Wednesday, December 9, 2015

Is maith an t-anlann an t-ocras!! "Sweet treats" don Nollaig xx

Beannachtaí na Nollag dhaoibh a chairde, Roseann anseo!!

Mar atá s'agaibh faoin am seo tá grá agam don chócaireacht agus níl dabht faoi ach go bhfuil bacáil rudaí milse ar bharr an liosta.  Ag an scoil faoi láthair tá mo chuid scoláirí ar bís le tús a chuir le cócaireacht na Nollag agus caithfidh mé a rá is breá liom é!! Níl tada níos fearr ná cruthaíochas an ghlúin óig a fheiceáil sa seomra ranga. Agus níos fearr fós is leithscé é na hamhráin Nollag a chuir ar siúl, bíonn "an Fairytale of New York" agus "Snow is Falling" le cloisteáil go gealach an cúpla seachtain seo :)


Ó thosaigh mé mo ghairm sa mhúinteoireacht tíos is cinnte gur breá liom leithscéal ar bith roinnt cócaireachta a dhéanamh do chairde agus gaolta agus níl aon am níos fearr ná an Nollaig! 




Ní bean cácaí nollag mé ach is breá liom rud ar bith le seacláid so mar sin shocraigh mé mo mharóg briosca seacláide a roinnt libh, tá sé seo déanta agam le roinnt bhlianta anuas agus tá sé chomh héasca le déanamh! Tá mé ag súil go mbeidh cailiní Ghaeilge Le Glam ag baint trial as seo freisin:)


Má lean sibh na snapchats le cúpla lá seans go bhfaca sibh chomh simplí is atá an mhilseog seo!

Na comhábhair:




375g Digestives (nó do rogha brioscaí)

225g Seacláid Bhainne
225g Seacláid Dhorcha (Bournville más féidir)
150g Im
225g Golden Syrup
100g do do rogha comhábhair, marshmallows, risíní, cnónna, seacláid - d'úsáid mise malteasers agus caramel minis (mars bars)


An Modh:


  1. Ullmhaigh babhla plaisteach nó gloine, clúdaigh an babhla le cling film déanann sé seo cúrsaí níos éasca nuair atá an cáca le baint amach as.
  2. I mbabhla mór, bris na brioscaí i cheithre chuid, cuir leis na malteasers agus na caramel minis
  3. Leá an seacláid, im agus golden syrup i bpota ag teocht meánach.
  4. Measc na comhábhair ar fad le chéile
  5. Cuir an meascán isteach sa mbabhla agus ag úsáid brúiteoir, brú síos ar an meascán go bhfuil sé deas cothrom ar bharr.
  6. Clúdaigh é leis an gcling film
  7. Lig dó fuarú agus cur sa chuisneoir é thar oíche.




An lá dár gcionn má bhíonn deacracht agat é a bhaint ón mbabhla (nós mar a bhí agam féin), fliuch éadach le huisce te agus clúdaigh bun an babhla leis, lig dó an babhla a théamh agus ba cheart go dtiocfadh sé amach go héasca ansin!


Is fiú go mór roinnt ama a thógáil chun an cáca a mhaisiú, is maisiúchán an-éasca é seo do mharóg Nollag, tá sé an-simplí agus tá blas do-chreidte aige! Is í mo mhama fhéin a mhúin dom cén chaoi le maróg Nollag a dhéanamh ach buíochas mór le Dia aontaíonn sí féin ar deireadh gur rogha níos fearr (agus níos blasta)é an briosca seacláide :)



Na cómhabhair:

Bosca amháin Ready to Roll icing 
Colour Paste - Christmas Green agus Ruby
Sparkle dust (fuair mé é seo i Dealz ar €1.49!!!)


Treoracha:
  1. Gearr amach dhá theimpléad don reoán bán agus don chuileann.
  2. Cuir beagán siúcra reoán nó plúr arbhar ar an mbord agus is féidir an 'roll out icing' a fhuineadh nó go bhfuil sé bog.  
  3. Úsáid crann fuinte chun an reoán a rolláil amach nó go bhfuil sé cothrom.
  4. Gearr amach é agus cur ar bharr an cháca é (ba cheart go ngreamódh sé go héasca de bharr an seacláide)
  5. Ag úsáid miotóga plaisteacha cuir dath dearg agus glas air le beagán den reoán.
  6. Gearr amach an cuillean agus cur ar a bharr é.
  7. Is féidir scuab a úsáid chun an sparkle dust a chur ar a bharr freisin.




Agus sin é!!!  

Is féidir an cáca a stóráil i mbosca (ón aer úr) agus mairfidh sé ar feadh seachtaine.... ach ní dóigh liom go mairfidh sé chomh fada sin in aon teach :)

Tá mé díreach anseo anois agus an boladh álainn seacláide go mo leagan amach, is mór an trua nach liom é!!  Tá coicís fhada oibre fágtha ach geallaim daoibh ní bheidh dé ná deatach orm fhéin ná ar mo cháicín nuair a fhaighim an deis gearradh isteach i mo cheann féin!!! Is cinnte go maith an t-anlann an t-ocras sa chás seo:)

Má bhíonn deis agaibh trial a bhaint as seo cuir roinnt pictiúir nó snapchats ar aghaidh chugainn! Nó má tá aon smaointí eile (éasca) agaibh ba bhreá liom trial a bhaint astu!

Bainigí taitneamh as an mbacáil!! 

Slán go fóilín, 

Grá mór, 
Roseann -xxxxx-







No comments:

Post a Comment