Wednesday, February 24, 2016

Na Super Soups is fearr liom xx

Haigh a chairde glam!!
Bhuel tá deireadh tagtha le na laethanta saoire agus tar éis seachtain álainn a chaitheamh ag taisteal na tíre ag castáil le cairde agus ag ithe agus ag ól neart, tá sé thar ama plean a chuir le chéile do bhéilte na seachtaine agus níl aon rud níos fearr ná do bhéilte a bheith ullmhaithe don scoil mar ansin is lú seans go mbeidh mé ag ithe bia ó bhialann na scoile agus ag ól caife gach maidin! 

Freisin, tá bainis agam i gceann trí seachtaine agus ansin tá mé ag dul ar laethanta saoire so tá mé ag súil neart superfoods a ithe an cúpla seachtain beag seo :) Bíonn m'aiste bia sláintiúil go maith seachas na treats beaga anseo agus ansiúd agus go hiondúil ar an deireadh seachtaine ithim ar nós banríon i bpálas ag féasta mór :) 


Bíonn an diabhal orm an gnáth anraith a dhéanamh i gcónaí le meascán glásraí mar sin shocraigh mé triail a bhaint as cinn dhifriúla an tseachtain seo... tá súil agam go dtaithneoidh siad libh!!

Anraith Fataí Milse
1Spbd Ola Coconut
1Oiniún
1tsp Cumin
1/2 tsp Turmeric
1 Cairéid
2 Fhata Mhilis
400ml Stoc Glasraí nó Sicín

Anraith Glas le hAvacado
1 Oiniun
2 Chlóbh Gairleog
Ola coconut
Thyme úr le blaiseadh
1 avacado
1/2 Brocailí
1/2 Coilís
1cm Sinsir úr


An modh
Is féidir an modh céanna a úsáid le haghaidh aon anraith, má bhíonn oiniún agus gairleog ann, is féidir sautée a dhéanamh orthu seo ar dtús chun blas an t-anraith a fhorbairt.


1. Déan suas 400ml de stoc 
2. Glan na glasraí agus bain an craiceann dóibh
3. Gearr na glasraí go mion
4. Cur an ola coconut i bpota agus lig dó téamh
5. Cur leis an oiniún ar feadh nóiméad amháin go dtí go bhfuil siad bog
6. Cur leis na fataí milse, an cairéid agus na spíosraí; cumin agus turmeric
7. Ar deireadh dóirt isteach an stoc agus fag ag suanbhruith ar feadh 15-20 nóiméad.





Tá súil agam go mbeidh deis agaibh trial a bhaint astu seo.  Caithfidh mé a rá bhí blas deas spíosrach ar na hanraithe seo.  Ná dean dearmad roinnt pictiúirí a sheoladh chugainn de na hanraith a ulmhaíonn sibh féin sa bhaile.. is breá liom cinn nua a thrial an t-am ar fad! 



Roseann 
-xxx- 

No comments:

Post a Comment