Wednesday, January 27, 2016

Pláta Pancóga Blasta do Lá na bPancóga

Haigh,

Tá súil agam go bhfuil an bhliain nua ag dul go maith daoibh? Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil Mí Eanáir beagnach imithe agus go bhfuil muid anois ag tabhairt aghaidh ar an gCáisc, an gcreideann sibh go bhfuil na huibheacha cásca ar fud na háite cheana féin!!!!

Ach roimhe sin tá lá níos tábhachtaí fós....Lá na bPancóga; An t-aon lá den bhliain a itheann muid an méid is mó pancóga agus is féidir linn gan an dara smaoineamh a thabhairt dó.  Anois agus mé i mbun m'aiste bia sláintiúil (agus mé ag súil go mairfidh sé) tá mé ag baint trial as roinnt oidis dhifriúla an mhí seo.  Bhí Síofra ag caint faoi na pancóga proitéin a dhéanann sí féin agus mar gheall ar sin chuaigh mé i mbun taighde go bhfeicfinn cén saghas oidis eile atá amuigh ansin do "Pancake Lovers" nós mé féin! 

Scaoilfidh mé isteach sibh ar rún beag roimh réidh mar leis an bhfírinne a rá níl mé ró-mhaith ag déanamh cócaireachta ar na pancóga, ní oibríonn an chéad cheann amach i gceart riamh domsa agus bím drogallach go minic iad a dhéanamh!! so thar na mblianta tá roinnt tips foghlamtha agam ó m'fhear chéile a ullmhaíonn iad domsa, tá mé míllte agus buíochas le Dia ní bhíonn fadhb ar bith agamsa iad a ithe le fuilleach nutella ar a mbarr!!



Tá cúpla tip bheag ghinearálta agam daoibh ar dtús;
  • Criathraigh an plúr roimh réidh chun na cnaipí plúr a bhaint as an meascán.
  • Úsáid fíor im nó ola coconut ná húsáid gnáth ola.
  • Ceannaigh  "Pan" ceart!!!
  • Téamh an ola roimh réidh.
  • Má tá tú ag iarraidh rogha níos sláintiúla ceannaigh roinnt friocháin ghorma le cur leo.
  • Cuir púdar bacála leis an meascán má tá tú ag iarraidh ar na pancóga ardú.
  • Ná dean dearmad crúsca Mór Míllteach Nutella a cheannach.
1. Gnáth Phancóga


Na Comhábhair
150g Plúr
2 ubh
300 ml Bainne
1 tablsp. im leáite


Modh
  • Criathraigh an Plúr i mbabhla
  • Cuir na huibheacha agus bainne isteach sa chumarscóir leictreach
  • Cuir leis an plúr agus rud beag úscra fanaile más mian leat
  • Leá an t-im san fhriochtán
  • Nuair atá sé teite líon bun an fhriochtájn leis an meascán agus cocóráil ar teocht mheánach ar feadh 30 soicind
  • Iontaigh na pancóga agus cócaráil ar an taobh eile
Riaraigh le do rogha barrán




2. Pancóga Banana (Gan Phlúr)

Na Comhábhair
1 Banana
2 ubh
½ tsp. úscra fanaile
¼ tsp. Cinamon
1/8 tsp. Púdar bacála
6-8 Friocháin Ghorma


Modh


  1. Cuir na huibheacha i mbabhla
  2. I mbabhla eile brú na bananas le forc go dtí go bhfuil siad bog
  3. Cuir an ubh, an púdar bacála, úscra fanaile agus cinnamon leis an mbanana
  4. Cuir an pan ar teocht meánach agus cuir dhá spúnóg boird den mheascán ar an bhfriochtán
  5. Cócaráll iad ar feadh dhá nóiméad go dtí go bhfuil siad donn
  6. Cuir rud beag leite leis an meascán má tá an meascán ró-thanaí.




3. Pancóga Leite

Na Comhábhair
1 sponóg bord leite
Dhá ubh
Bainne Te (thart ar 3 spondóg bord) nó dhá ubh
1tsp Síolta Chia
1/4 tsp Púdar bácála


Modh
  1. Cuir an bainne te leis an leite agus faigheann sé bog 
  2. Cuir leis an ubh agus an banana (mashed) agus measc go maith é
  3. Cócaráil nó go mbeidh siad donn ar an mbun agus ansin cocaráil an taobh eile
  4. Riaraigh le do rogha barrán 




Tá na pancóga seo ar fad go hálainn le friocháin ghorma ar a mbarr, bain trial as na barrán dhifriúla!!

Tabhair faoi deara go bhfuil sé beagáinín níos deacra cócaireacht a dhéanamh ar na pancóga gan plúr, bí foighneach agus oibreoidh siad amach gan dabht!!!

Tá súil agam go mbainfidh sibh sásamh as na pancóga seo a thrial.  Seo é an chéad uair agam na pancóga gan plúr a bheith agam agus tá siad do-chreidte, tá blas níos deise orthu ná na gnáthphancóga fiú... ní chreidim é seo!!

Má tá aon mholtaí agaibh féin do phancóga blasta a dhéanamh, ba bhreá liom iad a thrial nó cuir pictiúirí ar aghaidh chugam do na cinn a dhéanann sibh féin. Ádh mór!!

Slán go fóilín 
Roseann 
xxxx










  











No comments:

Post a Comment