Wednesday, November 11, 2015

50 scáil de bhuí- ceann de dhathanna móra an gheimhridh :)

Hello Hello Hello! Chonaic sibh ar fad an dá bhlag a cuireadh suas ar na dathanna Téal agus Dearg le cúpla seachtain anuas agus inniu táimse chun an dath buí a phlé. 

Ní dath é buí a raibh mé raimh ró-cheanúil air ach mo Dhia tá mé 'obsessed' leis na laethanta seo. Tá se de nós agam an t-uafás cainte a dhéanamh i mo chuid blaganna go hiondúil agus mar sin inniu, an plean atá ann ná níos mó pictiúir agus níos lú clabaireacht chainte :) Cá dtosóidh mé??



                               

Thíos tá sparán agus an dá mhála álainn buí a chonaic mé agus mé ag scimeál liom. Nach álainn iad. Bheadh an chéad mhála seo foirfe le crochadh leat agus tú gléasta in éadai dubha, b'fhéidir ar oíche amuigh ar an town. Tá saghas deas leis, níl sé róbheag nó rómhór. An dara ceann ansin, bheadh sé feiliúnach dó lá siopadóireachta, nó  do scoláirí atá ag freastal ar an ollscoil nó do mhúinteoirí.Leis an sparán, aris cuireann sé go mór le do fheistis agus tá sé sách mór le haghaidh chuile shórt a bheith thíos ann, fiú chuirfeá lipstick isteach ann!!
Ceannaigh anseo
Cúpla geansaí beag deas te don gheimhreadh thíos. Nach deas a théann an buí leis an sciorta denim.

Ceannaigh anseo

Ceannaigh anseo
Na bróga buí, is deas iad ach ní cheapfainn go mbeinn fhéin in ann iad a chaitheamh.

Ceannaigh anseo
Ceannaigh anseo

Chomh luath agus a chonaic mé an cóta seo, thit mé i ngrá leis. Is aoibhinn liom é. Fiú leis an sciorta seo breathnaíonn sé go deas. 

Ceannaigh anseo
Cúpla accessory eile i mbuí, dath atá go mor le feiceáil na laethanta seo. Tá sé cosúil le 'Marmite', is aoibhinn leat é nó tá an ghráin agat air. Is AOIBHINN liomsa é.Feicfidh sibh thíos níos mó gúnaí, scairfeanna agus accessories i mbuí. Cinn iad a tháinig mé trasna orthu agus mé ag scríobh an bhlag seo agus tharraing siad m'aird.








Cibé céard a dhéanann sibh, ná déan an rud atá déanta thíos ag Kim Kardashian. Nach mór an ghráin é. Tar éis an méid airgid atá aici. Fashion faux pax!!



Sin a bhfuil anocht a chairde! Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as agus do na daoine nach dtaitníonn buí libh, b'fhéidir go n-athróidh sibh bhur n-intinn, beagáinín beag fiú.

Le grá,
Aisling
xxxx

No comments:

Post a Comment