Saturday, January 9, 2016

"New years Resolutions" an fiú iad a dhéanamh??

Bhuel a chairde,

Ní chreidim go bhfuil deireadh tagtha le bliain eile, agus cúpla mí an-rathúl dúinne ag Gaeilge le Glam.  Tá muid anois i mbun ghnáthchúrsai an lae, tá an Nollaig thart agus 2016 anois faoi lán seoil agus muid ar ais ar scoil! Tá an t-uafás cainte á dhéanamh faoi "New years resolutions" na laethanta seo agus caithfidh mé a rá go ndéanaim féin na cinn chéanna i gcónaí, níl a s'agam an n-oibríonn siad ach ceapaim go dtugann sé fócas dúinn agus na blianta ag sleamhnú leo. Na cinn is coitianta ár ndóigh; déan níos mó aclaíochta, ith bia níos sláintiúla, laghdaigh an méid  brú oibre agus níos mó ama a dhéanamh do na daoine is tabhacthaí i do shaol.

Aon duine a bhfuil aithne acu orm tá a fhios agaibh go mbím ag déanamh aclaíochta go rialta, ní hé go maith liom á dhéanamh ach mar gheall gur breá liom bia an oiread sin níl an dara rogha agam is fíor an ráiteas béarla domsa "a minute on the lips a lifetime on the hips"  :)
Ach sin ráite níl mé chun stop a chuir leis na turais go dtí cuid de na bialanna áille atá le fáil i nGaillimh agus mé freisin ag smaoineamh ar an uachtar reoite atá i mo reoiteoir :)

I mbliana an t-aon "New Years resolution" atá agam ná a bheith sásta!!!!!!  Chun é seo a bhaint amach tá mé chun cúpla tip beag a roinnt libh, na cinn a leanfaidh mé féin.

Ó thaobh cúrsaí beatha agus sláinte

1. Stop ag úsáid an focal DIET!!!!! Úsáidim an focal seo i bhfad ró-mhinic agus i ndáiríre an tionchar a bhíonn ag na meán cumarsáide orainn, tá sé do-chreidte maidir leis seo, níl ort ach dul ar facebook agus tá gach saghas diet luaite air, loose 5 pounds in 5 days, loose 10 pounds in 10 days agus mar sin de.  Níl aon "quick fix" anseo cé go dtaitneodh sé linn uilig!! So as seo amach ní chloisfidh sibh an focal seo uaimse!!!


2. Stop ag úsáid an scála meáchain!!!
Bhí uair ann nuair a sheasfainn ar an scála chuile lá ar fhaitíós go mbeinn ag cur suas meáchain, is faitíos a bhí anseo go gcuirfinn suas an meáchan a thóg sé chomh fada sin orm a chailleadh! An t-aon scála atá uaim anois ná mo chuid éadaí agus an chaoi a mhothaíom sna héadaí sin!



3. Déan siopadóireacht mór amháin gach seachtain: Cuidíonn sé seo le haiste bia sláintiúil a phleanáil agus a leanacht.  Coinnigh súil ar ár snapchat má tá suim agaibh i mbéilte blasta, éasca agus sláintiúil, beidh muid ag tabhairt roinnt oidis an-bhlasta daoibh.



4. Ith bricfeasta gach maidin: Seachain aon bhricfeasta atá lán le siúcra.  Bain trial as porridge, wheatabix nó ar bhain sibh trial as na "overnight oats" a dhéanann Síofra go rialta, nó más fearr libh líon carbahiodráití a laghdú agus bricfeasta le níos mó próitéin a bheith agaibh bain trial as na muifiní bricfeasta seo;





5. Bí aclaí ach bí réalaíoch!! Má bhíonn d'aiste bia sláintiúil beidh níos mó fuinnimh agaibh roinnt aclaíochta a dhéanamh! Seans go bhfuil lascainní ar fáil i ngach club aclaíochta an t-am seo den bhliain, ach bí réalaíoch an n-úsáidfidh tú é?  Níl sé éasca i gcónaí an t-am a dhéanamh don aclaíocht, ach trial routine do shaghas éigin a bheith agat fiú má théann tú ar shiulóid 15-20 nóiméad roimh obair nó ag am lóin, níl aon leithscéal agat, bíodh athrú éadaigh agat i do charr má bhíonn sé ag báisteach.   Is rud beag é seo ach tá mé chun trial a bhaint as.


Roinnt tips ginearálta le bheith sásta i 2016

6. Déan níos mó ama do do chlann agus do chairde!!  Ná déan dearmad orthu siúd a bhíonn ansin duit ó thús go deireadh na bliana.  Cá mbeadh muid gan cluas éisteachta agus comhairle na ndaoine seo.






7. Cuir tús le crúsca do smaointí dearfacha: Is iontach an smaoineamh é seo chun machnamh a dhéanamh ar na deá-rudaí a thiteann amach ó lá go lá i do shaol! ní chosnaíonn sé seo rud ar bith agus ní gá an iomarca a scríobh! Tháinig mé trasna ar an smaoineamh seo ar facebook agus is breá liom é!!!!





Seo mo Memory Jar féin, ag súil tús a chuir leis


8. Bronntanais a thugann "experience" nua do dhaoine;  Má tá tú ag ceannacht brontannais do dhaoine déan iarracht éispéiris dhifriúla a chuir ar fáil dóibh, tá sé éasca rudaí ábhartha nós éadaí, leabhar agus mar sin de a cheannacht ach ní minic a cheanaíonn muid rudaí a bhfuil taithí dhifriúla ag baint leo, m.sh ticéad do cheolchoirm, nó seó do shaghas éigin.  Is breá liom féin ag taisteal!!!
Ná déan dearmad an t-eolas seo a roinnt leo siúd atá ag ceannacht bronntanais duitse... tá súíl agam go bhfuil mo fhear céile á léamh seo!!!


Tá an countdown go DUBAI tosaithe!!!



9. Foghlaim rud amháin nua/bíodh dúshlán agat!! Tá mé ag iarraidh foghlaim le snámh... ba bhreá liom a bheith in ann é seo a dhéanamh nuair atá muid ar laethanta saoire! Nuair a bhí mé óg bhí faitíos orm roimh uisce agus cé go ndeachaigh mé ag ranganna snámha ní dhearna siad aon mhaitheas dom. I mbliana tá mé ag súil go dtiocfaidh athrú ar seo!

10.  Faigh réidh leis an teicneolaíocht  ar feadh cúpla uair gach lá! Labhair leis na daoine atá i do shaol, tá sé tábhachtach nach mbeadh an teicneolaíocht idir sibh, smaoinigh gurb iad seo na daoine is tabhachtaí a bheidh in éineacht leat i gcónaí agus ní na daoine sin atá ar na meáin shóisialta!



Is athraithe beaga iad seo gur féidir a shníomh istach i do shaol laethúil,  Tá súil agam nach gceapann sibh go bhfuil mé ró-uailmhianach....is duine réalaíoch mé agus tá súil agam go bhfaigheann sibh cuid de na tips úsáideach! Tá muid ar fad difriúl mar dhaoine ach is minic go mbíonn na smaointí céanna againn agus muid ag tabhairt aghaidh ar bhliain nua!

An cheist mhór ná an fiú "New Years Resolutions" a dhéanamh? Is rud an-phearsanta iad do chuile dhuine.  Tá súil agam gur thug an blag seo deis daoibh roinnt smaointí a chur le chéile daoibh féin.


Ádh mór do 2016
Grá mór,

Roseann
xxxx





















No comments:

Post a Comment