Wednesday, September 16, 2015

Glam Glow- An fiú an t-airgead é???




Bhí an t-uafás cainte cloiste agam faoin táirge áilleachta seo agus gur fhág sé mé gan aon rogha ach triáil a bhaint as. Le bheith fírinneach faoi ní duine mé a bhfuil mo chraiceann ró-dhona ach ag an am céanna níl mé ag fáil níos óige agus mar sin táim coinsiasach faoi mo chuid craicinn.

Ionas nach mbeinn bánaí shocraigh mé féin agus mo dheirfiúr Lorraine Glam Glow an duine a cheannacht(in ionad péire a cheannach mé féin) Cheannaigh mise ‘Youth Mud Tingle Exfoliate’ do d’éadán agus do mhuinéal agus cheannaigh Lorraine ‘Glam Glow Bright Eye Treatment’, atá feiliúnach do na súile.

Má tá sibh tada cosúil liomsa, tógann sé achar ama orm fáil ar ais sa ‘routine’ tar éis saoire an tsamhraidh. Tá deireadh leis na hoícheanta go maidin agus, gan foláireamh, tá tú ar ais ag éirí ag a seacht nó leath-uair théis a seacht chuile mhaidin.

Thug mé fhéin ansin faoi deara go raibh málaí faoi mo chuid súile. An easpa codladh a bhí i gceist nó an ‘shock to the system’ a bhí ann?’ Deabhal a fhios agam. Bhí sé ar nós freisin go raibh mo chraiceann an- tirim agus go raibh aire ag teastáil uaidh.


Bhain mé triáil ar dtús as an ‘Youth Mud Tingle Exfoliate’. Ar bhosca an táirge seo deir sé go bhfuil seacht masc déag ann agus ar bhealach ní mhór go mbeadh mar go bhfuil €56 ar bhosca dó. (http://www.beautyfeatures.ie/)


An chéad chéim ná go ndearna mé cinnte nach raibh aon smidiú orm agsu go raibh m’éadan glanta go maith agus tirim. Chuir mé orm ansin é, ar m’éadan uilig agus beagán ar mo mhuinéal. Mhothaigh sé aisteach ar dtús mar go raibh píosaí duilleoga tae istigh ann. Ni raibh sé i bhfad ar bith orm nuair a thosaigh sé ag fáisceadh ar m’éadan. D’fhág mé orm é thart ar chúig noiméad déag, chúig noiméad le cos an deich noiméad atá molta acu.

Á bhaint díom ansin níor úsáid mé ach uisce, fuair mé beagán éadaigh agus thosaigh mé ag scrubbáil. Tháinig sé díom chomh héasca agus ní ag magadh atáim nuair a deirim go raibh mo chraiceann chomh bog le tóin pháiste- ní haon aibhléis é seo. Bhí sé ar nós go raibh mé théis siúl amach as beauty salon. An molfainn é seo? Gan dabht ar bith, bhí sé iontach. Thug mé faoi deara freisin an lá dar gcionn gur shuigh mo smidiú ar m’éadan níos fearr.

An dara táirge ansin, Glam Glow Bright Eye Treatment’ ní raibh mé chomh tógtha céanna leis.



Ní raibh ann ach 10 application—ní fhéadfainn a rá go bhfuil tú ag fáil luach d’airgid leis seo. Chomh maith leis sin, ní fhaca mé mórán de dhifríocht idir mo chuid súile tar éis dom é a úsáid.


Leis an táirge áirithe seo, is é go bhfuil deich bpaicéad beag istigh sa bhosca agus lotion don dá shúl ann. Cuireann tú faoi do chuid súile é agus ní fhágann tú ort é ach ar feadh 3 noiméad. Moltar gan an ceann seo a fhágáil ort níos faide ná sin agus níor fhág.

Go bunúsach séard atá a rá agam, tar éis dom na táirgí seo a úsáid orm féin, dá mbeifeá ag smaoineamh ar cheachtar acu seo a cheannach, mholfainn an ‘Youth Mud Tingle Exfoliate’. Cé go bhfuil sé costasach go leor, an rud a dúirt mise liom fhéin ná dá rachainn ag beauty salon, d’íocfainn €50 ar facial  agus ar laghad leis seo, tá seacht masc déag ann. I mo thuairimse sin margadh.

Bhuel sin iad mo chéad tháirgí a bhain mé triáil astu do Ghaeilge le Glam.

Sula gcríochnóidh mé caithfidh mé a rá, tá cineálacha craicinn difriúla againn uilig agus mar sin an rud a d’fheilfeadh domsa, b’fhéidir nach bhfeilfeadh sé duitse.
Slán,

Aisling X


No comments:

Post a Comment