Wednesday, September 2, 2015

An Chróit


Dia dhaoibh a chairde! Tá súil agam go bhfuil sibh go maith :)

An bhfuil aon duine eile tuirseach an tseachtain seo? Tá mise maraí agus gan ach leathsheachtain déanta ar ais againn :/ 


Mar is eol d’aon duine a bhíonn ár leanacht ar Facebook nó Instagram, níl sé i bhfad ó bhí mé ar laethanta saoire sa Chróit. Thaisteal muid timpeall na tíre ar feadh na seachtaine. Is é an plean a bhí againn ná fanacht i Zadar ar feadh dhá oíche, Split ar feadh dhá oíche agus Dubrovnik ar feadh 3 lá. Thugamar cuairt ar Trogir agus Omis freisin mar go raibh siad idir na ceantair agus dúirt muintir na háite linn go mb’fhiú go mór cuairt a thabhairt orthu! Shílfeá nach bhfuil sé ach dhá lá ó a bhí mé ann agus mé ag oibriú ar mo chuid brícíní (cheapfainn go bhfuil trí cinn breise anois agam!!!) mar ní duine mé a fhaigheann dath ón ngrian!

Ar aon nós, i mí Bealtaine seo caite bhí mé féin 's mo mhéit ag caint faoi a dhul ar laethanta saoire. Dúirt sé gur mhaith leis a dhul go dtí An Chróit! Ní raibh mórán cur amach agamsa ar an gCróit ach i ndáiríre ba chuma liom cá ngabhfadh muid! Ní raibh mé i bhfad ann, go raibh a fhios agam cén fáth a raibh sé ag iarraidh a dhul ann……..Game of Thrones??? An mise an t-aon duine ar an domhan nach mbreathnaíonn ar an gclár seo? Nó an é go bhfuil fir gafa leis? Níl a fhios agam!!!

Ar aon nós fuair muid ár gcuid eitiltí an-saor…245 an duine! D’eitil muid ó Bhaile Átha Cliath go Zadar. Tá Zadar suite thuas i dTuaisceart na tíre. Agus a mhaighdean bheannathe bhí sé te ann! B’éigean dom Fachtóir 50 a chaitheamh gach lá agus níos mó a chur orm i rith an lae mar go raibh mé báite le hallas i gcónaí! Deas Glam tá’s agam :P Cheap mé go mbeadh cleachtadh agam ar an teas tar éis an Ióga Te, nach orm a bhí an dul amú! 

Baile beag a bhí i Zadar, cé go raibh sé ag breathnú mór ar an gcéad lá a landáil muid ann! Seanbhaile, suaimhneach, oscailte, ciúin, ar an gcósta a bhí ann. Is é ceann de na príomhbhailte ina dtagann an bád farantóireachta ón Iodáil, é sin ráite thar aon áit eile ina raibh muid ní raibh an iomarca daoine ann agus ní raibh an baile ró-phacáilte le turasóirí. Caithfidh mé a rá gurb í an áit is mó ar thaitin liomsa, cé nach mbeadh tú ag iarraidh níos mó ná 3 lá ann mar go mbeadh leadrán ort ina dhiaidh sin! Tá an t-uafás staire ag baint leis an áit mar sin tá séipéil i chuile choirnéal agus anuas ar sin tá an-chuid iarsmalainne ann freisin. Ní bean mór staire mise mar sin ní raibh suim dá laghad agam a dhul isteach i go leor acu. Ach seo cúpla pictiúr ón áit:


Seo sampla de na cineál sráideanna a bhí amach ón bpríomhshráid....bhí siad go hálainn! 
Ceann de príomhradharcanna Zadar: úsáidtear an séipéal seo le haghaidh ceolchoirmeacha! Bhí radharc álainn don chathair ó bharr an túr taobh thiar den séipéal! 



Má théann aon duine agaibh go Zadar caithfidh sibh é seo a fheiceál sa lá agus san oíche. "Sun Salutation" a thugtar air! Sa lá ní cheapfá mórán don rud seo ach le theacht an tráthnóna, cloisfidh tú ceol álainn ag teacht ón 'Sea Organ' agus lasann 300 sraith gloine ildaite suas! Bailíonn siad gathanna na gréine le linn an lae- áit álainn! Tá an 'Sea Organ' fíor spéisiúil- is uirlis ceoil atá ann atá deartha ag ailtirí i Zadar agus de réir atá maidhmeanna na farraige ag teacht isteach bíonn ceol álainn le cloisteáil ón uirlis, tá sé ar fad ag teacht ó chumhacht na farraige! Is fiú go mór breathnú air: 
https://www.youtube.com/watch?v=IXHhTTOHB0Y  

Is breá liomsa an pictiúr seo: bean rialta ag dul isteach ar thaobh an tséipéil! 

An ghrian ag dul faoi ag an 'Sun Salutation'


Chinn sé ormsa cúpán tae a fháil i Zadar ach sa deireadh tháinig muid ar chaifé beag a raibh sé ann- "Maraí ag tae agus maraí gan é"

As sin moladh dúinn cúirt a thabhairt ar Trogir! Tá an baile beag ar fad cosanta ag UNESCO. Níl mé cinnte cén chaoi a ndéanfaidh mé cur síos ar an áit seo! Ba mhór an spórt an áit í! Baile beag bídeach eile ar an gcósta. Bhí promanáid ann agus bhí tú in ann siúl síos le taobh na mbád, ach ansin shiúlfá isteach taobh istigh de na ballaí agus ní raibh ann ach sráideanna beaga, b’fhurasta a dhul amú ann! Ach is cuma go ngabhfadh tú amú, bhí bialainn agus siopaí beaga ar chuile thaobh dhuit!

An pictiúr is deise a thóg mé ar feadh na saoire! Cúlsráid beag i dTrogir! Bhí an fear seo ag déanamh báid bheaga as adhmad! 

Séipéal eile le clog air!



An Ghrian ag lonnrú idir na foirgnimh!  


Íomhá de Trogir ar fad! 


Ba bheag nár thit an dá shúl amach as mo chloigeann nuair a chonaic mé iad seo ag teacht amach ar an bpláta :P 


Don tríú lá thiomáin muid síos go Split, thóg sé thart ar uair go leith! Ní mhór é a dhéanamh luath ar maidin mar bheadh tú maraithe ag an teas agus ní hamháin sin ach bhí na tiománaithe craiceáilte ann!!! Cheap mé go raibh bóithrí Chonamara go dona :P


Arís ailltearacht álainn le fáil i Split!  


Is cuma cá ngabhfaidh mise gheobhaidh mé Jellies :) 
Baile beomhar é Split, bhí go leor ag tarlú ann agus i bhfad níos mó turasóirí ann! Bhí chuile chineál duine ann, agus an rud ba mhó a thaitin liomsa ná na teangacha uilig a bhí le cloisteáil thart timpeall na háite, ní mórán Béarla a bhí ann. Breathnaíonn sé go dtagann go leor de mhuintir na Mór Roinne ar a gcuid laethanta saoire anseo.
Bhí an áit seo taobh istigh den chaisleáin agus boird bheaga áille lena thaobh le suí síos! Bhí tú in ann súanna a fháil i rith an lae agus súanna níos láidre a fháil ansin san oíche!!!!


Agus d’fhág muid an rud ab fhearr go dtí an deireadh Dubrovinik!!!! WOW!!! Níl bealach ar bith ar féidir liom cur síos a dhéanamh ar an áit seo ach le pictiúr! Áit dochreidte, álainn, gleoite, draíochtúil! Anois cúpla rud le bheith ar an eolas faoi….
-> caithfidh tú do phas a bheith agat agus tú ag taisteal síos go Dubrovinik mar go dtéann tú thar theorainn Bhoisnia
->bíonn an áit seo níos teo ná an chuid eile den tír
->má tá tú ag iarraidh rudaí turasóireachta a dhéanamh ní mhór iad a dhéanamh luath ar maidin mar gheall ar an teas & líon na dturasóirí san áit! (Tagann go leor turais mhara isteach anseo, agus a mhaighdean shilfeá gur beachain iad, líonann an chathair suas chomh sciobtha sin)


Anois na pictiúir:

 
An radharc taobh amuigh den chathair! 


Geataí Dubrovinik san oíche! 


Áirse istigh sa chathair! 


An mhilseog is deise ar ith mé ariamh i mo shaol! 
Scairdeán uisce díreach taobh istigh de gheataí na cathrach! Radharc óna ballaí! 

Ballaí na gcathrach- Is fiú go mór éirí go luath maidin amháin agus iad seo a shúil! 

Radharc Panoramic ó bharr na mballaí- agus mo chuid gruaige :) 

Radharc eile den chathair ó chaisleán, díreach taobh thall/ taobh amuigh dó! "An Red Keep" ar an gClár 'Game of Thrones'. 


Is féidir a dhul ag canúáil chuig oileán Lokrum atá suite os comhair na cathrach! 


Bhí na sráideanna beaga céanna le fáil i nDubrovinik! 


Díreach taobh amuigh de na ballaí! 


Sin é uaimse a chairde! Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an mblag!
Gearóidín 

No comments:

Post a Comment