Níl dabht ar bith ach go ngíoraíonn beirt bóthar agus mar sin níl aon ionadh go mbíonn muid tógtha le galar an ghrá go minic. Fair plé do Naomh Vailintín a thug deis dúinn an grá sin a chéiliúradh. Cé go gcreideann roinnt daoine gur bunaíodh an lá seo chun na mná ar fud an domhain a shásamh agus na fir a chuir i mbun oibre agus a rómánsúlacht a thaispeáint, ach ceapaim go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna do na mná a ngrá a léiriú freisin!
Níl a s'agam cén tuairim atá agaibh maidir leis an lá seo?? Ní haon "Romantic" mé féin ach is cinnte go gcuireann an lá seo sodar fúinn mar is é seo an féile a thagann aniar aduaidh orainn go minic! Bíonn muid ag iarraidh na gnáth clichés a sheachaint agus muid ag iarraidh brontannais speisialta a thabhairt don duine speisialta sin inár saoil. Is ar an Luan seo a bhuail an panic mé féin agus shocraigh mé an blag seo a scríobh daoibh.


