith an gheimhridh agus i rith an tsamhraidh freisin!






Tá súil agam go bhfuair sibh cúpla leid uaim théis an blag seo a léamh!

Grá mór,

Síofra xxx








No comments:

Post a Comment