Friday, November 13, 2015

Stíl na bhfear 2015/2016

Hi guys, conas atá sibh?

Daithí as Dapper Dave Cash anseo!

Thug na cailíní ó Ghaeilge Le Glam cuireadh dom a bheith i mo aoi-scríbhneoir dá mblag!


Is blagálaí mé agus scríobhaim faoi stíl agus faisean na bhfear go rialta! Mar sin bheartaigh mé blag a scríobh daoibh ar stíl na bhfear don Gheimhridh agus 'tips' a thabhairt daoibh a mhná, agus sibh ag siopadóireacht do bhrontannais na Nollag!

Agus muid ag tnúth leis an ngreimhreadh, is cinnte go gcaithfidh na fir in bhur saoil a bheith te teolaí! Agus gan amhras ar bith ciallaíonn sé sin go gcaithfidh cóta ceart a bheith ina vardrús!

Cinnte dearfa bíonn cótaí deasa compórdacha ag Penneys agus ag Dunnes Stores gach geimhreadh ach ó thaobh ardchaighdéan de is fiú go mór cúpla euro sa bhreis a chaitheamh ar chótaí an Gheimhridh! Maireann cótaí le hardchaighdeán i bhfad níos faide!!


Feictear cótaí le fabraic de chumasc ollan mhín sna siopaí cosúil le H & M, Zara agus River Island! Chomh maith leis sin ní bhíonn na praghasanna sna siopaí sin ró-ard ar chor ar bith so is féidir leat cóta nó dhó a cheannach!!


Ó thaobh dathanna de is cinnte go bhfuil dúghorm, dubh agus liath an-choitianta agus an-stiallmhar freisin. Ní féidir botún faisin a dhéanamh agus tú ag caitheamh na dathanna sin!!


Don séasúr seo is cinnte go bhfuil an 'camel coat' an-choitianta ar fad agus is féidir ceann acu a cheannach i mbeagnach gach siopa ar an highstreet! Is píosa é atá 'timeless' agus nach n-imeoidh as faisean riamh agus má cheannaíonn tú ceann d'ardchaighdeán mairfidh sé sa vardrús go ceann i bhfad.

Seo cúpla ceann de na 'camel coats' a thaitníonn liomsa;



Ceann de na míreanna eile a mholfainn d'fhir stiallmhara ná Check Blazer. Arís feictear iad i ngach áit faoi láthair ach is píosaí iad a mhairfidh ina vardrús go deo!

Tip amháin a thabharfaidh mé daoibh ná bí cinnte go gceannaíonn tú an size ceart!! Má tá sé rómhór nó róbheag breathnoídh sé mícheart, is cuma cé mhéad airgid a chosain sé! Bainigí triail as siopaí cosúil le Dunnes Stores, Zara, River Island, H & M agus New Look is minic a bhíonn réimse leathan stíleanna ar fáil go gach cinéal duine agus a rogha pearsanta féin.







Anois, cúpla leid daoibh do bhrontannais na Nollag! Silím gur smaoineamh maith iad na 'grooming kits' d'aon duine atá 'clean shaven'!! Tá ceann iontach ag Bachelor's Box agus tá ardchaighdeán sna tairgí go léir! Ní bhrisfidh an praghas an banc ach oiread- ní chosnaíonn siad ach €40!
Is margadh iontach é an seaicéad seo ó Penneys.  Ba cheart go mbeadh ceann acu seo ag gach fear ina vardrús, agus é ar fáil ar phraghas reásúnta ar €45! 

Nach é d'fhear a bhéas ag breathnú 'sharp' sa phíosa breá éadach seo!


Is iontach an bhrontannas é uaireadóir freisin, le tabhairt do dhuine nó le glacadh mar bhrontannas.  Braitheann an costas ar an méid atá agat le caitheamh.

Tá cinn áille agus d'ardchaighdeain le fáil i River Island ar €36.  Má tá an buiséad níos mó ná sin is féidir dul i dtreo an branda Thomas Sabo.

Seo roinnt samplaí thíos:







Beidh mé ar ais arís a mhná! Agus má tá ceist ar bith agaibh táim ar fáil ar Facebook ag Dapper Dave Cash. 

Slán go fóill,

Daithí.













No comments:

Post a Comment