Wednesday, September 30, 2015

Bí teolaí i gCótaí an Gheimhridh

Cé go nathraíonn na séasúir, tá s'againn nach féidir brath ar an aimsir anseo in Éirinn! Anois agus muid ag tabhairt aghaidh ar an nGeumhreadh, an píosa éadaigh is tábhachtaí don vardrús ná cóta faiseanta stiallmhar! 

Bíonn daoine den tuairim go bhfuil gá le rogha mór cótaí sa vardrús ach is a mhalairt atá ann dar liom.  Ná cuirfeadh praghas an dallamullóg ort ach oiread má chaitheann tú airgead ar chóta beidh áit dó sa vardrús ar feadh na mblianta! 



Is breá liom cóta deas a cheannach don Gheimhreadh go hiondúil déanaim neart taighde roimh ré, seo cuid de na cótaí atá feicthe agam go dtí seo atá oiriúnach do gach saghas buiséad agus do gach saghas aimsir ó bháisteach, stoirm agus sneachta! 

Seo cuid de na cótaí neamhfhoirmeálta, is féidir na cótaí seo a chaitheamh ó lá go lá agus tú i mbun gnáthchúrsaí an lae mar shampla agus tú ag siopadóireacht :) 

Tá an 'Parka' fós go mór sa bhfaisean i mbliana tá an dath glas 'Khaki' agus dú-ghorm go mór ar an margadh.  

Thosaigh mé an cuardach i Zara, bíonn rogha iontach cótaí acu agus tá an caighdeán iontach ar fad agus níl siad ró-throm ar an bpóca ach oiread.

Is maith liom faid an Parka éadrom seo ó Zara ar €59.95. Tá lomra nó 'fleece' ar an taobh istigh freisin ach níl an fabraic ró-thiubh.  Is féidir é a fháil i dath dubh freisin.





Is fabraic olann atá sa Parka seo tá sé trom agus te teolaí don gheimhreadh. Tá codarsnacht maith idir an dú-ghorm agus an muinéal fionnaidh geal atá ar. Tá costas €99.95 ar seo ó Zara.





Is breá liom dathanna an Fhómhair! Tá an Parka seo le fáil i Mango ar €79.95.


Más fearr leat cótaí níos giorra b'fhéidir go bhfaca sibh ceann de na 'bomber jackets' ar Cheryl Fernandez Vercini le gairid.  Tá na cinn seo le fáil ar missguided ar €49.




Is iad na cótaí 'smart-casual' is mó a thaithníonn liom féin is féidir iad a úsáid chun culaith a ghléasa suas.  

Thit mé i ngrá ar an bpointe leis na cótaí i Riverisland agus tá rogha iontach ar fáil ann! Bhí sé deacar smacht a choinneáil ar an sparán!! 

Cóta gearr é seo le fionnadh ar an muinéal rud atá istigh go mór don séasúir seo.  Tá rogha mór dathanna le fáil, chomh maith le cinn fada. Tá an cóta seo €107 euro ach caithfidh mé a rá tá an fabraic 'faux suede' atá in úsáid ann d'ard chaighdeán.



Tá na cotaí 'oversized' ar an margadh i mbliana freisin agus má tá suim agat i gcóta le patrún a cheannach, tháinig mé ar an cóta álainn seo "Fancy Textured Coat" ó Massimo Dutti ar chostas €250. 





Is féidir cótaí ar phraghas níos ísle a fháil freisin ar nós an cóta deas seo ó Missguided. Is breá liom an dath seo agus níl sé ach €49.00.



Seans go bhfaca sibh cuid de na 'faux fur Gilet's' atá ar an margadh freisin.  Ní gach duine atá abalta iad a chaitheamh, ní raibh sé de mhisneach agam féin iad a thrial go fóill ach ceapaim go mbreathnaíonn siad te teolaí agus stialmhar ar bharr deinim.  Is féidir iad a fháil i ngach saghas fabraic agus níl siad ró-chostasach.  

                                 
                                  €50 i Dorothy Perkins             €36 i New Look


An rogha cóta deanach atá agam daoibh ná an cóta 'timeless' olann.  Ní théann na cótaí seo as faisean riamh.  Don séasúir seo tá an "waterfall neckline" coitianta.  Tabhair faoi deara freisin go bhfuil faid éagsúl ag na cótaí seo ar fad. 

Ní mhór a bheith ard go maith don chóta seo ó Riverisland. Bhí an cóta seo mar ceann de na 'top picks' ag an 'Cosmopoliton Fash fest'. Costas €100 atá ar an cóta seo.




Seo cóta ó Misguided ar €84. Tá an dath 'camel' iontach mar téann seo le gach rud.



Seans gur thug sibh faoi deara ag an bpointe seo go dtaitníonn na cótaí le dath neodrach liom. Tháinig mé trasna ar an bpictiúr seo do Taylor Swift níos luaithe agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé i  ngrá leis an gcóta DEARG seo. Tá an dath seo mar cheann de dhathanna an fhómhair/gheimhridh seo. Má fheiceann sibh ceann cosúil leis le bhur dtoil cur ar an eolas mé!!!



Is gá dom stíl eile cóta a luath roimh críoch a chur leis an mblag seo.  Má tá suim olmhór agat sa bhfaisean beidh a fhios agat go bhfuil an 'fluff/faux fur fhada' istigh don séasúr seo.  Anois ní dóigh liom go mbeinnse in ann é a chaitheamh ach fágfaidh mé fúibh fhéin é an cinneadh a dhéanamh.

Tugtar an Lola faux fur in shaggy long hair ar an gcóta seo ó Asos

Seo i Kendall Jenner ag caitheamh ceann de chótaí an stíl seo ó Michael Kors.


Níl dabht ar bith ach go dteastaíonn cótaí breátha te teolaí agus muid ag tabhairt aghaidh ar aimisir athraitheach an Gheimhridh, cuimhne is fiú airgead maith a chaitheamh ar chóta ach déan cinnte go bhfuil sé oiriúnach don stíl agus cruth atá agat féin!

Sin é uaimse go fóill
Bain taitneamh as an siopadóireacht!

Roseann xxx

No comments:

Post a Comment