Saturday, September 19, 2015

Buataisí faoi €50 :)


Is fearr cara sa gcúirt ná punt sa sparán a deirtear, ach tá súil agam go mbeidh neart pingineacha agaibh sna sparáin tar éis dhaoibh é seo a léamh: Buataisí faoi 50:

Bhuel, an maith le haon duine eile an Gheimhreadh? Tá’s agam nach maith le mórán daoine an bháisteach, agus thuigfinn dóibh, ach is breá liomsa an Gheimhreadh, an fuacht, an sioc agus tá súil agam an sneachta!

Mar sin, céard a theastaíonn ó chuile dhuine sa Gheimhreadh???? Buataisí agus neart acu, le haghaidh do chosíní beaga a choinneáil te! Feictear dom go bhfuil an ‘Chelsea Boot’ chuile áit an aimsir seo mar sin, seo cúpla ceann a cheap mé a bhí go deas!

Ní theastaíonn níos mó bróga uaimse- mar a dheireann chuile dhuine liom, ach tá cead agam a bheith ag breathnú agus ag coinneáil súil amach nach bhfuil :P

Ok i dtosach, an áit is fearr le tosnú ná le Penneys? Ní chomhaireann sé má fhaigheann tú i bPenneys é, sin é an leithscéal a bhíonn agamsa ar aon nós ;)
Is mór an spóirt iad seo, ‘Taupe Cleated Heel Chelsea Boots’ agus tá’s agam go ndeirim i gcónaí é ach bheadh siad go hálainn le péire jíons! 21 i bPenneys agus ar fáil i ndathanna éagsúla; marún, dubh, donn, dúghorm agus an dath seo thuas ;) 

'Red buckle Ankle Boot'! Tá mé i ngrá leo seo- Chaith mé ag an gCluiche Ceannais iad an lá cheana agus bhí siad chomh compordach! 21 i Penneys. 

Cúig euro dhéag orthu seo, cén chaoi a bhféadfeá iad a fhágáil i do dhiaidh? ‘Black Suede Slip on Boot’ le fáil i Penneys!


Tá a leath cheann seo i River Island ar 50, anois tá real suede sna cinn seo ach cé aige a bheadh a fhios an difríocht?
Tá buataisí álainn ar fáil ó www.asos.com, dóibh siúd ar maith leo a bheith ag ceannach ar líne: 

Is breá liom na taobhanna atá orthu seo: 'Heeled Ankle Boots with Eyelets'  ar fáil ar www.asos.com ach an branda New Look: 34.55



 Daisy Street 'Black Pointed Toe Heeled Ankle Boots’ 48.37

New Look 'Ankle Boot' 34.55




Daisy Street 'Beige Heeled Chelsea Boots' 48.37

Bheadh muineál ag teastáil uait chun iad seo a chaitheamh, ach is maith liom go bhfuil siad difriúil: 
Asos AIZA: 'Leather Chelseas Ankle Boots' 48.39
'Bibi Peep Toe Heeled' ar fáil ó Miss Selfridge
'Adele Metal Flash Ankle Boots' 45 ar fáil ó Miss Selfridge

'Basing Chelsea Boots'- ar fáil ar Topshop 55

'Ava Tan Snaffle Ankle Boots'- 61 ar fáil ó Miss Selfridge



'Buckles Cutout Faux Leather Booties' 31.95 ar fáil ó Forever 21


‘Khaki studded wedged high top trainers’ 65 (beagán os cionn an 50)- River Island- Tá caint agam féin agus Roseann iad seo a fháil- nach deas iad- ar fáil i dubh,bán agus liath freisin!

Tá siad seo 60, ‘Black Cleated Sole Ankle Boots’ mar sin nílim ag coinneáil faoi 50: ach cheannaigh mé iad seo roimh na scoile i mbliana mar is breá liom sáilí arda: beagáinín ard don té nach bhfuil cleachtaigh aige orthu ach tá support chun tosaigh iontu: Tá zip órga suas ar chúl iontu! Ar fáil ó River Island!

'Black faux suede block heel ankle boots' ó River Island: 50: Tá leath cheann ar fáil i Newlook ach gur dath marún atá orthu 


Bhuel sin a bhfuil uaimse go dtí seo: Tá súil agam go bhfaighidh sibh péire bróga a thaitneoidh libh! Idir an dá linn, tabhair aire,
G x

No comments:

Post a Comment