Monday, February 8, 2016

Galar an Ghrá.......

Níl dabht ar bith ach go ngíoraíonn beirt bóthar agus mar sin níl aon ionadh go mbíonn muid tógtha le galar an ghrá go minic.  Fair plé do Naomh Vailintín a thug deis dúinn an grá sin a chéiliúradh. Cé go gcreideann roinnt daoine gur bunaíodh an lá seo chun na mná ar fud an domhain a shásamh agus na fir a chuir i mbun oibre agus a rómánsúlacht a thaispeáint, ach ceapaim go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna do na mná a ngrá a léiriú freisin!




Níl a s'agam cén tuairim atá agaibh maidir leis an lá seo?? Ní haon "Romantic" mé féin ach is cinnte go gcuireann an lá seo sodar fúinn mar is é seo an féile a thagann aniar aduaidh orainn go minic! Bíonn muid ag iarraidh na gnáth clichés a sheachaint agus muid ag iarraidh brontannais speisialta a thabhairt don duine speisialta sin inár saoil.   Is ar an Luan seo a bhuail an panic mé féin agus shocraigh mé an blag seo a scríobh daoibh.






Is lá costasach é lá fhéile Vailintín idir an bouquet rósanna, na boscaí seacláide, béile i mbialann agus neart eile ach i mo thuairim féin is fiú smaoineamh gur lá é seo le roinnt le chéile.  So cé mhéad a chaithfidh muid caitheamh ar ár bpáirtí le taispeaint go bhfuil sé nó sí tábhachtach dúinn? Seo daoibh cuid de na smaointí atá agam féin do mo vailintín i mbliana.  Mar a dúirt mé is lá é chun na fir a chuir ag obair, mar sin níl i gceist leo seo na brontannais seo ach token beag don fear spéisialta i do shaol.



Ní féidir lá vailintín a chéiliúradh gan cárta a fháil ó do vailintín.  Is breá liom an suíomh www.moonpig.com.  Tá réimse leathan cartaí ar fáil ar an suíomh seo ach an rud is fearr ná go mbíonn gach cárta pearsanta.  Seo cuid de na cinn is mó a thaithin liomsa.  Tá idir cinn románsúal agus greannmhara le fáil;







Ceannaigh rud éigin a bhfuil pearsanú déanta air nó gadget de shaghas éigin, tá an t-uafás rudaí beaga gur féidir a cheannach.  Is breá liom féin an suíomh www.wowwee.ie agus and suíomh www.littlewoods.ie.  Bíonn an córas seachadadh atá in úsáid acu tapaí go maith. 



Ceannaigh brontannas a bhfuil éispéaras nua ag baint leis.  Cinnte is bonus é má bhíonn sé féiliúnach duitse freisin. Rudaí ar nós ticéad chuig ceolchoirm nó cluiche rugbaí. An mbeadh suim aige i gceolchoirm Beyoncé ar an 9ú Iúil meas tú nó an bhfuil sé sin ró-obvious????




Tá a fhios agaibh go breá liom taisteal, is cuma más timpeall na tíre é nó thar lear.  Tá roinnt city breaks atá mé ag iarraidh a dhéanamh, b'fhéidir gur smaoineamh iontach é seo do lá fhéile vailintín.  Chaith mé cúpla lá sa Liospóin an bhliain seo caite le cairde agus bhí sé ar fheabhas is fiú go mór cuairt a thabhairt air cathar álainn seo! 





Agus céard faoi chumhrán na bhfear.  Má tá tú ag siopadóireacht ag an nóiméad deireanach ní féidir dhul amú le buidéal deas cumhrán!  Ar úsáid sibh App boots fós? Tá sé iontach agus sciopthaí, rud atá thar barr má tá tú mí-fhoighneach nós mé féin! Seo hiad na cumhráin is fearr liomsa....




Tá an bodyshop iontach freisin le haghaidh gift sets is smaoineamh deas é seo má tá tú ag iarraidh cinntiú go bhfuil d'fhear ag tabhairt aire dá chraiceann:


Is féidir rogha mór uaireadóirí a fháil ar www.littlewoods.ie freisin.  An trí branda is fearr liomsa ná fossil, michael kors agus armani d'uaireadóirí fir agus mná. Tá an dá uaireadóir seo an-difriúil, is breá liom iad;


Ar deireadh thiar thall ní féidir aon rud níos fearr a fháil don duine speisialta i do shaol ná milseán.  Is breá le cailiní Gaeilge le Glam Jellies d'aon saghas :) Tugann muid cuairt ar siopa milseáin Aunty Nellies go minic!!!!


Is féidir na milseán seo a fháil ar www.gifts.ie freisin is smaoineamh deas é seo leis na boscaí 'I love you' meastú an féidir iad a fháil i nGaeilge??


Bhuel tá súil agam go mbeidh an blag seo úsáideach daoibh, ní haon saineolaí mé féin, má tá aithne mhaith agat ar an duine sin i do shaol ní cheart go mbeadh an tasc seo ró-dheacar duit! Bain taithneamh as an siopadóireacht!!

Scaipigí an grá ar lá fhéile vailintín!!

Grá mór

Roseann 
-xxxx-










No comments:

Post a Comment