Wednesday, October 14, 2015

Mo chéad Makeup Masterclass le Rosie Connolly

Haigh a chairde,


Iad siúd a bhfuil aithne agaibh orm beidh a fhios agaibh nach 'makeup guru' mé ar chor ar bith agus is fíor bheagán smidiú a chaithim ó lá go lá ach, sin ráite is breá liom iarracht a chur isteach i bpéinteáil m'éadan nuair atá mé ag dul áit eicint ar nós cóisir nó bainis! Níl mórán scile agam ann chun an fhírinne a rá ach creidim go dtiocfaidh na scileanna seo le cleachtadh nó le haois (níl a s'agam cé acu a thiocfaidh ar dtús - cleachtadh tá súil agam!!!!)


Seans go bhfaca cuid agaibh gur chas mé le Rosie Connolly an deireadh seachtaine seo caite i mBaile Átha Cliath agus is as sin a fuair me ábhar an bhlag daoibh inniu.  Bhí an ocáid eagraithe ag Cloud 10 Beauty agus ba í Rosie an t-ealaíntóir smididh agus blagálaí Hearts, Heels and Handbags a chur an ócáid i láthair dúinn. Nach mé a bhí sásta a bheith ann mar ba é seo an chéad chéim dom mo chuid scileanna a fhorbairt!!!!!




Shroich muid óstán an Morgan ag a 12 áit a raibh lón againn agus ina dhiaidh sin bhí an 'champagne reception', ní raibh sé i bhfad go raibh muid réidh chun tús a chur leis an rang.  Bhí muid ar mhuin na muice nuair a shuí muid síos agus d'oscail muid na 'Goodie bags' a bhí curtha le chéile ag Cloud 10 beauty dúinn;







Chuir Rosie i féin in aithne ar dtús agus ansin roghnaíodh duine den lucht féachana chun a smidiú a dhéanamh, nach mé a bhí díomach nach m'ainm féin a glaodh :-( 

Seo cuid de na táirgí agus nodanna a roinn Rosie linn fad is a bhí sí ag cur smideadh ar an 'lucky lady'.

 
Nip + Fab
Is branda é seo atá ar fáil i 'Boots' agus ANOIS i bPenneys.  Tá sé seo iontach ar fad chun an craiceann a ghlanadh roimh smidiú a chuir ort.  Tá réimse leathan táirgí ar fáil sa bhranda seo níl siad ró-chostasach.


Bioderma 
Is 'cleansing water' é seo ar nós an ceann "Garnier Micellar Water" atá ar fáil faoi 5euro (seo'd an ceann a usáidim féin as Penneys).  Inné luaigh Rosie an branda Bioderma, tá an  t-uisce seo go maith dóibh siúd a bhfuil craiceann 'sensitive' acu.  Má usáideann aon duine agaibh é seo ba bhreá liom cloisteáil uaibh????




Anois....An Smidiú
Thosaigh sí le 'foundation', is rud pearsanta é seo agus is fiú trial a bhaint as cúpla ceann difriúil chun an ceann is fearr do do chraiceann a fháil.Tá mé féin ag usáid an Éstee Lauder Double Wear Light le roinnt blianta ní dóigh liom go n-athróinn é seo ar ór ná ar airgead :-)

 
An rud is mo a sheas amach dom anseo ná an concealer ó 'Amazing Cosmetics'.  Tá an diabhal ceart orm agus ní usáidim concealer riamh.  An deacracht ba mhó a bhí agam leis seo ná an dath a roghnú agus moladh an lae faoi a tugadh dúinn ná an dath is gile do do chraiceann a aimsiú.  


D'ordaigh mé an dath 01 "Amazing Cosmetics, Amazing Concealer" ó Cloud 10 Beauty! Bígí ag faire amach do níos mó eolais faoi seo :) 



An píosa den smidiú is deacra dom i gconaí ná na súile, go hiondúil bíonn an eyeliner ró-thiúbh agus críochnaíonn an mascara faoi mo shúile.  Bím ag brath ar mo chairde cabhrú liom leis seo go hiondúil.  Bhí mé sásta nuair a dúirt Rosie gur cleachtadh a dhéanann máistreacht leis seo.  Is iad na scuaib Blank Canvas a bhí in usáid do na súile.  Tá siad seo ag Géaroidín freisin agus is breá liom iad!!! Beidh siad seo go cinnte  ar mo liosta do Dhaidí na Nollag!!  

 
Seo'd cúpla tip a thug sí;


1. Ná cuir an iomarca púdar dorcha gar do chúinne an tsúl, déanfaidh sé seo na súile I bhfad níos lú. Measc na dathanna chun an dath is fearr duitse a aimsiú.
2. Coinnigh an 'eyeliner' tanaí an t-am ar fad le beagáinín do 'curl' ag an deireadh.  
3. Ná déan dearmad ar an MASCARA!! 
4.  Usáideann sí peann do na maillí agus ó am go chéile usáideann sí eyeshadows freisin má thaithníonn an dath léi. 

 
An bhfuil an deacracht céanna agaibh is a bhíonn agam féin an dá súil a bheith mar a chéile; i bhfocail Rosie "their sisters not twins" :-)





Nuair a bhíonn na súile déanta is féidir ansin díriú isteach ar an éadan arís.  Seo'd an chuid is mo a bhí suim agam féin ann mar cloistear an t-úafas sa lá atá inniu ann faoi 'contouring' agus anois 'baking' níl mé ag caint faoin mbácáil a bhíonn ar siúl agam sa seomra ranga, ach a mhalairt is modh é seo chun aird a tharraingt ar pháirteanna éagsúla do d'éadan.





An tip is mó a fuair mé maidir leis na teicnicí seo ná gan dul thar fóir leo agus tá an toradh céanna acu ar fad is cuma cén modh a úsáideann tú.  Moladh contouring a dhéanamh ar an áit is mó atá tú ag iarraidh aird a tharraingt air mar shampla os cionn na liopaí, ar do bhaithis agus ar do leicne.

 
Is féidir a bheith sách adventurous leis an 'Lippy' rud atá deas a chloisteáil, déan cinnte go dtógann tú san áireamh an t-éadach atá á chaitheamh agus an ócáid atá tú ag freastal air. Déan cinnte nach gcaitheann tú dath a dhéanann 'washout' do d'éadan go mór mór na dathanna 'nude' agus 'peachy'.




An rud ba mhó a bhí go deas le cloisteáil ó Rosie ná nuair a dúirt sí nach raibh aon leabhar rialacha ann agus tú ag déanamh do smidiú, is cleachtadh é amach is amach! Rud a thug faoiseamh dom gan dabht! 


Bhí sé go hálainn castáil leis an spéirbhean cairdiúl agus galanta seo! Bhí an-lá againn a bhuíochas do Rosie agus Cloud 10 Beauty. 

Go raibh míle maith agaibh!!! Xxx



Sin é uaimse a chairde

Roseann xxxxx


No comments:

Post a Comment