Saturday, September 12, 2015

Cailín na Gaillimhe

Níl deireadh tagtha go fóill le buanna laochra spóirt na Gaillimhe agus ár bhfoireann sinsear camógaíochta ag tabhairt aghaidh ar pháirc an Chrócaigh an Domnach beag seo.   Tá dúshlán amach roimh mhná chamógaíochta na Gaillimhe agus iad ag dul i mbun troda in aghaidh mhná láidre díograiseacha Chorcaigh. 

Bhí deis cainte agam le Captaen fhoireann chamógaíochta na Gaillimhe Niamh Kilkenny an tseachtain seo.  Is í Niamh an duine is óige de chúigear clainne.  Tá sí sáite in imirt na camógaíochta ó bhí sí an-óg agus ní hamháin seo tá sí ag caitheamh marúin agus bán do Ghaillimh ó bhí sí ceithre bliana déag d’aois.  Is iomaí boinn agus coirn atá buaite aice ó shin. Maith thú!!! Chomh maith leis an talann spóirt atá aici is múinteoir meánscoile í atá ag múineadh Béarla agus Tír Eolais.


Is iad Katie Taylor and Jessica Ennis-Hill beirt dá laochra spóirt agus i saol na camógaíochta deir sí gurb iad “Sharon Glynn and Therese Maher were two players I’ve always looked up to.”
Tá gnáthamh laethúil an imreora an-dian agus iad ag ullmhú do chluichí móra an chraoibh.  An tseachtain seo bhí siad ag traenáil faoi dhó agus bíonn sí an-choinsiasach faoi na roghanna beatha a dhéanann sí roimh chluiche; “I always try to fuel my body with healthy carbohydrates and hydrate by drinking up to two litres of water daily.”  Tá sé tábhactach a deir sí gan a bheith ró-neirbhíseach roimh chluiche ach is deacair é a sheachaint i gcónaí.
Do chailíní óga na tíortha atá paiseanta faoin spóirt, mhol sí dóibh cleachtadh a dhéanamh “Practice makes perfect. Always try to improve your skills. Eat a balanced diet and sleep well.” Mar a deirtear sa Ghaeilge Cleachtadh a dhéanann Máistreacht.





Níl dabht ar bith ach go dteastaíonn roinnt ‘down time’ ó na cailíní freisin agus d’iarr mé uirthi insint dúinn faoi eachtra greanmhar a tharla ag traenáil nó ag cluiche, rinne Niamh an t-uafás gáirí nuair a chuir mé an cheist seo uirthi, faraor níor scaoil sí an cat as an mála ach deir sí “There’s too many to mention. It’s definitely one of the added benefits playing camogie, aside from all the hard training you make friends for life and have great fun.” 

Ar deireadh d’iarr mé di cén focal Gaeilge is fearr leí agus ní raibh díoma dá laghad orm nuair a d’fhreagair sí  “Dóchas! Is maith liom an seanfhocal ‘Ní neart go cur le chéile’, it sums up the importance of team playing.”

Bhí mé an-tógtha leis an iarracht a rinne Niamh cúpla focal Gaeilge a úsáid agus mé ag caint leí, cé nach raibh sí muiníneach á labhairt an t-am ar fad deir sí go raibh an Blag ag tabhairt misneach di iarracht a dhéanamh leis an teanga.  Bheadh sí níos compórdaí leis an sliotar agus camán ina lámh cheapfainn. Ach tús maith leath na hoibre ár ndóigh!
Beidh deis ag Niamh “Keeping up with the Kardashians” a fheiceáil an tseachtain seo chugainn tar éis an chluiche mór agus le cúnamh Dé, an cheiliúradh!! (Fingers Crossed)

Ba bhreá liom fein agus mo leathbhádóirí ó 'Gaeilge le Glam' gach rath a ghuí ar chuile bhall d'fhoireann chamógaíochta na Gaillimhe, mar a deir Obama cheana 'Is féidir linn'

Gaillimh Abú!!!!

                                                            Roseann :) xxxx      






No comments:

Post a Comment