Wednesday, September 23, 2015

Oideas do m'Arán Leite

Cómhábhair


Flahavan's leite (dhá tub íogart)
Alpro Soya íogart (500ml)
Sóid aráin (Taespunóg)
Mil (Bordspúnóg)
Síolta puimcín ('Sprinkle')
Síolta hemp ('Sprinkle')
Salann 
Párpháipéar (Roghnach)
Babhla mór
Stán bácála



Modh

  • Cuir an oigheann ar siúl ag 200 céim
  • Líneáil an stán le párpháipéar
  1. Cuir an t-íogart ina iomlán sa bhabhla
  2. Líon an tub íogairt leis an leite
  3. Cuir an leite sin isteach sa bhabhla agus measc an dá rud le chéile
  4. Cuir an sóid aráin isteach
  5. Spréigh na síolta puimcín agus na síolta hemp isteach
  6. Ná cur ach lán méaracán de mhil isteach
  7. Líon an tub íogairt le leite arís agus isteach sa bhabhla leis
  8. Croith beagán salainn isteach
  9. Measc gach rud le chéile go dtí go bhfuil na comhábhair uilig ceangailte lena chéile
  10. Cuir an cumasc sa stán bácála
  11. Leag síolta puimcín ar bharr
  12. Isteach san oigheann leis agus fág san oigheann é ar feadh 25 nóiméad
  13. Tóg amach é agus tóg amach as an stán é
  14. Cuir arais san oigheann é ar feadh 7 nóiméad
Fág ar raca sreinge é thar oíche agus ansin beidh sé réidh don bhricféasta ar maidin!













Tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an arán seo!





Má dhéanann tú an t-arán seo cuir snapchat chugainn!


Mar a deirfeá - Níl aon tinteán mar do thinteán féin!

Grá mór, Síofra xxxxxxx





No comments:

Post a Comment