Monday, February 29, 2016

Aisling agus an Smidiú- cogadh marfach :)

Dia dhaoibh a ghlams, tá súil agam go bhfuil sibh go maith agus a mhúinteoirí agus a dhaltaí tá súil agam go raibh sos deas agaibh an tseachtain seo caite.


Tá blag na seachtaine seo thar a bheith spéisúil domsa mar an t-ábhar atá agam ná smidiú. Gan aon dabht tá Roseann, Síofra agus Gearóidín i bhfad níos eolaí nuair a thagann sé ag smidiú. Tá an oiread cainte cloiste agam ar 'contour', ar 'palettes', ar 'HD brows' agus chuile shórt mar sin agus le bheith fírineach libh, níl clue dá laghad agam. Breathnaigh thíos na táirgí a gheobhaidh sibh i 'mo mhála smidiú'.


An bhféadfadh mo mhála a bheith níos bunúsaí?? Ní cheapfainn é. ACH!!!!!!! Fan go gcloisfidh sibh é seo!! Rinne mé fhéin agus mo chuid Glams cúrsa smidiú le 'Inglot' I nGaillimh inné ón 12-5 agus tá mé i mo phro anois. 





Aon duine nach raibh a fhios agaibh é seo (mise) tá áit thuas staighre acu i gCara Pharmacy. Nuair a chuala mé go raibh sé seo á dhéanamh againn bhuail cineál faitíos mé ar dtús. An uair dheiridh a fuair mé mo chuid smidiú déanta go proifisiúnta ná nuair a bhí mé mar bhridesmaid ag cara liom. Murach sin bheadh mo mhála beag tugtha amach agam agus é déanta agam fhéin.

An t-aon rud a dúradh linn ná focas éigin a bheith againn don lá, sé sin an bhfuil mé ag iarraidh go ndíreoidh siad ar mo chuid súile, mo chuid liopaí, an contour nó cibé rud is maith liom fhéin.

Tar éis beagán smaoineamh (cúpla soicind) shocraigh mé go raibh mé chun foghlaim faoin gcontouring seo. Oh mhaighdeán, bhí faitíos orm go mbeinn i mo oompa loompa ag teacht amach as ach caithfidh mé a rá gur bhain mé an-taitneamh as agus gur fhoghlaim mé an t-uafás.

Bhí na cailíní Orla, Emma agus Orfhlaith thar a bheith cabhrach agus aon cheist a bhí agam d’fhreagair siad dom í.Tá rud amhaín cinnte, tá mo mhála beag níos líonta anois (tá HD Foundation agam anois) agus níos mó táirgí le fáil ann agus níos mó eolais agamsa. WOOHOO!!!
Seo cúpla pictiúr ón lá iontach a bhí agam fhéin agus na Glams eile (bhí Síofra bhocht tinn).






Agus cúpla táirge nua atá agam do mo mhála de bharr an lae.






Aon duine a leanann ar Snapchat muid(gaeilgeleglam) chonaic sibh go leor pictiúir agus fiseáin!
Ní bheidh sé i bhfad arís go mbeidh mé ar ais,

Le Grá,
Aisling
xxxx




No comments:

Post a Comment