Monday, September 7, 2015

Céad slán leis an mbaile....

Is cuimhin linn ar fad na mothúcháin a bhí againn agus muid ag dul ar scoil nó ar choláiste don chéad uair (faraor fanann na mothúcháin seo linn mar mhúinteoirí).  Bíonn réimse leathan mothúcháin i gceist idir sceitimíní, áthas, bród, bís agus eagla fiú.

Dóibh siúd atá díreach tar éis na hArdteiste a dhéanamh is mí an-ghnóthach í Lúnasa, tosaíonn na laethanta ag imeacht leo agus gan mhoill bíonn torthaí na hArdteiste faighte agus bíonn an cinneadh mhór le déanamh, sé sin glacadh le cúrsa agus b’fhéidir rud atá níos deacra fós, an baile a fhagáil don chéad uair.  


Thóg mé féin orm an bóthar go Sligeach san áit a ndearna mé céim sa Tíos agus sa Ghaeilge.




Bhí mé ite ag 'nerves' an chéad lá ag an gcoláiste, ní hamháin go raibh mé ag freastal ar choláiste i Sligeach (I bhfad ó Mhama agus Daide) bhí mé ag freastal ar choláiste a bhí lán le cailíní agus a bhí ag feidhmiú mar chlochar ar feadh na mblianta roimhe sin, is iomaí scéil a bhí cloiste agam faoi roimh ré (óna múinteoirí a d’fhreastail ar choláistí oiliúna do mhúinteoirí, tuigfidh sibh mo chás).  É sin ráite, rinne mé cairde saoil agus fuair mé oideachas den scoth.

Ní raibh sé i bhfad go raibh mé i gcleachtai ar shaol an mhicléinn.  Seo cuid de na cuimhní cinn is mó atá agam ó na laethanta sin... an bhfuil cuimhní cosúil leo seo agaibh fein?


An lá iondúchtaithe, an chéad rud a bhí le déanamh againn na ár dtrealamh ar fad a bhailiú, shíllfeá go raibh Daidí na Nollaig tagtha agus muid ag crochadh na hinnill fúála, trealamh fúála, sceana agus feistis cosanta abhaile linn an tráthnóna sin. Nach againn a bhí an gáirí ina dhiaidh sin ag déanamh ár ndícheall an trealamh a úsáid, an trealamh fuála ach go háirithe! 





Chuile dheireadh seachtaine gan teip thugamar aghaidh abhaile.  Thaisteal mé ar bhus Fheda O'Dónaill gach Aoine agus Domhnach  –  is mé a bhí sásta nuair a thosaigh mé ag tiomáint! Uaireanta níl tada níos measa ná a bheith sáinithe ar bhus atá lán agus te. Bhí sé níos measa ar an Domhnach agus mé sách uaigneach.




Sula bhfágfainn an baile gach Domhnach dhéanfainn ‘raid’ ar an gcuisneoir agus na cófraí.  An plean a bhí ann ná an méid is mó beatha a thabhairt leat ón mbaile chun na pingneachaí nó euros a shábháilt.  Sa chás go raibh siopadóireacht le déanamh d’fhéadfaí maireachtáil ar pasta, uibheacha, Bachelors Beans agus arán, dhéanfaí a  mhór den bheagán i gconaí.





Chaith muid roinnt ama gach tráthnóna ag déanamh staidéir ar na ‘soaps’, bhí muid inár saineolaithe ar gach rud a thit amach i Home and Away, Corrie, na Dales agus Eastenders.





Bhíodh obair choláiste agus tascanna seasta síoraí le déanamh, gan labhairt ar na seachtainí fada a chaith muid ar chleachtadh múinteoireachta. Bhí an t-ádh linn go raibh muid ar fad sásta cabhrú le chéile, rud a thug an-mhisneach dúinn chun an cúrsa a chur i gcrích.


Tá mé i mbun múinteoireachta anois le roinnt blianta ach is cinnte nach ndéanfaidh mé dearmad go brách ar an am a chaith mé i Sligeach. Cinnte bhí cuid de na laethanta níos deacra ná a chéile ach níl dabht ar bith ach gur ar scáth a chéile a mhaireann muid agus go n-éiríonn linn na deacrachtaí a chur dínn le chéile. Daoibhse atá ag tosnú amach mar mhic léinn, bain taitneamh agus spraoi as agus má tá gairm ar leith uait na cáil do mhisneach agus lean leis nó go sroicheann tú do sprioc.....is de réir a chéile a thógtar na caisleáin. Anois agus mé ag cuimhniú siar ar laethanta spraoúla an mhicléinn, tuigim gur laethanta maithe a bhí iontu. Guím gach rath oraibhse atá ag tosnú bhur n-aistear thart ar an ama seo agus go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe as agus sibh ag ullmhú do shaol an 'adult' (Ná bíodh mórán deifir oraibh!!!!) 


Sin é uaimse a chairde :-) 

Roseann xxxx


1 comment:

  1. LENDING TREE GROUP INC


    An bhfuil tú i mbun seirbhíse ar iasachtaí a fháil

    Iasacht chun do fhiach a íoc go héasca?
    Iasacht chun an cineál gnó a theastaíonn uait a dhéanamh?
    Iasacht chun críocha oideachais?
    Iasacht chun árasán a cheannach?
    Iasacht chun an carr aisling sin a cheannach?

    Ní fheictear tuilleadh, cuireann LENDING TREE INC iasachtaí
    Gan aon íocaíocht i bhfolach ó 1,000 go 20,000,000 EUROS / USD / POUNDS
    Ag ráta idirthréimhseach an-íseal de 3%
    Tá líonra iasachtaí agus soláthair déanta againn
    de thacaíocht airgeadais do chustaiméirí ar fud an domhain.

    Táimid ag iarraidh coinneáil suas lenár gcaighdeán feabhais
    Tríd ár seirbhísí a thairiscint ag aon uair an chloig den lá.
    Tugaimid iasacht dóibh siúd a dteastaíonn cúnamh airgeadais uathu i dtéarmaí 1 go
    20 bliain

    Cuimsíonn ár seirbhísí freisin

    ; fíormhaoiniú
    ; eastát réadach infheisteoirí,
    ; iasachtaí tógála,
    ; iasachtaí nuathionscanta gnó,
    ; iasachtaí morgáiste
    ; iasachtaí tomhaltóra,
    ; Iasachtaí idirna,
    ; iasachtaí pearsanta,
    ; iasachtaí gluaisteán agus
    etc. Má theastaíonn iasacht nó cúnamh airgeadais uait déan teagmháil linn ar

    ríomhphost: loantreegroupinc@gmail.com

    ríomhphost: loan-tree@outlook.com

    whatsapp: +1 213 419 2419

    Dea-mhéin

    ReplyDelete