Wednesday, February 3, 2016

Ár gCraiceann - is fiú é a chosaint!

Hello glams,

Síofra anseo arís agus don uair seo táim ag scríobh blag ar chúrsaí craicinn agus ar na tairgí craicinn a úsáidim féin! Tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an mblag ach go háirithe go bhfaighidh sibh tips uaim!

Ina iomlán, is féidir le mo chraiceann a bheith foirfe scaití..... ach uaireanta eile ansin, is féidir leis a bheith an-dona ar fad! Cabhraíonn an ghrian le 'glow' beag a thabhairt dúinn, teastaíonn an Vitamin D uaim gan dabht!


Is iomaí táirge ar an margadh faoi láthair a dhéanann an rud céanna, ach caithfidh tú a bheith cineál 'choosey' nuair atá tú ag piocadh an táirge is fearr duitse! Ní chaithfidh tú na táirgí is costasaí a cheannach ach, caithfidh mé a rá is iad na cinn seo na cinn is fearr. Tagann an caighdeán leis an bpraghas!


Chun píosa eolais a thabhairt daoibh fúmsa, fulaingím ó acne. Níl sé ródhona faoi láthair mar tá na tairgí ag obair ach is féidir leis a bheith an-dóna ar fad.

Nuair a bhí mé níos óige bhínn ag snámh sé lá sa tseachtain,ar maidin agus sa tráthnóna agus bhí spotaí an-dona orm, ar m'éadan, ar mo chliabhrach agus ar mo dhroim. Ní raibh muinín ar bith agam ionam féin. Bhí gach duine in ann na spotaí a fheiceáil agus mar gheall go raibh togs orm sé lá sa tseachtain ní raibh mé in ann na spotaí a chlúdach!

Rinne mo mham a dícheall dom agus thosaigh mé ar thaibléidí ón dochtúir darb ainm Tetraylsal. D'oibrigh siad go deimhin ach tháinig siad ar ais nuair a bhí an cúrsa críochnaithe. Is fíor a rá go bhfuilim ag streachailt le mo chraiceann ón gcéad bhliain ar scoil!! Agus, an rud is measa faoi, ná is féidir leis a bheith foirfe, gan aon spota le feiceáil ach ansin thar oíche b'fhéidir, d'athródh mo chraiceann arís, agus na táirgí a bhí agam, ní raibh siad feiliúnach.

D'oibrigh mé i gcógaslann ar feadh cúig bliana agus mé ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe. D'fhoglaim mé an t-uafás faoi chúrsaí craicinn agus faoi na táirgí éagsúla a bhí á ndíol acu sa chógaslann. Agus ar ndóigh, bhain mé triail as chuile chineál cream agus toner, ba cheart go mbeadh scaireanna agam in La Roche Posay! Ach, anois, tá an t-ádh liom mar tá an t-uafás eolais agam faoi na tairgí is coitianta ar an margadh!

Tá Dermalogica, Vichy, La Roche Posay, Roc, Clinique agus Neostrata tástáilte agam agus is fíor a rá go bhfuil comhábhair maithe iontu. Le déanaí bhain mé triail as Skin Ceuticalas agus tá sé thar cionn!

Ach, an brand is fearr faoi láthair i mo thuairimise ná Jan Marini Skin Research. Ceannaím iad sa Beauty Quarters in Oran Mór, Co. na Gaillimhe. Gan amhras,tá siad costasach ach oibríonn siad!

Is féidir leis a bheith chomh glan seo agus chomh dona seo freisin! :-/


     


Tairgí craicinn a úsáidim ó Jan Marini -

Bioglycolic Face Cleanser


Is cleanser iontach é seo, glanann sé agus scamhann (exfoliates) do chraiceann ag an am céanna. Is féidir leat é a úsáid go laethúil!
                                                                         
C-ESTA Serum


Is séiream iontach é seo. Is 'antioxidant' é lán le Vitimín C agus cabhraíonn sé chun an craiceann a ardú agus a theannadh! Ina theannta sin, is féidir le Séiream Vitimín C táirgeacht collaigine a spreagadh inár gcraiceann - agus ní bheinn míshásta le níos mó collaigine. Is maith liom uigeacht an séirim seo chomh maith níl sé 'sticky' cosúil le cúpla de na séirim eile a bhain mé triail astu!

Biolgycolic Bioclear Lotion




Is comhcheangal é seo de Glycolic, Salicylic agus Azeliac acid. Le chéile feabhsaíonn siad uigeacht an chraicinn chun craiceann níos soiléire, níos óige agus níos slim a chothú!

Tá sé iontach do dhaoine a fhaigheann spotaí (cosúil liomsa) mar scriosann sé an t-ola ach ní éiríonn do chraiceann rothirim. Ina theannta sin - Oibríonn an trí rud le chéile chun do chraiceann a chosaint ó frithrochtaí.


Marini Physical Protectant SPF 45



Má úsáideann tú Glycolic ar do chraiceann bá chóir go n-úsáideann tú SPF gach lá. Is aoibhinn liom an ceann seo ó Jan Marini mar tá dath beag ann agus tugann sé cineál 'glow' duit freisin!

Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as an mblag seo agus go dtuigeann sibh an tábhacht a bhaineann le cúrsaí craicinn.

Agus mar fhocal scoir, ná téigh i do chodladh le smidiú ar d'aghaidh. Níl aon rud níos measa ná smidiú a fhágáil ar do chraiceann thar oíche.

Má tá aon tuairim agaibh, nó aon cheist fiú! Seol ríomhphoist chugainn - gaeilgeleglam@gmail.com



Síofra xxx









No comments:

Post a Comment