Showing posts with label Áilleacht. Show all posts
Showing posts with label Áilleacht. Show all posts

Sunday, April 24, 2016

Stila Vs Estee Lauder

Dia daoibh a chairde, 

Tá súil agam go bhfuil sibh ar fad go maith. Má leanann sibh ar Snapchat muid, is dócha go bhfaca sibh go raibh muid ag oíche le Stila i gCnoc na Cathrach, Dé hAoine seo caite. 

Tá mise ag caitheamh an foundation céanna (Estee Lauder Double Wear Light) le blianta fada agus is cuma cé mhéad uair a athraíonn mé uaidh, bíonn aiféala orm agus ní fada arís go mbím ar ais chuige arís. Deirtear liom i gcónaí go bhfuil sé fíor-dhona ag craiceann atá tirim, rud atá agamsa agus nár cheart dom é a úsáid mar go dtriomaíonn sé amach an craiceann. Is dócha go bhfuil sé an-oiriúnach do chraiceann a bhíonn beagáinín ola ann. Ar aon nós caitheann mise é agus tá línte chuile áit agam, faoi mo chuid súile agus ar mo bhaithis ach go háirithe.
So aréir nuair a bhíomar ag an ócáid Stila dúirt na cailíní álainn a bhí ag obair istigh ann go raibh foundation acu 'Stay All Day' agus go raibh sé fíor-chosúil leis an Double Wear! Chomh maith leis sin, ba le Estee Lauder an comhlacht Stila ar feadh píosa freisin. 

Thursday, April 14, 2016

Mo mhála beag draoíochta!

Hello glams.. Síofra anseo!

Don bhlag seo ba mhaith liom na tairgí atá i mo mhála smidiú a roinnt libh! 
Is aoibhinn liom smidiú. Nílim go han-mhaith ag 'contouring' nó 'baking' nó aon rud mar sin ach taitníonn smidiú agus cúrsaí áilleachta go mór liom.




An chéad rud a chuirim ar m'aghaidh tar éis mo moisturiser ná mo SPF. Tá sé riachtanach go n-úsáidtear SPF gach uile lá fiú sa Gheimhreadh. Úsáidim an ceann seo ó Jan Mairini - labhair mé faoin táirge iontach seo cheana ach caithfidh mé a rá nach bhfágaim an teach gan é! Ceannaím é in The Beauty Quarters in Oran Mór i nGaillimh. 

 

Wednesday, March 16, 2016

20 táirge áilleachta faoi 20

Hello Glams,

Tá blag na seachtaine seo bunaithe ar tháirgí saora. Tá sé deacair na laethanta seo fios a bheith agat céard le ceannach agus an méid sin daoine amuigh ansin ag rá ceannaigh é seo is é siúd agus ansin caitheann tú lán laidhre ar rud eicínt agus ní maith leat é ar chor ar bith!

Le cúpla bliain anuas ní cheannaímse na palettes is déanaí nó an smideadh is costasaí (cé go gcaithim Estée Lauder chuile lá), is maith liom rudaí a thriail amach, ó thaobh lipsticks agus eyeshadows di, agus ansin má cheapaim go mbeadh suim agam rud éicínt a dhéanamh ar nós an contouring nó rud éicínt seans go gceannóidh mé táirge níos costasaí. É sin ráite is minic nach iad na rudaí is costasaí na cinn is fearr! Thíos anseo mar sin tá cúpla táirge a bhfuil úsáid bainte agam astu:

Don chraiceann:

1. Tá 'crows feet' fíordhona agamsa, agus ceapaim mar go mbím ag cur straoiseanna aisteacha orm féin. Mar sin le déanaí thosaigh mé á úsáid seo. Tá sé cloiste agam go bhfuil vitamín E iontach don chraiceann. Tá sé seo le fáil sa 'Body Shop' ar 9.90.


2. Cúpla mí ó shin bhí mo chraiceann chomh tirim le leathair agus chuaigh mé isteach agus cheannaigh mé an Moisturizer seo ó La Roche Posse. An rud is fearr liom faoi ná go dtriomaíonn sé isteach i do chraiceann  an-sciobtha mar sin ní gá duit a bheith ag fanacht le píosa fada sula gcuireann tú ort do chuid smideadh. 
                                  Le fáil anseo ar € 17.59 

3. Má chuireann spotaí as do dhaoine, níl ach táirge amháin ag teastáil uaibh agus sin Sudocream. Uaireanta faigheann mise spota nó dhó agus ní gá dom ach beagáinín Sudocream a chuir air agus mé ag dul a chodladh san oíche agus oibríonn sé iontach. Is é an rud is tábhachtaí ná gan an iomarca a úsáid! 

Monday, February 29, 2016

Aisling agus an Smidiú- cogadh marfach :)

Dia dhaoibh a ghlams, tá súil agam go bhfuil sibh go maith agus a mhúinteoirí agus a dhaltaí tá súil agam go raibh sos deas agaibh an tseachtain seo caite.


Tá blag na seachtaine seo thar a bheith spéisúil domsa mar an t-ábhar atá agam ná smidiú. Gan aon dabht tá Roseann, Síofra agus Gearóidín i bhfad níos eolaí nuair a thagann sé ag smidiú. Tá an oiread cainte cloiste agam ar 'contour', ar 'palettes', ar 'HD brows' agus chuile shórt mar sin agus le bheith fírineach libh, níl clue dá laghad agam. Breathnaigh thíos na táirgí a gheobhaidh sibh i 'mo mhála smidiú'.


An bhféadfadh mo mhála a bheith níos bunúsaí?? Ní cheapfainn é. ACH!!!!!!! Fan go gcloisfidh sibh é seo!! Rinne mé fhéin agus mo chuid Glams cúrsa smidiú le 'Inglot' I nGaillimh inné ón 12-5 agus tá mé i mo phro anois. 





Wednesday, February 3, 2016

Ár gCraiceann - is fiú é a chosaint!

Hello glams,

Síofra anseo arís agus don uair seo táim ag scríobh blag ar chúrsaí craicinn agus ar na tairgí craicinn a úsáidim féin! Tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an mblag ach go háirithe go bhfaighidh sibh tips uaim!

Ina iomlán, is féidir le mo chraiceann a bheith foirfe scaití..... ach uaireanta eile ansin, is féidir leis a bheith an-dona ar fad! Cabhraíonn an ghrian le 'glow' beag a thabhairt dúinn, teastaíonn an Vitamin D uaim gan dabht!


Is iomaí táirge ar an margadh faoi láthair a dhéanann an rud céanna, ach caithfidh tú a bheith cineál 'choosey' nuair atá tú ag piocadh an táirge is fearr duitse! Ní chaithfidh tú na táirgí is costasaí a cheannach ach, caithfidh mé a rá is iad na cinn seo na cinn is fearr. Tagann an caighdeán leis an bpraghas!

Wednesday, October 21, 2015

Gruaig Ghlam don Gheimhreadh :)

Tá mé ar ais arís a chairde agus ábhar na seachtaine seo ná do chuid gruaige. Dúirt mé sa mblag roimhe seo gur aoibhinn liom an t-am seo den bhliain agus is aoibhinn. Ach anois leis an aimsir ag athrú agus chuile shórt eile, bíonn an- tionchar aice seo ar do chuid gruaige. Aon duine a bhfuil aithne acu orm, beidh a fhios agaibh gur bhearr mé mo chuid gruaige mí Lúnasa seo caite. Bhí sí leath-bealaí síos mo dhroim agus thug mé an chop di, bheartaigh mé dul leis an 'bob style'. Bhí cineál aiféala orm ar dtús ach tuigim gur theastaigh sé uaithi. Thíos feicfeidh sibh mo stíl gruaige nua. Mura duine tú a bhfuil an t-ádh dearg leat agus go bhfuil gruaig álainn, shláintiúil agat, caithfidh tú am agus airgead a chaitheamh le do ghruaig. 

An chéad rud ná déan cinnte go bhfuil scuab gruaige ceart á úsáid agat. An scuab nó raca a úsaideann tú le haghaidh í a chíoradh, ní hé an ceann a bheidh agat le haghaigh í a thriomú agus mar sin de. Feicfidh sibh samplaí thíos de na cinn a chonaic mé agus arís cinn le haghaidh gruaig a chíoradh agus cinn le haghaidh í a thriomú.

Is iondúil a roghnaíonn muid seampú agus feabhsaitheoir de bharr go bhfuil dath deas ar an mbuidéal nó go mbíonn boladh deas uathu. Cuma cé chomh deas is atá an boladh, tá seans ann nach bhfuil sé ag déanamh aon mhaitheasa do do ghruaig. Séard atá a rá agam ná déan cinnte go dtéann tú ag do ghruaigaire agus go bhfaigheann tú seampú agus feabhsaitheoir a fheileann don chineál gruaige atá ort. An seampú agus feabhsaitheoir atá á

Wednesday, October 14, 2015

Mo chéad Makeup Masterclass le Rosie Connolly

Haigh a chairde,


Iad siúd a bhfuil aithne agaibh orm beidh a fhios agaibh nach 'makeup guru' mé ar chor ar bith agus is fíor bheagán smidiú a chaithim ó lá go lá ach, sin ráite is breá liom iarracht a chur isteach i bpéinteáil m'éadan nuair atá mé ag dul áit eicint ar nós cóisir nó bainis! Níl mórán scile agam ann chun an fhírinne a rá ach creidim go dtiocfaidh na scileanna seo le cleachtadh nó le haois (níl a s'agam cé acu a thiocfaidh ar dtús - cleachtadh tá súil agam!!!!)


Seans go bhfaca cuid agaibh gur chas mé le Rosie Connolly an deireadh seachtaine seo caite i mBaile Átha Cliath agus is as sin a fuair me ábhar an bhlag daoibh inniu.  Bhí an ocáid eagraithe ag Cloud 10 Beauty agus ba í Rosie an t-ealaíntóir smididh agus blagálaí Hearts, Heels and Handbags a chur an ócáid i láthair dúinn. Nach mé a bhí sásta a bheith ann mar ba é seo an chéad chéim dom mo chuid scileanna a fhorbairt!!!!!




Shroich muid óstán an Morgan ag a 12 áit a raibh lón againn agus ina dhiaidh sin bhí an 'champagne reception', ní raibh sé i bhfad go raibh muid réidh chun tús a chur leis an rang.  Bhí muid ar mhuin na muice nuair a shuí muid síos agus d'oscail muid na 'Goodie bags' a bhí curtha le chéile ag Cloud 10 beauty dúinn;






Wednesday, September 16, 2015

Glam Glow- An fiú an t-airgead é???




Bhí an t-uafás cainte cloiste agam faoin táirge áilleachta seo agus gur fhág sé mé gan aon rogha ach triáil a bhaint as. Le bheith fírinneach faoi ní duine mé a bhfuil mo chraiceann ró-dhona ach ag an am céanna níl mé ag fáil níos óige agus mar sin táim coinsiasach faoi mo chuid craicinn.

Ionas nach mbeinn bánaí shocraigh mé féin agus mo dheirfiúr Lorraine Glam Glow an duine a cheannacht(in ionad péire a cheannach mé féin) Cheannaigh mise ‘Youth Mud Tingle Exfoliate’ do d’éadán agus do mhuinéal agus cheannaigh Lorraine ‘Glam Glow Bright Eye Treatment’, atá feiliúnach do na súile.

Má tá sibh tada cosúil liomsa, tógann sé achar ama orm fáil ar ais sa ‘routine’ tar éis saoire an tsamhraidh. Tá deireadh leis na hoícheanta go maidin agus, gan foláireamh, tá tú ar ais ag éirí ag a seacht nó leath-uair théis a seacht chuile mhaidin.

Thug mé fhéin ansin faoi deara go raibh málaí faoi mo chuid súile. An easpa codladh a bhí i gceist nó an ‘shock to the system’ a bhí ann?’ Deabhal a fhios agam. Bhí sé ar nós freisin go raibh mo chraiceann an- tirim agus go raibh aire ag teastáil uaidh.


Bhain mé triáil ar dtús as an ‘Youth Mud Tingle Exfoliate’. Ar bhosca an táirge seo deir sé go bhfuil seacht masc déag ann agus ar bhealach ní mhór go mbeadh mar go bhfuil €56 ar bhosca dó. (http://www.beautyfeatures.ie/)