Friday, November 6, 2015

Lá Scíthe agus Suaimhnis sa Spirit One Spa

Leis an méid ruaille buaille a bhí ar bun an tseachtain seo caite idir chúrsaí teilifíse agus raidió nach mé féin agus Aising a bhí sásta nuair a tugadh cuireadh dúinn cuairt a thabhairt ar an Spirit One Spa i nGaillimh! Is mó ná sásta a bhí muid glacadh leis an gcuireadh agus an seans cúpla uair a chaitheamh i dTearmann Uirbeach an Spirit One Spa atá suite faoi thalamh an Radisson Blu i bhfad ó saol ghnóthach na cathrach.  


Mar Ghaillimheach ní ró-mhinic a thapaím an deis úsáid a bhaint as Spa áitiúil ach caithfidh mé a rá ní bheidh drogal orm tús áite a thabhairt don phamperáil anois agus arís tar éis an eispéaras álainn seo a bhí againn.  Nach é m'fhear chéile a bheidh sásta nuair a deirim leis gur é seo a bheidh uaim as seo amach mar bhrontannas!!


Nuair a landáil muid bhi na téiripeoirí scéimhe ansin chun muid a fháiltiú agus muid a thabhairt go dtí an seomra feistis chun na 'robes' móra teolaí a chur orainn!  


Shocraigh muid beirt an 'Lavashell Massage a fháil, moladh dúinn trial a bhaint as seo mar is coireáil spa nua é sa Spirit One Spa le coicís anuas! Beidh mé ionraic libh anseo agus mé ag rá nach bean massage a bhí ionam riamh, cen fáth an athrú intinne mar sin?? 

Bhuel ní gnáth massage é seo!!! Seans gur chuala sibh faoin Hot Stone Massage ach tugann an lavashell go léibhéal iomlán nua é agus tá sé éagsúil mar tá an coireáil seo bunaithe ar mhodh an féin-téamh. Tarlaíonn imoibriú nádúrtha idir na comhábhair agus éiríonn siad te nuair a thagann sé i dteagmháil leis an gcraiceann!  Tá sé iontach don chóras fola, laghdaíonn sé pianta cnámha agus teannas sna matáin agus cuidíonn sé an huisce sa chorp a rialú.



Usáidtear an bhlaosc "porcelain" seo atá chomh mín agus bog! Súann an craiceann isteach na hollaí éagsúla atá istigh sa bhlaosc ansin caitheann an teiripeoir uair agus cúig nóiméad déag ag cuimilt na blaoisc ar an gcraiceann!! Cheapfá go raibh tú i domhain eile ar feadh an ama sin!!!


Ag deireadh an massage níor cuireadh aon deifir orainn mar ansin thug muid aghaidh ar an Thermal Suite.  Ní raibh a fhios agam go raibh a leithid d'ait ar fáil sa Radisson. Tá seacht seomra teirmeach ar fáil ann agus ní fhéadfainn focail a chuir ar chomh suaimhneach is a bhí sé! Féachaigí ar na pictiúir thíos;



Má tá suim agaibh cuairt a thabairt ar na seomraí teirmeach, an linn snámha agus an tobán cuillithe agus an tobán te atá amuigh faoin aer is féidir dul isteach ar phraghas €35.00 le trí huair a chloig pairceáil san áireamh! 

Bhí muid beirt an-tógtha leis an suim a bhí léirithe sa Ghaeilge freisin agus tá an Radisson ag tabhairt tacaíochta don teanga agus iad anois i mbun fograíochta a dhéanamh  trí mheán na Gaeilge sna nuachtáin agus irisleabhair Ghaeilge! Maith sibh!!!!

Daoibhse a dtaitníonn cabhair lá pamperála libh is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an spa seo agus tacaíocht a thabhairt do ghnó áitiúil!


Buíochas do gach duine sa Spirit One Spa a thug ann aire dúinn agus ná déan dearmad má tá suim agaibh cuairt a thabhairt orthu luaigh ár mblag Gaeilge Le Glam agus gheobhaidh sibh Lascaine 15%!!!

Slán go fóillín

                                        Roseann :) xxx









No comments:

Post a Comment