Saturday, December 12, 2015

Geansaithe Glam don Nollaig :)

Dia dhaoibh a Ghlams, cén chaoi a bhfuil sibh? An bhfuil sibh chomh excited liomsa agus maisiúcháin, siopadóireacht, ceannach agus ullmhú na Nollag faoi lán seol? Is gearr anois go mbeidh sé in am na geansaithe agus na gúnaí Nollag a tharraingt amach arís :) Nó má tá sibh ag smaoineamh ar gheansaí nua a cheannach, beidh sibh sásta leis an mblag seo. Sa mblag seo beidh mé ag díriú ar gheansaithe Nollag do mhná agus d'fhir. Uiareanta déanann muid desrmad ar na fir ach ná bí buartha smaoinigh mise oraibh anocht!!!

AGUS!!!! Má tá madra beag agat ní dhearna mé dearmad air nó uirthi sin ach oiread. An tseachtain seo caite chuir mé suas 'Meme' ar Facebook. Séard a bhí ann ná pictiúr de 'Pug' agus 'Pug Mo Thóin scríofa air. Fuair sé an oiread airde agus nuair a chonaic mé an culaith seo don mhadra, bhí orm a chuir isteach. Nach bhfuil sé ar cheann de na rudaí is deise dá bhfaca tú riamh agus ní bean mór ainmhí mé, cé go bhfuil mé ag iarraidh 'mada beag bán' nuair a bhogfaidh mé isteach i mo theach nua ach ní ligfidh sé fhéin cead dhom (ach tá mé ag obair air). 




Tá sé an -éasca geansaí Nollag a phiocadh suas i siopa ar bith an Nollaig seo ach tá sé deacair ceann a fháil atá difriúil ach nach mbeidh ag aon duine eile. An chéad cheann thíos, is as Penneys é agus is breá liom é mar go bhfuil an leoraí 'Coca Cola' air. Níl duine nach n-aithneodh an leoraí seo mar go mbíonn saghas countdown ann go dtagann an leoraí seo go dtí an chathair is gaire duit (Bhí an leoraí seo i nGaillimh Dé Domhnaigh seo caite. Ní chosnaíonn an geansaí ach €25 ach oiread.

Tá na geansaithe  faighte i bhfad níos faiseanta ags níos nua-aimseartha freisin. Fadó bheadh Santaí nó dathanna dearg agus glas orthu agus sin sin ach anois tagann siad i ndathanna éagsúla le cartúin dhifriúla nó carachtair ó chartúin srl. Ismaith liom an chéad dhath thíos, níl ceachtar de na dathanna a chuirtear leis an Nollaig sa gheansaí seo ach fós breathnaíonn sé christmassy. Thosaigh mé ag gáire nuair a chonaic mé an tríú ceann mar gur ag magadh faoi amhrán Miley Cyrus atá sé,' Wrecking Ball'. Nach aisteach Santaí a fheiceáil dána. Tá an t-uafás geansithe deasa, éagsúla le fáil ar an suíomh funkychristmasjumpers.com agus is ar an suíomh sin a chonaic mé an tríú geansaí thíos.




Uaireanta ceapann daoine gur cheart go mbeadh santaí, rudolph, elf nó crann Nollag ar an ngeansaí go mbeidh sé ina gheansaí Nollag, ach ní mar sin atá. Tá an ceann seo thíos foirfe do dhaoine nach maith leo na geansaithe eile. Tá an ceann seo go hálainn agus é ar fáil ar newlook.com, níl sé ach €22. Nach iontach an margadh é.








Tá a fhios againn gur ag ceiliúradh breithlá Íosa Críost atá sa Nollaig agus mar sin feileann an geansaí seo. Arís nach cliste an smaoineamh atá ann.



Anois mura maith leat na geansaithe nó má cheapann tú go bhfuil siad ró-the, ná bí imníoch, tá plean B agam :) Breathnaigh ar na gúnaí seo. Is rud nua go leor iad seo ar na margaí. Tá siad an-deas agus freisin uaireanta bíonn na geansaithe an-te agus mar sin bheadh siad seo handy sa chás sin. Tá fad deas iontu freisin agus iad le fáil getthattrend.com. Tosaíonn na praghsanna ag thart ar €18-€25 agus mar sin  ní bhrisfidh siad an banc.




Agus ar deireadh thiar thall na fir, ní dhearna mé dearmad oraibh sa mblag seo. Nach deas iad na geansaithe thíos, tá siad deas simplí. Bheadh siad foirfe don oíche  a dtéann sibh amach le haghaidh na '12 pubs' a dhéanamh. Nó fiú Lá Nollah nach iad a bheadh go dea oraibh.

 Ceannaigh Anseo




Agus sula dtagaim ag a dheireadh cúpla pictiúr eile de ne 'celebs' ag caitheamh na ngeansaithe. Agus sin go díreach atá i gceist leis an Nollaig: spóirt, spraoi, agus ceiliúradh. 






Tar éis chomh cantalach is a bhíonn Kanye West fós bíonn sé sa ghiúmar i seásúr na Nollag. Ní hamháin sin ach an bhfuil beagán de mheangadh le feiceáil ar a aghaidh??


Diabhal dada eile le rá agam sa mblag seo ach bainigí taitneamh as ceiliúradh na Nollag agus bígí sábháilte. Se é an blag deiridh uaimse go dtí an bhliain nua. 
Go mbeidh Nollag Shona agaibh go léir
Le grá,
Aisling
xxx


No comments:

Post a Comment