Friday, October 23, 2015

Buataisí Thar an Glúin

Hellloooo a chairde, 

Síofra anseo! So, b'fhéidir go bhfuil sé seo ar eolas agaibh cheana féin ach tá grá mór millteach agam do Olivia Palermo! Is spéirbhean álainn amach is amach í - agus ba bhreá liom a vardrús a ghoideadh! Ach faraor, níl na pócaí atá aici siúd agamsa so tá orm a stíl agus a saol a chóipeáil ar bhealach níos saoire!! 




Is iad na buataisí seo na buataisí is áille i mo thuairimse agus ba bhreá liom péire acu a cheannach ach, faraor, níl siad i mo bhuistéad faoi láthair!!


Ceannaigh Anseo                          Ceannaigh Anseo


So, muna bhfuil €795 agat le caitheamh orthu is féidir leat péire atá an-chosúil leo a fháil in Cari's Closet i Mullach Íde. Ní chosnaíonn na cinn sin ach €99 - 
b'fhéidir go gceannóinn cúpla dath mar sin!! :P

                Ceannaigh Anseo                                         Ceannaigh Anseo



        Ceannaigh Anseo                                     Ceannaigh Anseo


 D'fhéadfá a rá nach mbeadh tú in ann na buataisí seo a chaitheamh muna mbeadh cosa cosúil le Kendall Jenner agatsa ach ní hé sin an scéal! Féach ar na samplaí seo:


Caithfidh mé a rá, má tá cosa an-fhada agus an-díreach agat ní bheadh fadhb ar bith agatsa ach muna bhfuil, bí an-chúramach mar bheadh buataisí beaga níos deise ar chosa atá níos ísle. 

Tá na buataisí seo agamsa ó River Island agus is aoibhinn liom iad! 



Tá súil agam gur bhain sibh an-taitneamh as an mblag seo agus má tá tuairimí agaibh féin nó má cheannaigh tú péire buataisí mar seo- seol snap nó teachtaireacht chugainn! :D

Síofra 
xxx 






                                      

No comments:

Post a Comment