Sunday, October 4, 2015

Ár gcéad chomhdháil mar bhlagálaithe: Irish Blogger Conference Cork

Ar an 24ú de mhí Mhéan Fómhair thug Roseann agus Síofra aghaidh ar Chorcaigh san áit a raibh comhdháil ar siúl sa gClarion do Bhlagálaithe. Is í Fiona ó Event Brite a d'eagraigh an Chomhdháil, spéirbhean agus bean ionsparáideach amach is amach í. D'fhreastail blagálaithe ó cheann ceann na tíre ar an ócáid seo chun níos mó eolais a fháil agus tuairimí a roinnt. Ó tharla gurbh é seo ár gcéad chomhdháil ní raibh clú dá laghad againn céard a bhí amach romhainn ach by dad nach muid atá sásta go ndeachaigh muid, agus muid ag filleadh abhaile níos eolaí. 

Bhí an ceathrar againn le chéile cúpla lá roimh réidh nuair a cuireadh ar an eolas muid go mbeadh an ócáid seo ar siúl níor smaoiníodh faoi dhó. Faraor, ní raibh ar fáil ach beirt againn agus chuir muid na ticéid in áirithe. 

An oíche roimh réidh, bhíomar ag tnúth leis an ócáid ach ag an am céanna thuigeamar go mbeadh an t-úafas daoine aitheantha i saol an bhlagálaithe i láthair. An cinneadh ba mhó a bhí le déanamh againn ná ár gculaith éadaí a roghnú!!

An nóiméad a d'oscail Jamie Tuohy a bhéal bhí gach duine sa seomra sna tríthí gáire. Bhí sé mar 'host' iontach!


Ar an lá fuaireamar go leor eolais ar an gcaoi gur féidir le bhlagálaithe a bheith rathúil. I measc na ndaoine a bhí ag cur i láthair bhí Edel Cox ó The Beauty Dial, Anita Whyte  ó Dolledup.i, Corrina Stone agus Sue Jordan ó Cherry Sue, Doin the Do, Ciamhe Mc Crory ó Insight PR Consultants, Allan Dixon a bhí ag caint faoi Instagram, Ali Ryan CEO goss.ie agus ar deireadh Darragh Doyle. 

Bhí na cur i láthair iontach agus dar linn ba í Corrina Stone a sheas amach mar an bhean b'ionsparáidí ar an lá. Bhí idir deora agus gáire le cloisteáil sa seomra nuair a bhí sí ag caint. Má tá suim agaibh i dtaisteal caithfidh sibh dul i dteagmháil leis an bhean seo ar Twitter ag @stonetravel4


Tar eis am lóin, bhí painéil de bhlagálaithe ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt. Thapaigh muid an deis agus an cheist a bhí againn ná 'An bhfuil áit dár mblag Gaeilge le Glam i measc na mblaganna Béarla'. Ní raibh muid ag súil leis an bhfreagra a fuaireamar. Bhí huile dhuine a bhí ar an bpainéil den tuairim chéanna. Cheap siad gur smaoineamh iontach a bhí ann agus go raibh áit sa mhargadh dúinn. Bhí ár gcroi inár mbéal agus muid chomh ríméadach go raibh siad chomh dearfach fúinn agus sásta gach tacaíocht a thabhairt dúinn don todhchaí.



Bhí neart craic agus spraoi againn ar an lá agus bhí treats go leor ann!



Ó shin i leith tá ag éirí thar barr linn, tá na 'Tweets' agus ár gcuntas 'Twitter' ag méadú chuile lá.An Aoine seo caite fuaireamar an sceal go raibh muid luaite ag Holly Shortall san Independant, a colún seachtainiúil 'The Hot List'.  

Is feidir é a léamh anseo http://m.independent.ie/style/fashion/style-talk/the-hot-list-what-we-loved-and-loathed-this-week-31576513.html  Lean í ar Twitter ag @Hollyshortall 


Ba thaithí iontach a bhí ann dúinn agus an-chinneadh freastal ar an gcomhdháil seo. Tá comhdhail eile ag teacht anios i mí na Samhna agus buíochas le Dia tá an ceathrar againn saor agus tá muid chun aghaidh a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath. Beidh sé an-deas go mbeidh muid ann le chéile agus le cúnamh Dé foghlaimeoidh muid níos mó arís.

An méid a d'fhoghlaim muid an lá sin, bhí sé chomh luachmhar agus a bhuíochas sin do Fiona Reid Murphy agus a cuid comhairle agus tacaíocht.

Coinneoidh muid ar an eolas sibh faoinár n-imeachtaí.
Idir an dá linn,
Gaeilge le Glam
X













No comments:

Post a Comment