Friday, October 16, 2015

Maraí ag éadaí agus maraí gan iad

Dia dhaoibh, tá súil agam go raibh seachtain mhaith agaibh go léir :)
Ceann de mhór-dhathanna an gheimhridh is ea an dath téal agus ceann de na dathanna is fearr liomsa, mar sin táim chun roinnt pictiúr a chur le chéile ar chúpla rud atá feicthe agam leis an dath sin: 

Seo sean-phictiúr do Taylor Swift, ach an dath sin agus an gúna sin: WOW!
Ceapann go leor nach mór duit dath geal a bheith ar do chuid gruaige chun an dath seo a chaitheamh ach léiríonn Kate Middleton agus Lupita Nyong'o dúinn gurb é a mhalairt iomlán atá i gceist, féach ar an ngúna seo, nach mbreathnaíonn an bheirt acu go hálainn! 

Seo cúpla rud atá agamsa leis an dath seo orthu:  






Uaireanta bíonn sé go deas rud éigin difriúil a dhéanamh le do chuid ingne agus d'fhéadfá é sin a dhéanamh leis an dath álainn seo: 


Is féidir scaití seansanna a thógáil le do smideadh/d'ingne agus beagáinín dath a úsáid, mar a fheiceann sibh thuas, tá an 'Fun Palette' ó Urban Decay agamsa agus anois is arís meascaim na dathanna, breathnaíonn téal go hálainn nuair atá sé measctha le dath donn/ór :) Ní gá dul thar fóir, ach tá sé go deas beagáinín a úsáid! 

Más duine tú a bheadh faitíos ort go leor don dath seo a chaitheamh, is féidir leat rudaí a cheannach a mbeadh an dath seo measctha isteach iontu! Tá mo shúil agamsa ar an sciorta seo faoi láthair: 
                                 
                               Ceannaigh Anseo             Ceannaigh Anseo               

Bíonn fiannach thart chuile Gheimhreadh agus ní aon eisceacht é an Geimhreadh seo, féach ar na scaifeanna seo:

Tá na scaifeanna fionnadh seo chuile áit faoi láthair- Chonaic mé ceann álainn cosúil leis an gceann sa phictiúr seo i 'Swamp' ar 20 ach nílim ábalta é a fháil ar a suíomh- mar sin seo ceann ó Asos atá níos costasaí, ach díreach mar a chéile leis: 
Ceann níos saoire agus chomh deas céanna le fáil ar Missguided.




Seaicéad álainn teolaí ar leathphraghas ag Asos faoi láthair anseo thíos: 

                      Ceannaigh Anseo                        Ceannaigh Anseo




Tá an seaicéad agus na brístí gearra seo ar lascaine faoi láthair ar Forever 21

                      Ceannaigh Anseo             Ceannaigh Anseo                                                                              

 
                          Ceannaigh Anseo                   Ceannaigh Anseo

Uaireanta tá sé go deas píosa seodra a chaitheamh le cineál beocht a thabhairt do do chulaith, go háirithe má tá tú ag caitheamh dathanna neodrach, samplaí iad seo leis an dath téal: 


                    

     Ceannaigh Anseo                                              Ceannaigh Anseo

              
                  Ceannaigh Anseo                                   Ceannaigh Anseo


Tá an gúna beag seo laghdaithe faoi láthair go 34.93
                                            Ceannaigh Anseo                                                                                                                                              
Gúnaí álainn eile a bheadh go hálainn dá mbeadh bainis agat an Geimhreadh seo, iad seo thíos: 




Dhá ghúna álainn eile anseo, bheadh an ceann ar chlé go deas le caitheamh ag bainis agus an ceann ar dheis, bheadh sé fíor oiriúnach le haghaidh oíche le linn na Nollag: 









                                        Ceannaigh Anseo                                                  


Tá na sciortaí seo go hálainn agus tá an ceann seo le fáil ó 'Gúna Nua', téigh ar a leathanach Facebook.


Ní féidir le haon duine a ndóthain scaifeanna a bheith acu, agus de réir cosúlachta beidh siad ag teastáil uainn an Geimhreadh seo:

 
   
                                                Ceannaigh Anseo  

Tá na cairdeagan seo ar chosúil le plúid iad ar chuile dara duine agus tá siad go hálainn le péire brístí géine, tá an ceann seo an-chosúil le scaif: 
                            
                                                        Ceannaigh Anseo

Tá chuile dhuine ag caint faoin 'Duster' agus na 'Culottes' le píosa anuas, tá an Duster thíos go hálainn leis an mbán agus na Culottes go hálainn le haghaidh oíche amach:


                               Ceannaigh Anseo             Ceannaigh Anseo

Bróga le dath Téal: 


                                Ceannaigh Anseo        Ceannaigh Anseo                                                                                     


Bhuel a chairde Gael, sin a bhfuil uaimse an tseachtain seo! 

Tosaígí ar bhur liostaí ag Santaí, agus déan cinnte go ndéarfaidh sibh linn céard air a bhfuil sibh ag faire! 

Slán agus beannacht,

Gearóidín X

No comments:

Post a Comment