Wednesday, December 2, 2015

Síoda- Oiche Oscailte: Gruaig, Smidiú agus Táirgí Áilleachta!

Bhí oíche oscailte ag Síoda ar an Spidéal ar an Déardaoin, an 26ú Samhain agus thug mé féin, Gearóidín agus Roseann ár n-aghaidh soir chuige. Bhí na ticéid ceannaithe againn roimh ré agus muid ar bís faoin oíche spraoúil a bhí amach romhainn.






Is custaiméirí rialta an triúr againn ag an ngruaigaire agus an salon áilleachta. Faighimid ár ngruaig, ár maillí nó fiú ár n-ingne déanta anseo. Le bheith faireáilte tá sé ar nós an dara baile ag an staid seo.  Níl ar Deirdre ach an fón a fhreagairt agus aithníonn sí mo ghlór.

Ok so faoin oíche í féin, mar a dúirt mé, cheannaigh muid na ticéid roimh ré. Ní raibh siad ach €20 an ceann agus aon duine a bhíonn isteach 's amach ag Síoda agus a chuaigh ag Oíche Oscailte dá gcuid cheana, tuigeann sibh go mbíonn an-oíche ann. An rud ab fhearr faoina ticéid ná dá gceannfá aon rud ar an oíche, bhainfidís costas na dticéid ón iomlán, mar sin cheannaigh muid ar fad táirgí, níos mó fúthu seo thíos :) 

De bharr go raibh muid ag obair, bhí sé thart ar a sé nuair a tháinig muid ann agus cuireadh fáilte romhainn ag an doras agus thóg siad ár gcótaí. Ní raibh na cótaí ach bainte dínn nuair a tháinig Janice le gloine Prosecco. Bhí atmaisféar deas, séimh, christmassy ann an oíche sin (amhráin Nollag le cloisteáil sa chúlra). Bhí Jackie, Janice, Amanda, Bernie, Aiste nó Bríd réidh ansin le beagán demos a dhéanamh le do chuid gruaige.



Bhí aoi-speisialta acu ar an oíche freisin, saineolaí a bhí ann ar an scalp agus rinne an triúr againn an scrúdú (Tá scalp sláintiúil againn uilig buíochas le Dia) Fuair Gearóidín agus Roseann curls ina gcuid gruaige (saor in aisce!!!) agus dhírigh Amanda domsa í mar go bhfuil mo ghruaig níos gaire.


Seo é an cineál meaisín a d'úsáid siad, chuimil an fear ó Nixon é seo ar ár ngruaig agus ansin tháinig pictiúr dár scalp aníos ar a scáileán, bhí sé cosúil le x-ghatha ar do chuid gruaige. 

Bhíomar ag caint s' ag cómhrá ansin agus muid breá compórdach agus ar ár sáimhín só. Sula a raibh a fhios againn é bhí sé in am baile. Cheannaigh mise an seampú a bhíonn agam go hiondúil. Tá sé thar barr do dhaoine le gruaig fhionn/dhaite mar faigheann sé réidh leis an  'brass' a thagann théis cúpla seachtain. Ní theastaíonn ach méid d'ordóg uait agus maireann sé thart ar dhá nó trí mhí domsa.


Fuair Gearóidín an Moroccon Oil Hydrating Mask..... Is ceann nua é seo atá sí ag baint triáil as. Ach cheapfainn go bhfuil sí i ngrá leis cheana, tá an boladh atá ar aon tháirge ag Moroccon Oil do-chreidte.



Cheannaigh Roseann An Nioxin, Hair System Kit uimhir 5 (Déan cinnte go bhfaigheann tú an ceann a oireann do do chuid gruaige féin). Tá an t-ádh dearg ar Roseann mar tá a cuid gruaige díreach go nádúrtha agus ní theastaíonn uaithi ach é a thriomú agus tá sí díreach. Arís is táirge nua é seo do Roseann agus deir sí liom go bhfuil sé ag déanamh difríochta dá cuid gruaige cheana féin mar bhí a cuid gruaige ag fáil níos éadroime le tamaill anuas.
Nuair a chuaigh an triúr againn suas chun ár dtáirgí a íoc, tugadh goodie bag dúinn, Má leanann sibh ar Snapchat muid, feicfidh sibh na rudaí áille a bhí istigh. Bhí idir tháirgí, seampúanna, mascanna, smidiú agus táirge don éadan. Chomh maith leis sin bhí dearbhán  do €15 le n-úsáid i mí Eanaír (foirfe théis an Nollag)




Seo'd cuid den réimse leathan táirgí atá ar fáil ann, dèanaim cinnte go mbíonn an sparán liom i gconaí ar fhaitíos na bhfaitíos nach mbeadh mo dhóthain agam!





Bhuel caithfimid a rá go raibh an-oíche againn i Síoda agus mholfainn do dhuine ar bith cuairt a thabhairt air. Tá seirbhísí d'ardchighdeán á chur ar fáil acu agus an foireann i gcónaí cairdiúl agus oibligeádach.
Aisling, Roseann agus Gearóidín
xxx















No comments:

Post a Comment