Wednesday, October 21, 2015

Gruaig Ghlam don Gheimhreadh :)

Tá mé ar ais arís a chairde agus ábhar na seachtaine seo ná do chuid gruaige. Dúirt mé sa mblag roimhe seo gur aoibhinn liom an t-am seo den bhliain agus is aoibhinn. Ach anois leis an aimsir ag athrú agus chuile shórt eile, bíonn an- tionchar aice seo ar do chuid gruaige. Aon duine a bhfuil aithne acu orm, beidh a fhios agaibh gur bhearr mé mo chuid gruaige mí Lúnasa seo caite. Bhí sí leath-bealaí síos mo dhroim agus thug mé an chop di, bheartaigh mé dul leis an 'bob style'. Bhí cineál aiféala orm ar dtús ach tuigim gur theastaigh sé uaithi. Thíos feicfeidh sibh mo stíl gruaige nua. Mura duine tú a bhfuil an t-ádh dearg leat agus go bhfuil gruaig álainn, shláintiúil agat, caithfidh tú am agus airgead a chaitheamh le do ghruaig. 

An chéad rud ná déan cinnte go bhfuil scuab gruaige ceart á úsáid agat. An scuab nó raca a úsaideann tú le haghaidh í a chíoradh, ní hé an ceann a bheidh agat le haghaigh í a thriomú agus mar sin de. Feicfidh sibh samplaí thíos de na cinn a chonaic mé agus arís cinn le haghaidh gruaig a chíoradh agus cinn le haghaidh í a thriomú.

Is iondúil a roghnaíonn muid seampú agus feabhsaitheoir de bharr go bhfuil dath deas ar an mbuidéal nó go mbíonn boladh deas uathu. Cuma cé chomh deas is atá an boladh, tá seans ann nach bhfuil sé ag déanamh aon mhaitheasa do do ghruaig. Séard atá a rá agam ná déan cinnte go dtéann tú ag do ghruaigaire agus go bhfaigheann tú seampú agus feabhsaitheoir a fheileann don chineál gruaige atá ort. An seampú agus feabhsaitheoir atá á
úsáid agam faoi láthair ná SP Repair. Is iad seo a moladh dom de bharr an ghruaig atá orm.




Díritheoirí- na naimhde is mó atá ag chuile ghruaigaire sa domhan is dóigh. Cinnte ní fhéadfadh siad a bheith ró-mhaith don ghruaig ach ar nós chuile shórt eile, ná húsáid ró-mhinic iad agus ba cheart go mbeadh tú ok. An ceann atá in úsáid agam féin náan Remington bán a fheicfidh sibh thíos. Ach nach deas iad na dathanna atáar na GHDs freisin. Má chuireann tú Heat Protection isteach ann roimh ré agus do ghruaig a bhriseadh i gcuideanna tá tú ag laghdú an seans go ndéanfaidh tú mórán dochair. Tá siad níos fearr ná an t-iarann fado!! Cé eile atá ciontach as seo?

Na Heat Protections is fearr dar leis na saineolaithe.


Moltar gur cheart cóireáil de shaghas éigin a chuir i do chuid gruaige uair sa tseachtain. An rud is fearr faoi seo ná go bhféadfaidh tú a bheith suite síos ag breathnú ar Gossip Girl agus cóireáil i do ghruaig agat. Sna pictiúr thíos feicfidh sibh na cinn atá in úsáid agamsa. Chomh maith leis sin feicfidh sibh an éagsúlacht atá ann ó thaobh praghsanna. An Aussie 3 Minute níl sé ach €1.49 i Boots agus an System Professional ansin tá sé....



Is minic a chloiseann muid daoine ag rá nach bhfuil siad in ann a gcuid gruaige a fhás nó nach bhfuil sí ag fás. Bhuel bhí an fhadhb seo ag Gearóidín agus molann sí an dá tháirge thíos. Níl an Argan Oil ach €1.49. Tá an Kerastase níos daoire ansin, ach ná dearmad tá tú ag iarraidh gruaig atá sláintiúil.





Níl thíos ach cúpla táirge eile a mholtar agus cinn a deirtear atá an-mhaith don ghruaig agus arís feicfidh sibh an-éagsúlacht praghsanna iontu uilig.




Cúpla tip agam daoibh don ghruaig mar fhocal scoir:
  • Níor cheart do ghruaig a níochán chuile lá- moltar í a níochán trí huaire in aghaidh na seachtaine ar a mhéid.
  • Caithfidh tú trim a fháil chuile sé nó ocht seachtaine- ní fhásfaidh sí mura bhfaighidh.
  • Ná triomaigh do ghruiag leis an triomadóir an nóiméad a thagann tú amach as an gcith- tabhair cúpla nóiméad di triomú leí féin.
  • Agus ar deireadh más féidir tabhair beagán TLC di ar a laghad uair sa tseachtain

Sin é anois a chairde, cúpla tip don ghruaig don gheimhreadh. Ná déanaigí dearmad, is múinteoir mé, ní saineolaí gruaige ná gruaigaire. Na táirgí thuas bunaithe ar 'tried and tested'.

Slán tamaill,
Aisling
X














No comments:

Post a Comment