Wednesday, November 4, 2015

Seachtain Rathúil Ghaeilge Le Glam

WOW! Táimid suite anseo tar éis na seachtaine agus níl muid ábalta a chreidiúint cé chomh hiontach is a bhí an tseachtain!  Tar éis an bhriseadh lár téarma tá saoire eile ag teastáil ó chailíní Ghaeilge Le Glam. Idir agallaimh Raidió agus Teilifíse, moltóireacht ar fhaisean na mban ag Oireachtas na Samhna 2015, mar chuid de chlár raidió Bláthnaid Libh agus chomh maith leis sin an tráthnóna iontach pamparáil a fuair muid ón Radisson.  Ní hé an chéad uair cloiste agaibh go bhfuil ár mblag ag dul ó neart go neart, má tá sibh ag leanúint Gaeilge Le Glam ar aon cheann de na hardáin shóisialta feicfidh sibh cé chomh 'excited' is a bhí muid an tseachtain seo agus muid ag dul i mbun oibre mar bhlagálaithe stíle agus faisin.  

Thosaigh an tseachtain agus muid ag ullmhú do chlár Róisín ar an gCéadaoin. Fós níl a fhios agam an dtuigeann muid féin é, bhí muid ar TG4!!!! Brionglóid a bhí ansin dúinn ar fad agus taobh istigh de thrí mhí ó bhunú an bhlag, d'éirigh linn. An cinneadh is mó a bhí le déanamh againn anseo ná ár bhfeisteas. Bhí muid uilig ag iarraidh stíl dhifriúil a thaispeáint ó shiopaí éagsúla. Seo thíos cúpla pictiúr ón lá iontach a bhí againn: 





  


Ón nóiméad a landáil muid i mBaile na hAbhann an mhaidin sin, níor bhuail muid le tada ach cineáltas, flaithiúlacht agus cairdeas. Ní fhéadfaidís a ndóthain a dhéanamh dúinn. Duine ar dhuine, tugadh síos go dtí an seomra smididh muid agus muid ar nós dolls ag teacht amach as. Nach iontach an rud é smideadh!





Ní raibh sé i bhfad ansin go ndeachaigh muid isteach sa stiúideo agus thosaigh an taifeadadh. Bhí sé chomh nádúrtha agus bhí muid uilig chomh sásta leis an gcaoi ar tháinig sé amach. Bhí crap inár mboilg an oíche roimhe agus nuair a shuigh muid síos tar éis an chláir ní raibh a fhios againn cén fáth go raibh muid chomh neirbhíseach. Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl do lucht TG4, agus go speisialta an fhoireann ar fad atá ag obair taobh thiar den cheamara ar chlár Róisín! Go raibh míle maith agaibh! 


Breakfast Republic 2FM le Stephen Byrne

Oíche Céadaoin agus muid suite síos agus cupán tae againn le breathnú ar chlár Róisín, nach bhfuair muid glaoch ó Audrey ó 2FM!! Ba bheag nár thit an fón amach as lámh Aisling. Iarradh orainn teacht isteach maidin Dé hAoine le haghaidh mír ar an gclár Breakfast Republic. Níor smaoiníodh air faoi dhó. 

Nuair a bhí Aisling agus Gearóidín ag siúl síos chuig stiúideo taifead Breakfast Republic, cé a casadh orthu ach Nicky Byrne ó Westlife fadó. Ba bheag nár tháinig lagar ar Ghearóidín. Fuair muid an oiread go shock nach bhfuair muid pictiúr ar bith. Ach nach cuma, thóg Stephen Byrne pictiúr linn.

Mhair an t-agallamh thart ar 7 nóiméad agus é an-tógtha lenár mblag. Labhair muid ar réimsí ábhair ar an gclár, ina measc an mholtóireacht a bhíomar chun a dhéanamh ag Oireachtas na Samhna 2015. Níos mó faoi sin thíos.

'Bláthnaid Libh' le Bláthnaid Ní Chofaigh
Thosaigh an obair don chlár seo Oíche Aoine agus muid ag dul timpeall ag féachaint ar an stíl a bhí ar mhná an Oireachtais, agus by daid tabhair style air! Chuaigh muid timpeall agus labhair muid le daoine difriúla ag cur ceiste orthu cá bhfuair siad a bhfeisteas agus cén fáth agus cén chaoi ar chuir siad le chéile iad. Mhothaigh an triúr againn mar 'celebs' an oíche sin agus is iomaí duine a luaigh an blag agus cé chomh mór is a thaitin sé leo.



Is iomaí duine a labhair muid leo an oíche sin agus bhí cinneadh an-deacair le déanamh againn féin agus ag Bláthnaid. Ar deireadh roghnaíodh Deirdre de Bhailís. Bhí sí gléasta go simplí agus fós go hálainn. Breathnaigh uirthi thíos.




Bhí Gearóidín  agus Aisling ar an raidió le Bláthnaid an mhaidin dár gcionn ag caint 's ag comhrá faoi Ghlam an Oireachtais. Bhain siad an-sult as a gcéad mír le Bláthnaid. Cúpla pictiúr thíos ón maidin sin.



Chuaigh muid ó Chlub na Féile go dtí an Caberat Craiceáilte san áit a raibh cóisir na mac léinn ar siúl. Bhí na scoláirí seo gléasta d'Oíche Shamhna agus b'éigean dúinn an feisteas ba chruthaitheach, ba scanrúla agus an coláiste is fearr a roghnú. Rinne siad ar fad iarracht an -mhaith agus bhí atmaisféar den scoth ann. Bhí sé an-deas an Ghaeilge a chloisteáil i measc na ndaoine óga.






Sula bhfágfaidh muid sibh, seo cúpla pictiúr eile ón tseachtain a bhí againn. Tá suil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an mblag seo, tá sé difriúil óna cinn eile. Freisin buíochas mór ó chroí le chuile dhuine agaibh a thug an oiread sin aiseolas dearfach dúinn le seachtain anuas, b'álainn é a chloisteáil.


Idir an dá linn,

Slán, ó chailíní tuirseach ach sásta Ghaeilge le Glam! 


Aisling, Gearóidín, Roseann agus Síofra. xx



              
       
  










No comments:

Post a Comment