Thursday, April 14, 2016

Mo mhála beag draoíochta!

Hello glams.. Síofra anseo!

Don bhlag seo ba mhaith liom na tairgí atá i mo mhála smidiú a roinnt libh! 
Is aoibhinn liom smidiú. Nílim go han-mhaith ag 'contouring' nó 'baking' nó aon rud mar sin ach taitníonn smidiú agus cúrsaí áilleachta go mór liom.




An chéad rud a chuirim ar m'aghaidh tar éis mo moisturiser ná mo SPF. Tá sé riachtanach go n-úsáidtear SPF gach uile lá fiú sa Gheimhreadh. Úsáidim an ceann seo ó Jan Mairini - labhair mé faoin táirge iontach seo cheana ach caithfidh mé a rá nach bhfágaim an teach gan é! Ceannaím é in The Beauty Quarters in Oran Mór i nGaillimh. 

 

Is iad na day-foundations is fearr liom ná Even Better ó Clinique agus True Match ó l'Oreal. Tá an péire acu thar barr. Ní thugann siad lán-chlúdach duit ach ní maith liom an 'look' sin ar aon nós. Caithfidh mé a bheith in ann mo chraiceann a fheiceáil!!! Níl na foundations costasach ach an oiread. Agus ní chaithfidh tú an t-uafás díobh a úsáid.



An chéad rud eile a úsáidim ná mo concealer. Labhair mé faoin concealer seo ó Clarins. Instant Concealer an t-ainm atá air agus is breá liom é. Ceann de na concealers is fearr a d'úsáid mé riamh! Cosnaíonn sé €26 agus is fiú é. Úsáidim é faoi mo chuid súile, timpeall mo shrón agus ar spotaí má tá siad orm! Tá sé an-éadrom agus ní bhreathnaíonn sé 'cakey'.



Is aoibhinn liom Minearalize Skinfinish Powder ó Mac agus úsáidim brozner ó Laura Mercier! Tá an dá rud seo an-mhaith ar fad agus níl aon cheist faoi ach go mbeidh mé a gceannacht arís!


Ansin, nuair atá an powder agus an bronzer déanta déanaim mo mhalaí! Ní úsáidim ach eyeshadow ó Mac darb ainm Mystery agus scuab uimhir 266 ó Mac. Is féidir leat aon eyeshadow a úsáid (beidh sé ag brath ar dhath na súl/mala dar ndóigh) agus tá scuab iontach eile ag Inglot - uimhir 31T.

Ó lá go lá, úsáidim an Pippa Palette, Superliner ó l'Oreal agus Mascara ó Lancome!
Tá súile gorma agam agus mar sin téann eyeshadows atá cineálín oráiste an-deas leo. Agus mar sin, is aoibhinn liom an dath 'Tobi' ón bPippa Palette.

Bainim úsáid as eyelash curler (catóir fabhraí) freisin gach uile lá!
Tip: Úsáid an triomadóir gruaige chun píosa teasa a chur air sula n-úsáideann tú é.. Ach, bí cúramach!!




   


Agus ar deireadh, cuirim lipliner agus lipstick orm! Is aoibhinn an dath seo Please Me ó Mac. 
Cuirim lipliner leis i gcónaí!


   



Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as an mblag seo agus mar is gnách má tá aon cheisteanna agaibh seol ríomhphost nó snap chugainn!

Slán go fóillín, 
       Síofra. xx       
       

       

  
            



       





No comments:

Post a Comment