Sunday, December 20, 2015

Riteoga Le Glam

Haigh a chairde,

Síofra anseo arís! Agus an t-am seo, ábhar an bhlag an Domhnach seo ná riteoga le patrún iontu nó 'patterned tights' mar is fearr aithne orthu! Níl sé chomh fuar faoi láthair ach is cinnte go mbeidh riteoga ag teastáil uair éigin i rith an gheimhridh seo nó roimh an tsamhraidh ar a laghad!! Sooo, shíl mé go mbeadh riteoga atá cineál níos jazzy nó níos suimiúla ag teastáil uaim! So chuardaigh mé riteoga ar líne agus cheannaigh mé cúpla péire ó River Island agus mytights.com agus táim chun iad a theaspáint daoibh anseo!





Wednesday, December 16, 2015

Pitseámaí na Nollag

Dia dhaoibh a chairde, 

Cén chaoi a bhfuil sibh? An gcreideann sibh go bhfuil an bhliain beagnach thart? Agus nach é atá imithe sciobtha! 

Tá mé ar ais libh inniu le blag eile faoin Nollaig agus ceann de na rudaí is deise liom faoin Nollaig. Níl tada níos fearr liomsa ná pitseámaí nua a fháil/a cheannach. Tá traidisiún beag agam féin agus mo dheirfiúracha, gach uile bhliain ceannaímid pitseámaí nua agus ansin Oíche Nollag tar éis an Aifrinn cuireann muid orainn iad agus níl tada níos deise. D'fhéadfainn an lá uilig a chaitheamh iontu Lá Nollag. Mar sin do mo bhlag deireanach i 2015 tá mé ag cur cúpla sampla deas pitseámaí le chéile díobh. Bheidís go deas a bheith i stoca Santaí i gceann seachtaine ;) 




Saturday, December 12, 2015

Geansaithe Glam don Nollaig :)

Dia dhaoibh a Ghlams, cén chaoi a bhfuil sibh? An bhfuil sibh chomh excited liomsa agus maisiúcháin, siopadóireacht, ceannach agus ullmhú na Nollag faoi lán seol? Is gearr anois go mbeidh sé in am na geansaithe agus na gúnaí Nollag a tharraingt amach arís :) Nó má tá sibh ag smaoineamh ar gheansaí nua a cheannach, beidh sibh sásta leis an mblag seo. Sa mblag seo beidh mé ag díriú ar gheansaithe Nollag do mhná agus d'fhir. Uiareanta déanann muid desrmad ar na fir ach ná bí buartha smaoinigh mise oraibh anocht!!!

AGUS!!!! Má tá madra beag agat ní dhearna mé dearmad air nó uirthi sin ach oiread. An tseachtain seo caite chuir mé suas 'Meme' ar Facebook. Séard a bhí ann ná pictiúr de 'Pug' agus 'Pug Mo Thóin scríofa air. Fuair sé an oiread airde agus nuair a chonaic mé an culaith seo don mhadra, bhí orm a chuir isteach. Nach bhfuil sé ar cheann de na rudaí is deise dá bhfaca tú riamh agus ní bean mór ainmhí mé, cé go bhfuil mé ag iarraidh 'mada beag bán' nuair a bhogfaidh mé isteach i mo theach nua ach ní ligfidh sé fhéin cead dhom (ach tá mé ag obair air). 


Wednesday, December 9, 2015

Is maith an t-anlann an t-ocras!! "Sweet treats" don Nollaig xx

Beannachtaí na Nollag dhaoibh a chairde, Roseann anseo!!

Mar atá s'agaibh faoin am seo tá grá agam don chócaireacht agus níl dabht faoi ach go bhfuil bacáil rudaí milse ar bharr an liosta.  Ag an scoil faoi láthair tá mo chuid scoláirí ar bís le tús a chuir le cócaireacht na Nollag agus caithfidh mé a rá is breá liom é!! Níl tada níos fearr ná cruthaíochas an ghlúin óig a fheiceáil sa seomra ranga. Agus níos fearr fós is leithscé é na hamhráin Nollag a chuir ar siúl, bíonn "an Fairytale of New York" agus "Snow is Falling" le cloisteáil go gealach an cúpla seachtain seo :)


Ó thosaigh mé mo ghairm sa mhúinteoireacht tíos is cinnte gur breá liom leithscéal ar bith roinnt cócaireachta a dhéanamh do chairde agus gaolta agus níl aon am níos fearr ná an Nollaig! 

Friday, December 4, 2015

Cuir an Glam i do Chulaith an Nollaig seo x

Cén chaoi a bhfuil sibh a chairde?

Bhuel tá an Nollaig ag fáil níos gaire agus níos gaire, go bhfóire Dia orainn agus gan tada déanta agam fós! Aon uair a bhuaileann fonn siopadóireachta mé, is dom féin a théim ag ceannach!

Ar aon nós....

Cúpla smaoineamh agam thíos díobh ar cén chaoi ar féidir linn ár gcuid feistis a bheith 'glam' an séasúr seo.  Mar atá a fhios ag go leor daoine fúmsa, is breá liom mo chuid slabhraí. Is féidir leo cur le haon chulaith, ó t-léine simplí bán go gúna beag dubh, is féidir iad a ghléasadh suas le slabhra. Rud amháin a dhéarfainn libh, ná, má tá tú ag ceannach slabhra, ceannaigh ceann a ghabhfas le cúpla culaith!

Seo cúpla ceann atá agamsa, cruinnithe le chéile thar na mblianta!




Wednesday, December 2, 2015

Síoda- Oiche Oscailte: Gruaig, Smidiú agus Táirgí Áilleachta!

Bhí oíche oscailte ag Síoda ar an Spidéal ar an Déardaoin, an 26ú Samhain agus thug mé féin, Gearóidín agus Roseann ár n-aghaidh soir chuige. Bhí na ticéid ceannaithe againn roimh ré agus muid ar bís faoin oíche spraoúil a bhí amach romhainn.



Saturday, November 28, 2015

Bróga na Nollag! 'Dancing Queen'

I


Helloooo a chairde ghlam, Síofra anseo arís!

Mar is eol daoibh, táim i ngrá agus cineál gafa le gach sórt bróige go háirithe na cinn áille agus arda. Breathnaím i bhfad níos fearr agus níos proifisiúnta nuair atáim ag caitheamh bróga le hardchaighdeán agus le stíl mhaith ag baint leo.

Má chonaic tú ár mír ar Chlár Roisín ar TG4, chuimhneofá go bhfuil siopa bróga ag mo dhaid agus go bhfuilim i gcónaí  ag ordú bróga nua agus á gceannach! Tá grá ollmhór agam do bhróga agus ní ón ngrian ná ón ngealach a fuair mé an grá aeo. So shocraigh mé blag a scríobh daoibh ar na bróga is fearr liomsa faoi láthair! 

Tá súil agam go mbainfidh sibh taithneamh as an mblag agus b'fhéidir go mbeadh sibh ag tnúth le píosa siopadóireachta a dhéanamh i rith na deireadh seachtaine seo!!

An chéad phéire atá piocaithe agam ná na cinne seo ó Missguided.eu. Bíonn sé an-deacair bróga dúghorma a fháil agus ceapaim go mbeadh an péire seo an-úsáideach agus classy don gheimhreadh le skinnies denim, sciorta nó gúna fiú!!



Is aoibhinn liom na cinn seo ó Kurt Geiger atá ar fáil ar kurt geiger.ie - Ghléasfaidís péire dubh skinnies go héasca! Tá siad beagáinín níos daoire ná na cinn eile ach mar a deir an seanfhocal Ní mhaireann aon rud ach seal! So, a chailíní bainigí sult as bhur saolta agus caith bhur gcuid airgid inniu!!


Wednesday, November 25, 2015

Ag dul amach ar na tiles an geimhreadh seo? Gúnaí deasa agus LBD's riachtanach!

Níl mé in ann a chreidiúnt go bhfuil mé suite anseo anocht ag scríobh an bhlag seo ar ghúnaí don Nollaig! Cá ndeachaigh an bhliain? Mothaím nach bhfuil sé i bhfad ó bhí mé ag tosnú scoilbhliain nua agus anois tá an Nollaig i bhfoisceacht ceithre seachtaine uainn!!

Leis an Nollaig tagann oícheanta go maidin, laethanta fuara i do chuid pitseamaí ag féachaint ar scannáin Nollag le bosca Roses le do thaobh agus gan tada ag cur isteach ort ach céard a íosfaidh tú nó cén chéad scannán eile a fhéachfaidh tú air. Ach freisin bíonn an t-uafás ag dul ar aghaidh i rith na Nollag. Bíonn cóisirí, bainsí agus oícheanta ar na tiles mar 'Sí an Nollaig í'

Sin an áit a dtagaimse isteach anocht. Sa bhlag seo beidh muid ag féachaint ar ghúnaí a bheadh feiliúnach d'oíche randamach i rith na Nollag agus fiú má tá bainis ag teacht aníos b'fhéidir go bhfeicfeá do ghúna anseo.

An chéad dhath atá roghnaithe agam ná dearg/burgundy. Ní fhéadfá gan gúna dearg a bheith i vardrús don Nollaig agus feicfidh sibh thíos ceithre cinn atá curtha suas anseo agam. D'fhéadfainn na céadta eile a bheith curtha leis agam ach roghnaigh mé gan níos mó ná ceithre cinn a phiocadh. D'inis Roseann dom faoin suíomh SheIn.com agus mé i mbun taighde don bhlag seo... WOW! Tá sé iontach! An t-aon rud faoi ná tógann sé dhá nó trí seachtaine chun na héadaí a fháil, mar sin cuir isteach d'ordaigh ANOIS! Bhí mé ar Pinterest freisin agus chonaic mé an culaith álainn thíos. (An tríú pictiúr síos) Nach álainn é? Níl a fhios agam cén áit a bhfuil sé le fáil ach cheap mé go raibh sé go hálainn.


Ceannaigh

Saturday, November 21, 2015

Culottes, Jumpsuits & Sparkles don Nollaig

Bhuel a chairde agus muid ag teacht níos gaire don Nollaig tá mé féin agus na cailiní ó Ghaeilge Le Glam ag smaoineamh ar na cóisirí, bainsí agus oícheanta amach atá amach romhainn.  An chéad ócáid gléasadh suas atá agam féin ná mo chóisir oibre agus an rud is tábhachtaí domsa ná m'éadaí a bheith roghnaithe roimh réidh chun an 'panic' a sheachaint, seans go dtuigfidh sibh féin é sin. Nuair a théim ag cóisir oibre, is oíche fhada a bhíonn inti idir an t-ullmhúchán, an dinnéar agus ár ndóigh an damhsa. Is breá liom mo chulaith a bheith compórdach agus classy agus ó tharla gurb í an Nollaig í, cinnte teastaíonn beagáinín sparkle :)  




Feicfidh sibh thuas an stíl álainn chic atá ag leithidí Rhianna, Alexa Chung agus Olivia Palermo! 


Caitheann Olivia Palermo jumpsuits agus culottes go minic, i rith an lae agus san oíche! Is breá liom an stíl simplí atá aici agus breathnaíonn sí foirfe i gcónaí!!! Tá mé ar thóir culottejumpsuit deas le cúpla seachtain anuas, táim tar éis an t-uafás ama a chaitheamh ar líne ar thóir an ceann is fearr domsa.  Is maith liom mo ghualainn a bheith clúdaithe más féidir agus tá sé tábhachtach go suífadh an fabraic ar an tóin i gceart!!

Seo hiad na cinn is fearr liom go dtí seo,    Céard a cheapann sibh?

Mar atá luaite i dteideal an ailt seo tá na sparkles riachtanach don séasúir seo mar sin shocraigh mé an jumpsuit álainn seo a thaispeáint daoibh ar dtús;


Ceannaigh anseo

Tá an t-uafás jumpsuits ar fáil sna siopaí an t-am seo den bhliain agus tá dath dubh ar an bhformhór acu. Tá siad ar fáil i réimse leathan fabraicí agus stíleanna.  Is breá liom na cinn dubha mar is cinnte gur féidir éagsúlacht a thabhairt dóibh ag an muinéil, má chuireann tú slabhra difriúil ort leis.  Seo na cinn is mó a sheas amach domsa agus tá siad ar fad ar fáil ar idir chostas €30 agus €100.  








                                                               

Tháinig mé trasna ar an jumpsuit seo cúpla lá ó shin agus shábháil mé an pictiúr i m'fhón póca ach níor shábháil mé an nasc.  An bhfaca éinne agaibh jumpsuit mar seo in aon áit?? Ár ndóigh bíonn mé i gcónaí ag iarraidh an rud nach bhfuil mé in ann teacht air!!  Is breá liom é de bharr an lása atá air agus clúdaíonn sé na lámha :)




Ní féidir a shéanadh go mbíonn muid compórdach ag caitheamh éadach dubh ach is féidir roinnt jumpsuits, culottes agus treabhsair palazzo a fháil i go leor dathanna difriúla.  Seo cuid de na cinn daite is mó a sheas amach domsa, ní raibh mórán acu ar fáil le patrúin éagsúla agus is iad marún agus gorm na dathanna ba coitianta.  







  

Ceannaigh anseo                  Ceannaigh anseo



Mar a dúirt mé ta mé ar thóir culaith den chineál seo do chóisir na Nollag.  Coinnigh súil ar ár meán shóisialta go bhfeicfidh sibh mo rogha :) 

Bainigí taitneamh as an siopadóireacht!! níl sé ach ina thús domsa, creidim nach bhfuil aon leiscéal níos fearr ná an Nollaig chun airgead a chaitheamh ar éadaí!

Slán tamaillín,

Roseann  - xXx - 













Wednesday, November 18, 2015

15 Bronntanas don Stoca Santaí faoi €15

Hello a chairde, cén chaoi a bhfuil sibh?

Níl's agam, an maith le mórán agaibhse an Nollaig? Caithfidh mé a rá gur breá liomsa í! B'fhearr liom i bhfad an saghas 'build up' don Nollaig, na laethanta agus fiú na seachtainí roimpi, ag breathnú thart sna siopaí agus ag ceannach bronntanais do dhaoine eile agus ar ndóigh dom féin! Caithfidh duine éicint aire a thabhairt dúinn nach b'ea a chailíní ;) 

Ar aon nós, má tá sibh chun breathnú ar rudaí le cur síos sa stoca santaí teastaíonn stoca mór uainn! Molaim díobh an ceann is mó atá sibh in ann a fháil a cheannach, sé is mó an stoca, is é is mó atá in ann a dhul síos ann ;) 

Tá an ceann seo go deas, is féidir iad a cheannach i go leor siopaí, ach tháinig mé trasna ar an suíomh seo an lá cheana: 

Má tá aon duine agaibh cosúil liomsa, agus liosta agaibh chomh fada le bhur lámh, b'fhéidir go dteastódh sé seo uaibh: 

Anois céard a chuirfidh muid sa stoca/sa mhála??? Féach ar na rudaí seo a leanas: 

15 rud gur cheart a bheith i do stoca santaí: 

1. Travalo Classic Excel Refill Perfume Spray:
Tar éis dúinn a bheith ar chlár Róisín ar TG4 chuir an t-uafás daoine ceisteanna orainn, cén áit a bhfuair Aisling an buideálín beag a bhí aici! Caithfidh mé a rá nach raibh mórán cur amach agamsa ar ach oiread, ach tá mo chuid obair baile déanta inniu agam ;) 

2. Lipgloss le solas agus scáthán:
A chailíní- Féach ar seo- An raibh aon duine agaibh riamh amuigh, agus níl sibh ag iarraidh seasamh i scuaine mór fada chun do chuid lipstick/lipgloss a chuir ort? Bhuel tá leigheas agam ar an scéal seo anois ;) 


3. Leabhair Daite don Dhaoine Fásta:
Tá 'mindfulness' an-tábhachtach sa lá atá inniu ann, agus tá sé tábhachtach go dtabharfaimis aire dúinn féin, go háirithe leis an méid strus agus brú a bhíonn ar dhaoine sa lá atá inniu ann. Chuala mé féin agus Aisling faoina leabhair daite seo le déanaí agus mar sin cheannaigh mé iad. Níor cheap mé go ndéanfaidís mórán difríochta ach caithfidh mé a rá nuair atá tú ag dathú iontu seo, tógann sé go leor airde, go háirithe agus tú ag iarraidh coinneáil taobh istigh de na línte. Chaith mise leathuair an chloig ag dathú tráthnóna amháin agus ní raibh mé ag smaoineamh ar aon rud eile ach é. 


 
             Ceannaigh Anseo ar €13.50                   Ceannaigh Anseo ar €14.25


4. Dath Bréige
Caithfidh muid smaoineamh ar cén t-am den bhliain í! Níl aon duine againn ag iarraidh a bheith inár mbuidéalín bainne mar sin teastóidh dath bréige uainn, agus ní bheadh rud ar bith níos measa ná a bheith ag dul amach Oíche Stiofáin agus gan é againn: 

Úsáidim féin an 'One hour tan' an ceann 'medium' agus fágaim orm thar oíche é, ceapaim go dtagann sé amach go hálainn ansin. 

       Gift set álainn le fáil anseo ar €9.95 
                                               
5. Pléascóg Nollag 
Níl tada níos measa ná pléascóg nollag a bhfuil droch jóc istigh ann le bréagán beag plaisteach. Bhuel a chairde féach orthu seo: 

                                        Ceannaigh Anseo                   Ceannaigh Anseo

6. Balsam Béil: 
Ní mhór dúinn aire a thabhairt do na liopaí an t-am seo den bhliain. Tá an 'Gift Set' Vaseline seo le fáil i Dunnes agus Tesco ar 6: tá sé go hálainn: 
                                                   Ceannaigh Anseo                           


7. Fleasc Tae/Cupán Caifé/Buidéal Uisce
 Aon duine amuigh ansin ar maith leo tae/caifé a thabhairt leo i ngach áit? Nó an mbíonn aon duine ag seasamh i scuaine ag an oighean micreathonn ag am lóin? Taitneoidh sé seo libh ar €15.60: 
                    Ceannaigh Anseo                                 Ceannaigh Anseo
                                                                                                        

Tá siad seo an-áisiúil i do mhála freisin ar €14.99: 



8. Cupáin Ghlan/ Juganna do Shúnna
Tá na juganna beaga seo i ngach áit, agus má thaitníonn bhur gcuid súnna libh, tá siad go hálainn astu seo, is féidir an ceann seo a cheannach ar €7.90: 

Caithfidh mé a rá nach n-ólann mise mórán súnna ach is breá liom tae agus táim cinnte go bhfuil neart eile cosúil liom, cupáin álainn 'glam' thíos anseo:


9. Leabhair Nótaí
Tá mise gafa le 'Stationary', is breá liom é, nach deas é an leabhar nótaí beag seo agus peann á mheaitseáil ar 7.90. Tá an ceann ar thaobh na láimhe deise le fáil ó chomhlacht darb ainm 'dustyboy designs' ar €12.90.


11. Táirgí Ingne:
Caithfidh muid aire a thabhairt dár gcuid ingne freisin, sa séasúr speisialta seo: 
Ceannaigh Anseo ar 15.50                                                        
                Ceannaigh Anseo ar 3.50

12. Buidéal Te: 
Agus an aimsir ag éirí fuar don Gheimhreadh teastaíonn cúpla rud te uainn ;)

          Ceannaigh Anseo ar 11.95                      Ceannaigh Anseo ar 10


13. Stocaí agus Pitseamaí: 
 Ceannaigh Anseo ar 4                       Ceannaigh Anseo ar 5

14. Táirgí don Fholcadán: 
Tá's agam nuair a bhíodh mé féin agus mo dheirfiúr níos óige, gheobhaimis bubble bath agus bhíodh boladh bréan uaidh. So seo do mo dheirfiúr ;) 
  

15. Coinnle 
          
Ceannaigh Anseo ar 19                    Ceannaigh Anseo ar 13                   


Ní féidir do dhóthain rudaí milse a bheith agat ag an Nollaig agus ní bheadh aon stoca santaí ceart muna mbeadh milseáin nó seacláid thíos ann!

Bhuel a chairde tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh astu seo! Níl iontu ach cúpla smaoineamh! Seolaigí bhur gcuid smaointe againn trí Facebook, Snapchat nó Instagram!

 Tosaigí ag scríobh bhur gcuid liostaí go luath agus bí ag piocadh suas corr rud anonn is anall, déanfaidh sé an jab mór i bhfad níos éasca ar ball, 

Grá Mór, 

Gearóidín x