Wednesday, March 16, 2016

20 táirge áilleachta faoi 20

Hello Glams,

Tá blag na seachtaine seo bunaithe ar tháirgí saora. Tá sé deacair na laethanta seo fios a bheith agat céard le ceannach agus an méid sin daoine amuigh ansin ag rá ceannaigh é seo is é siúd agus ansin caitheann tú lán laidhre ar rud eicínt agus ní maith leat é ar chor ar bith!

Le cúpla bliain anuas ní cheannaímse na palettes is déanaí nó an smideadh is costasaí (cé go gcaithim Estée Lauder chuile lá), is maith liom rudaí a thriail amach, ó thaobh lipsticks agus eyeshadows di, agus ansin má cheapaim go mbeadh suim agam rud éicínt a dhéanamh ar nós an contouring nó rud éicínt seans go gceannóidh mé táirge níos costasaí. É sin ráite is minic nach iad na rudaí is costasaí na cinn is fearr! Thíos anseo mar sin tá cúpla táirge a bhfuil úsáid bainte agam astu:

Don chraiceann:

1. Tá 'crows feet' fíordhona agamsa, agus ceapaim mar go mbím ag cur straoiseanna aisteacha orm féin. Mar sin le déanaí thosaigh mé á úsáid seo. Tá sé cloiste agam go bhfuil vitamín E iontach don chraiceann. Tá sé seo le fáil sa 'Body Shop' ar 9.90.


2. Cúpla mí ó shin bhí mo chraiceann chomh tirim le leathair agus chuaigh mé isteach agus cheannaigh mé an Moisturizer seo ó La Roche Posse. An rud is fearr liom faoi ná go dtriomaíonn sé isteach i do chraiceann  an-sciobtha mar sin ní gá duit a bheith ag fanacht le píosa fada sula gcuireann tú ort do chuid smideadh. 
                                  Le fáil anseo ar  17.59 

3. Má chuireann spotaí as do dhaoine, níl ach táirge amháin ag teastáil uaibh agus sin Sudocream. Uaireanta faigheann mise spota nó dhó agus ní gá dom ach beagáinín Sudocream a chuir air agus mé ag dul a chodladh san oíche agus oibríonn sé iontach. Is é an rud is tábhachtaí ná gan an iomarca a úsáid! 

4. Táirge eile atá triáil bainte agam as atá an-mhaith ná an 'Rapid Spot Reducer' ó No.7. Arís iontach uilig do na breakouts sin a fhaigheann muid uilig. An t-aon locht a bheadh agam ar an stuif seo ná cé go n-oibríonn sé go maith agus go leigheasann sé an spota thar oíche, triomaíonn sé an craiceann ar fad timpeall air agus mar sin má tá craiceann tirim agat ní mholfainn duit é seo a úsáid
                                           Ar fáil i Boots ar  14

5. Ceann atáim cinnte gur chuala sibh faoi ná an ceann seo. Is féidir leat é a chur ort os cionn do dhath bréige. An t-aon rud a déarfainn libh ná go dtéann beagán dó seo i bhfad. D'fhéadfaí é a úsáid mar highlighter freisin. Ach arís fíorbheagán! 
                             Le fáil i Cara Pharmacy  11.99

6. Bhí mé féin agus na cailíní ag Comhdháil bloggers cúpla mí ó shin agus thíos sa mhála beag a fuair muid bhí buidéalín beag don shower gel seo. Agus nílim ag magadh nuair a deirim gurb é ceann de na shower gels is deise a d'úsáid mé riamh. Cinneoidh sé ort theacht amach as an gcith mar gheall ar an mboladh deas atá uaidh seo. 

7. Nuair a bhí mé i mo chónaí in Áth Luain le hAisling, d'úsáid sí é seo ar a laghad faoi dhó sa tseachtain agus bhí a cuid gruaige chomh tiubh mar thoradh ar sin. Tá sé le fáil i Penneys agus ní chosnaíonn sé ach thart ar 2

Smideadh

8. Má leanann sibh ar 'Snapchat' muid feicfidh sibh go ndearna muid cúrsa smideadh le hInglot cúpla seachtain ó shin. Cheannaigh muid uilig an pota beag seo: 

9. Ag fanacht leis na liopaí. Cheannaigh mé lipstick i mBoots cúpla seachtain ó shin. Cuirim orm chuile mhaidin é agus mé ag dul ar scoil agus bíonn sé fós orm agus mé ag teacht abhaile tráthnóna. Anois an t-aon rud faoi, ná go n-úsáidim lip liner leis freisin agus cabhraíonn sé sin é a choinneáil ort i gcaitheamh an lae. 

10. Lip Liner: Tá mise á n-úsáid seo faoi láthair agus ní fhéadfainn iad a mholadh níos airde. Is breá liom iad. Má chuireann tú ort iad faoi do lipstick, maireann sé 7 n-uaire níos faide le linn an lae. 


11. An eye liner a chaithim i gcónaí ná an ceann seo ó Urban Decay agus is breá liom é. Ar an bpointe a bhíonn sé seo ar na súile níl sé ag dul corraí: 

12. Mura bhfuil tú compordach le liquid eye liner, thosaigh mise ag cleachtadh leis an gceann seo i dtosach. Tá sé cosúil le marker a úsáid timpeall do chuid súile agus mar sin tá sé níos éasca ná an liquid. 

13. Bhí sladmhargadh ar siúl ag Cloud 10 Beauty an lá cheana agus mar sin cheannaigh mé é seo. Caithfidh mé a rá gur breá liom é. Is maith liom go bhfuil formhór na ndathanna neutral agus ansin go bhfuil cúpla dath craiceáilte istigh ann. Agus má ritheann tú amach as dath amháin a thaitníonn leat tá na cinn eile sách cosúil leo. 88 dath ar fad atá istigh ann. 

14. Tá chuile dhuine ag caint ar highlighters agus contouring na laethanta seo agus tá sé deacair fios a bheith agat céard le fáil. Cheannaigh mise an highlighter seo cúpla mí ó shin ó Inglot agus úsáidim é ar mo chuid leicne ach chomh maith leis sin uaireanta nuair atáim ag dul amach meascaim isteach le mo eyeshadows é. 

15. Muna bhfuil tú ag iarraidh  20 a chaitheamh ar an highlighter sin, tá mo dheirfiúr ag baint úsáide as an highlighter atá ag Catrice. Is féidir é a cheannach i Penneys/Dunnes agus Tesco agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé iontach. Tá sé thart ar 5.50. 

16. Ceann de na rudaí is mó a d'fhoghlaim mise agus nach mbínn a dhéanamh go dtí tar éis an chúrsa smideadh a rinne muid, ná gur cheart duit i gcónaí concealour a chuir faoi do chuid súile seachas foundation. Cheannaigh mé ceann an lá sin agus tá sé iontach: 

17.  Mascara: Tá sé deacair teacht ar Mascara maith na laethanta seo, ach is breá liomsa an ceann seo thíos: 

18. Ceann de na rudaí a úsáidim chuile lá beo agus a mbeinn caillte á oireasa is ea an peann luaidhe seo ó Rimmel a chuirim ar mo chuid malaí chuile lá beo. 

19. Chaith Síofra an lip gloss álainn seo cúpla seachtain ó shin agus bhí sé go hálainn uirthi mar sin tá sé ar mo liosta! 

20. Agus ar deireadh d'inis duine de mo chairde dom faoin mbranda seo. Níor thug mé mórán suntais dó go dtí gur bhreathnaigh mé ar a suíomh gréasáin. Ba bheag nár thit mé as mo sheasamh nuair a chonaic mé na praghsanna. Téigh chuig http://www.makeuprevolutionstore.com/ a chailíní má tá sibh ag iarraidh smideadh a fháil nach mbrisfidh an banc. Mholfainn an palette seo thíos do chailíní atá ag iarraidh countouring a thriail!! 


Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as sin a chailíní, 

Slán go fóill, 

Gearóidín x








No comments:

Post a Comment