Friday, February 5, 2016

Na Fir is bréatha sa RBS 6 Náisiún

Dia dhaoibh a chailíní glam, 

Bhuel tá deireadh seachtaine mór amach romhainn a chailíní agus an rugbaí ag tosú ar ais don chomórtas 6 náisiún. Ní chuile dhuine ar maith leo spórt ach caithfidh mé a rá gur breá liomsa an rugbaí agus tá níos mó measa agam ar anois ná a bhí riamh, go háirithe tar éis dom a dhul go dtí An Albain anuraidh nuair a d'imir Éire in aghaidh na hAlban. Ó shin i leith is breá liom é, is breá liom an t-atmaisféar a chruthaíonn sé agus an chraic a bhíonn taobh thiar dó. 

Ar aon nós do na cailíní bochta amuigh ansin nach maith leo spórt agus a bheidh orthu féachaint ar in aghaidh a dtola don chéad chúpla seachtain eile seo liosta don 10 bhfear is deise atá sa tsraith sé náisiún.....(D'fhéadfainn an t-uafás a phiocadh as Sasana, An Bhreatain Bheag, An Albain, An Fhrainc agus An Iodáil, ach a chairde, fanfaidh muid dílis dár bhfir féin anseo in Éirinn)

Ag uimhir a haon caithfidh mé an chéad áit a thabhairt do mo laoch Paul O'Connell. Aon duine a bhfuil aithne mhaith acu orm tá's acu go bhfuil mé i ngrá le Paul O'Connell. Bhí an t-ádh dearg liom bualadh leis anuraidh san aerfort tar éis d'Éirinn an sraith sé náisiún a bhuachan. Landáil mé féin agus mo chairde san aerfort an t-am céanna leis an bhfoireann agus sular fhágamar An Albain casadh orainn an fhoireann ag ceiliúradh san aerfort thall! Is againn a bhí an chraic agus ba bheag nach raibh taom croí agam féin 's na cailíní nuair a chonaiceamar na fir breátha seo ar fad. Mar is eol ón bpictiúr thíos bhí mé scanraithe agus mé i mo sheasamh le taobh an fathach breá ach caithfidh mé a rá gur fear uasal amach is amach é. Is mór an peaca é nach mbeidh sé ar an bpáirc i mbliana, ach le cúnamh Dé beidh sé le feiceáil ar thaobh na páirce in áit éigin! 

Uimhir a hAon: Paul O'Connell


Uimhir a Dó: Rob Kearney
Fear breá eile Rob Kearney agus breathnaíonn sé féin agus mo chara Sharon ar nós cúpla beag álainn le chéile. Bhí gach duine a bhí ag obair linn in éad le Sharon tar éis di an pictiúr seo a fháil le Rob ;)


Uimhir a Trí: Tommy Bowe
Ní hamháin gur imreoir den scoth é seo, tá sé faiseanta freisin agus dearaíonn sé a chuid bróga féin.....fear foirfe??? Cheapfainn é :)
 

Uimhir a Ceathair: Conor Murray

Uimhir a Cúig: Johnny Sexton 

Uimhir a Sé: Seán O' Brien 

Uimhir a Seacht: Robbie Henshaw
Más maith libh an leaidín óg seo, breathnaigh ar an nasc seo agus titfidh sibh i ngrá https://www.youtube.com/watch?v=OsG_twxZOF4    <3 nbsp="" p="">



Uimhir a hOcht: Tommy O'Donnell
Tá Tommy geallta le hElisse, cara le mo chara Grace, mar sin bhí faitíos orm é a chur ar an liosta ach seans go maithfidh sí dom é ;)

Uimhir a Naoi: Andy Trimble

Uimhir a Deich : Jordi Murphy
Casadh Jordi orainn agus muid ag teacht amach as club oíche san Albain! Bhí muid an-excited nuair a casadh orainn é!

Bhuel a chailíní bainigí taitneamh as an gcéad cúpla seachtain eile x


Gearóidín


No comments:

Post a Comment