Wednesday, September 30, 2015

Bí teolaí i gCótaí an Gheimhridh

Cé go nathraíonn na séasúir, tá s'againn nach féidir brath ar an aimsir anseo in Éirinn! Anois agus muid ag tabhairt aghaidh ar an nGeumhreadh, an píosa éadaigh is tábhachtaí don vardrús ná cóta faiseanta stiallmhar! 

Bíonn daoine den tuairim go bhfuil gá le rogha mór cótaí sa vardrús ach is a mhalairt atá ann dar liom.  Ná cuirfeadh praghas an dallamullóg ort ach oiread má chaitheann tú airgead ar chóta beidh áit dó sa vardrús ar feadh na mblianta! 



Is breá liom cóta deas a cheannach don Gheimhreadh go hiondúil déanaim neart taighde roimh ré, seo cuid de na cótaí atá feicthe agam go dtí seo atá oiriúnach do gach saghas buiséad agus do gach saghas aimsir ó bháisteach, stoirm agus sneachta! 

Seo cuid de na cótaí neamhfhoirmeálta, is féidir na cótaí seo a chaitheamh ó lá go lá agus tú i mbun gnáthchúrsaí an lae mar shampla agus tú ag siopadóireacht :) 

Tá an 'Parka' fós go mór sa bhfaisean i mbliana tá an dath glas 'Khaki' agus dú-ghorm go mór ar an margadh.  

Thosaigh mé an cuardach i Zara, bíonn rogha iontach cótaí acu agus tá an caighdeán iontach ar fad agus níl siad ró-throm ar an bpóca ach oiread.

Is maith liom faid an Parka éadrom seo ó Zara ar €59.95. Tá lomra nó 'fleece' ar an taobh istigh freisin ach níl an fabraic ró-thiubh.  Is féidir é a fháil i dath dubh freisin.





Is fabraic olann atá sa Parka seo tá sé trom agus te teolaí don gheimhreadh. Tá codarsnacht maith idir an dú-ghorm agus an muinéal fionnaidh geal atá ar. Tá costas €99.95 ar seo ó Zara.



Wednesday, September 23, 2015

Oideas do m'Arán Leite

Cómhábhair


Flahavan's leite (dhá tub íogart)
Alpro Soya íogart (500ml)
Sóid aráin (Taespunóg)
Mil (Bordspúnóg)
Síolta puimcín ('Sprinkle')
Síolta hemp ('Sprinkle')
Salann 
Párpháipéar (Roghnach)
Babhla mór
Stán bácála



Saturday, September 19, 2015

Buataisí faoi €50 :)


Is fearr cara sa gcúirt ná punt sa sparán a deirtear, ach tá súil agam go mbeidh neart pingineacha agaibh sna sparáin tar éis dhaoibh é seo a léamh: Buataisí faoi 50:

Bhuel, an maith le haon duine eile an Gheimhreadh? Tá’s agam nach maith le mórán daoine an bháisteach, agus thuigfinn dóibh, ach is breá liomsa an Gheimhreadh, an fuacht, an sioc agus tá súil agam an sneachta!

Mar sin, céard a theastaíonn ó chuile dhuine sa Gheimhreadh???? Buataisí agus neart acu, le haghaidh do chosíní beaga a choinneáil te! Feictear dom go bhfuil an ‘Chelsea Boot’ chuile áit an aimsir seo mar sin, seo cúpla ceann a cheap mé a bhí go deas!

Ní theastaíonn níos mó bróga uaimse- mar a dheireann chuile dhuine liom, ach tá cead agam a bheith ag breathnú agus ag coinneáil súil amach nach bhfuil :P

Ok i dtosach, an áit is fearr le tosnú ná le Penneys? Ní chomhaireann sé má fhaigheann tú i bPenneys é, sin é an leithscéal a bhíonn agamsa ar aon nós ;)
Is mór an spóirt iad seo, ‘Taupe Cleated Heel Chelsea Boots’ agus tá’s agam go ndeirim i gcónaí é ach bheadh siad go hálainn le péire jíons! 21 i bPenneys agus ar fáil i ndathanna éagsúla; marún, dubh, donn, dúghorm agus an dath seo thuas ;) 

Wednesday, September 16, 2015

Glam Glow- An fiú an t-airgead é???




Bhí an t-uafás cainte cloiste agam faoin táirge áilleachta seo agus gur fhág sé mé gan aon rogha ach triáil a bhaint as. Le bheith fírinneach faoi ní duine mé a bhfuil mo chraiceann ró-dhona ach ag an am céanna níl mé ag fáil níos óige agus mar sin táim coinsiasach faoi mo chuid craicinn.

Ionas nach mbeinn bánaí shocraigh mé féin agus mo dheirfiúr Lorraine Glam Glow an duine a cheannacht(in ionad péire a cheannach mé féin) Cheannaigh mise ‘Youth Mud Tingle Exfoliate’ do d’éadán agus do mhuinéal agus cheannaigh Lorraine ‘Glam Glow Bright Eye Treatment’, atá feiliúnach do na súile.

Má tá sibh tada cosúil liomsa, tógann sé achar ama orm fáil ar ais sa ‘routine’ tar éis saoire an tsamhraidh. Tá deireadh leis na hoícheanta go maidin agus, gan foláireamh, tá tú ar ais ag éirí ag a seacht nó leath-uair théis a seacht chuile mhaidin.

Thug mé fhéin ansin faoi deara go raibh málaí faoi mo chuid súile. An easpa codladh a bhí i gceist nó an ‘shock to the system’ a bhí ann?’ Deabhal a fhios agam. Bhí sé ar nós freisin go raibh mo chraiceann an- tirim agus go raibh aire ag teastáil uaidh.


Bhain mé triáil ar dtús as an ‘Youth Mud Tingle Exfoliate’. Ar bhosca an táirge seo deir sé go bhfuil seacht masc déag ann agus ar bhealach ní mhór go mbeadh mar go bhfuil €56 ar bhosca dó. (http://www.beautyfeatures.ie/)

Saturday, September 12, 2015

Cailín na Gaillimhe

Níl deireadh tagtha go fóill le buanna laochra spóirt na Gaillimhe agus ár bhfoireann sinsear camógaíochta ag tabhairt aghaidh ar pháirc an Chrócaigh an Domnach beag seo.   Tá dúshlán amach roimh mhná chamógaíochta na Gaillimhe agus iad ag dul i mbun troda in aghaidh mhná láidre díograiseacha Chorcaigh. 

Bhí deis cainte agam le Captaen fhoireann chamógaíochta na Gaillimhe Niamh Kilkenny an tseachtain seo.  Is í Niamh an duine is óige de chúigear clainne.  Tá sí sáite in imirt na camógaíochta ó bhí sí an-óg agus ní hamháin seo tá sí ag caitheamh marúin agus bán do Ghaillimh ó bhí sí ceithre bliana déag d’aois.  Is iomaí boinn agus coirn atá buaite aice ó shin. Maith thú!!! Chomh maith leis an talann spóirt atá aici is múinteoir meánscoile í atá ag múineadh Béarla agus Tír Eolais.


Is iad Katie Taylor and Jessica Ennis-Hill beirt dá laochra spóirt agus i saol na camógaíochta deir sí gurb iad “Sharon Glynn and Therese Maher were two players I’ve always looked up to.”
Tá gnáthamh laethúil an imreora an-dian agus iad ag ullmhú do chluichí móra an chraoibh.  An tseachtain seo bhí siad ag traenáil faoi dhó agus bíonn sí an-choinsiasach faoi na roghanna beatha a dhéanann sí roimh chluiche; “I always try to fuel my body with healthy carbohydrates and hydrate by drinking up to two litres of water daily.”  Tá sé tábhactach a deir sí gan a bheith ró-neirbhíseach roimh chluiche ach is deacair é a sheachaint i gcónaí.
Do chailíní óga na tíortha atá paiseanta faoin spóirt, mhol sí dóibh cleachtadh a dhéanamh “Practice makes perfect. Always try to improve your skills. Eat a balanced diet and sleep well.” Mar a deirtear sa Ghaeilge Cleachtadh a dhéanann Máistreacht.

Monday, September 7, 2015

Céad slán leis an mbaile....

Is cuimhin linn ar fad na mothúcháin a bhí againn agus muid ag dul ar scoil nó ar choláiste don chéad uair (faraor fanann na mothúcháin seo linn mar mhúinteoirí).  Bíonn réimse leathan mothúcháin i gceist idir sceitimíní, áthas, bród, bís agus eagla fiú.

Dóibh siúd atá díreach tar éis na hArdteiste a dhéanamh is mí an-ghnóthach í Lúnasa, tosaíonn na laethanta ag imeacht leo agus gan mhoill bíonn torthaí na hArdteiste faighte agus bíonn an cinneadh mhór le déanamh, sé sin glacadh le cúrsa agus b’fhéidir rud atá níos deacra fós, an baile a fhagáil don chéad uair.  


Thóg mé féin orm an bóthar go Sligeach san áit a ndearna mé céim sa Tíos agus sa Ghaeilge.




Bhí mé ite ag 'nerves' an chéad lá ag an gcoláiste, ní hamháin go raibh mé ag freastal ar choláiste i Sligeach (I bhfad ó Mhama agus Daide) bhí mé ag freastal ar choláiste a bhí lán le cailíní agus a bhí ag feidhmiú mar chlochar ar feadh na mblianta roimhe sin, is iomaí scéil a bhí cloiste agam faoi roimh ré (óna múinteoirí a d’fhreastail ar choláistí oiliúna do mhúinteoirí, tuigfidh sibh mo chás).  É sin ráite, rinne mé cairde saoil agus fuair mé oideachas den scoth.

Ní raibh sé i bhfad go raibh mé i gcleachtai ar shaol an mhicléinn.  Seo cuid de na cuimhní cinn is mó atá agam ó na laethanta sin... an bhfuil cuimhní cosúil leo seo agaibh fein?


An lá iondúchtaithe, an chéad rud a bhí le déanamh againn na ár dtrealamh ar fad a bhailiú, shíllfeá go raibh Daidí na Nollaig tagtha agus muid ag crochadh na hinnill fúála, trealamh fúála, sceana agus feistis cosanta abhaile linn an tráthnóna sin. Nach againn a bhí an gáirí ina dhiaidh sin ag déanamh ár ndícheall an trealamh a úsáid, an trealamh fuála ach go háirithe! 





Chuile dheireadh seachtaine gan teip thugamar aghaidh abhaile.  Thaisteal mé ar bhus Fheda O'Dónaill gach Aoine agus Domhnach  –  is mé a bhí sásta nuair a thosaigh mé ag tiomáint! Uaireanta níl tada níos measa ná a bheith sáinithe ar bhus atá lán agus te. Bhí sé níos measa ar an Domhnach agus mé sách uaigneach.




Sula bhfágfainn an baile gach Domhnach dhéanfainn ‘raid’ ar an gcuisneoir agus na cófraí.  An plean a bhí ann ná an méid is mó beatha a thabhairt leat ón mbaile chun na pingneachaí nó euros a shábháilt.  Sa chás go raibh siopadóireacht le déanamh d’fhéadfaí maireachtáil ar pasta, uibheacha, Bachelors Beans agus arán, dhéanfaí a  mhór den bheagán i gconaí.





Chaith muid roinnt ama gach tráthnóna ag déanamh staidéir ar na ‘soaps’, bhí muid inár saineolaithe ar gach rud a thit amach i Home and Away, Corrie, na Dales agus Eastenders.





Bhíodh obair choláiste agus tascanna seasta síoraí le déanamh, gan labhairt ar na seachtainí fada a chaith muid ar chleachtadh múinteoireachta. Bhí an t-ádh linn go raibh muid ar fad sásta cabhrú le chéile, rud a thug an-mhisneach dúinn chun an cúrsa a chur i gcrích.


Tá mé i mbun múinteoireachta anois le roinnt blianta ach is cinnte nach ndéanfaidh mé dearmad go brách ar an am a chaith mé i Sligeach. Cinnte bhí cuid de na laethanta níos deacra ná a chéile ach níl dabht ar bith ach gur ar scáth a chéile a mhaireann muid agus go n-éiríonn linn na deacrachtaí a chur dínn le chéile. Daoibhse atá ag tosnú amach mar mhic léinn, bain taitneamh agus spraoi as agus má tá gairm ar leith uait na cáil do mhisneach agus lean leis nó go sroicheann tú do sprioc.....is de réir a chéile a thógtar na caisleáin. Anois agus mé ag cuimhniú siar ar laethanta spraoúla an mhicléinn, tuigim gur laethanta maithe a bhí iontu. Guím gach rath oraibhse atá ag tosnú bhur n-aistear thart ar an ama seo agus go mbainfidh sibh taitneamh agus tairbhe as agus sibh ag ullmhú do shaol an 'adult' (Ná bíodh mórán deifir oraibh!!!!) 


Sin é uaimse a chairde :-) 

Roseann xxxx


Wednesday, September 2, 2015

An Chróit


Dia dhaoibh a chairde! Tá súil agam go bhfuil sibh go maith :)

An bhfuil aon duine eile tuirseach an tseachtain seo? Tá mise maraí agus gan ach leathsheachtain déanta ar ais againn :/ 


Mar is eol d’aon duine a bhíonn ár leanacht ar Facebook nó Instagram, níl sé i bhfad ó bhí mé ar laethanta saoire sa Chróit. Thaisteal muid timpeall na tíre ar feadh na seachtaine. Is é an plean a bhí againn ná fanacht i Zadar ar feadh dhá oíche, Split ar feadh dhá oíche agus Dubrovnik ar feadh 3 lá. Thugamar cuairt ar Trogir agus Omis freisin mar go raibh siad idir na ceantair agus dúirt muintir na háite linn go mb’fhiú go mór cuairt a thabhairt orthu! Shílfeá nach bhfuil sé ach dhá lá ó a bhí mé ann agus mé ag oibriú ar mo chuid brícíní (cheapfainn go bhfuil trí cinn breise anois agam!!!) mar ní duine mé a fhaigheann dath ón ngrian!

Ar aon nós, i mí Bealtaine seo caite bhí mé féin 's mo mhéit ag caint faoi a dhul ar laethanta saoire. Dúirt sé gur mhaith leis a dhul go dtí An Chróit! Ní raibh mórán cur amach agamsa ar an gCróit ach i ndáiríre ba chuma liom cá ngabhfadh muid! Ní raibh mé i bhfad ann, go raibh a fhios agam cén fáth a raibh sé ag iarraidh a dhul ann……..Game of Thrones??? An mise an t-aon duine ar an domhan nach mbreathnaíonn ar an gclár seo? Nó an é go bhfuil fir gafa leis? Níl a fhios agam!!!

Ar aon nós fuair muid ár gcuid eitiltí an-saor…245 an duine! D’eitil muid ó Bhaile Átha Cliath go Zadar. Tá Zadar suite thuas i dTuaisceart na tíre. Agus a mhaighdean bheannathe bhí sé te ann! B’éigean dom Fachtóir 50 a chaitheamh gach lá agus níos mó a chur orm i rith an lae mar go raibh mé báite le hallas i gcónaí! Deas Glam tá’s agam :P Cheap mé go mbeadh cleachtadh agam ar an teas tar éis an Ióga Te, nach orm a bhí an dul amú! 

Baile beag a bhí i Zadar, cé go raibh sé ag breathnú mór ar an gcéad lá a landáil muid ann! Seanbhaile, suaimhneach, oscailte, ciúin, ar an gcósta a bhí ann. Is é ceann de na príomhbhailte ina dtagann an bád farantóireachta ón Iodáil, é sin ráite thar aon áit eile ina raibh muid ní raibh an iomarca daoine ann agus ní raibh an baile ró-phacáilte le turasóirí. Caithfidh mé a rá gurb í an áit is mó ar thaitin liomsa, cé nach mbeadh tú ag iarraidh níos mó ná 3 lá ann mar go mbeadh leadrán ort ina dhiaidh sin! Tá an t-uafás staire ag baint leis an áit mar sin tá séipéil i chuile choirnéal agus anuas ar sin tá an-chuid iarsmalainne ann freisin. Ní bean mór staire mise mar sin ní raibh suim dá laghad agam a dhul isteach i go leor acu. Ach seo cúpla pictiúr ón áit:


Seo sampla de na cineál sráideanna a bhí amach ón bpríomhshráid....bhí siad go hálainn! 
Ceann de príomhradharcanna Zadar: úsáidtear an séipéal seo le haghaidh ceolchoirmeacha! Bhí radharc álainn don chathair ó bharr an túr taobh thiar den séipéal! 



Má théann aon duine agaibh go Zadar caithfidh sibh é seo a fheiceál sa lá agus san oíche. "Sun Salutation" a thugtar air! Sa lá ní cheapfá mórán don rud seo ach le theacht an tráthnóna, cloisfidh tú ceol álainn ag teacht ón 'Sea Organ' agus lasann 300 sraith gloine ildaite suas! Bailíonn siad gathanna na gréine le linn an lae- áit álainn! Tá an 'Sea Organ' fíor spéisiúil- is uirlis ceoil atá ann atá deartha ag ailtirí i Zadar agus de réir atá maidhmeanna na farraige ag teacht isteach bíonn ceol álainn le cloisteáil ón uirlis, tá sé ar fad ag teacht ó chumhacht na farraige! Is fiú go mór breathnú air: 
https://www.youtube.com/watch?v=IXHhTTOHB0Y  

Is breá liomsa an pictiúr seo: bean rialta ag dul isteach ar thaobh an tséipéil! 

An ghrian ag dul faoi ag an 'Sun Salutation'


Chinn sé ormsa cúpán tae a fháil i Zadar ach sa deireadh tháinig muid ar chaifé beag a raibh sé ann- "Maraí ag tae agus maraí gan é"

As sin moladh dúinn cúirt a thabhairt ar Trogir! Tá an baile beag ar fad cosanta ag UNESCO. Níl mé cinnte cén chaoi a ndéanfaidh mé cur síos ar an áit seo! Ba mhór an spórt an áit í! Baile beag bídeach eile ar an gcósta. Bhí promanáid ann agus bhí tú in ann siúl síos le taobh na mbád, ach ansin shiúlfá isteach taobh istigh de na ballaí agus ní raibh ann ach sráideanna beaga, b’fhurasta a dhul amú ann! Ach is cuma go ngabhfadh tú amú, bhí bialainn agus siopaí beaga ar chuile thaobh dhuit!

An pictiúr is deise a thóg mé ar feadh na saoire! Cúlsráid beag i dTrogir! Bhí an fear seo ag déanamh báid bheaga as adhmad! 

Séipéal eile le clog air!



An Ghrian ag lonnrú idir na foirgnimh!  


Íomhá de Trogir ar fad! 


Ba bheag nár thit an dá shúl amach as mo chloigeann nuair a chonaic mé iad seo ag teacht amach ar an bpláta :P 


Don tríú lá thiomáin muid síos go Split, thóg sé thart ar uair go leith! Ní mhór é a dhéanamh luath ar maidin mar bheadh tú maraithe ag an teas agus ní hamháin sin ach bhí na tiománaithe craiceáilte ann!!! Cheap mé go raibh bóithrí Chonamara go dona :P


Arís ailltearacht álainn le fáil i Split!  


Is cuma cá ngabhfaidh mise gheobhaidh mé Jellies :) 
Baile beomhar é Split, bhí go leor ag tarlú ann agus i bhfad níos mó turasóirí ann! Bhí chuile chineál duine ann, agus an rud ba mhó a thaitin liomsa ná na teangacha uilig a bhí le cloisteáil thart timpeall na háite, ní mórán Béarla a bhí ann. Breathnaíonn sé go dtagann go leor de mhuintir na Mór Roinne ar a gcuid laethanta saoire anseo.
Bhí an áit seo taobh istigh den chaisleáin agus boird bheaga áille lena thaobh le suí síos! Bhí tú in ann súanna a fháil i rith an lae agus súanna níos láidre a fháil ansin san oíche!!!!


Agus d’fhág muid an rud ab fhearr go dtí an deireadh Dubrovinik!!!! WOW!!! Níl bealach ar bith ar féidir liom cur síos a dhéanamh ar an áit seo ach le pictiúr! Áit dochreidte, álainn, gleoite, draíochtúil! Anois cúpla rud le bheith ar an eolas faoi….
-> caithfidh tú do phas a bheith agat agus tú ag taisteal síos go Dubrovinik mar go dtéann tú thar theorainn Bhoisnia
->bíonn an áit seo níos teo ná an chuid eile den tír
->má tá tú ag iarraidh rudaí turasóireachta a dhéanamh ní mhór iad a dhéanamh luath ar maidin mar gheall ar an teas & líon na dturasóirí san áit! (Tagann go leor turais mhara isteach anseo, agus a mhaighdean shilfeá gur beachain iad, líonann an chathair suas chomh sciobtha sin)


Anois na pictiúir:

 
An radharc taobh amuigh den chathair! 


Geataí Dubrovinik san oíche! 


Áirse istigh sa chathair! 


An mhilseog is deise ar ith mé ariamh i mo shaol! 
Scairdeán uisce díreach taobh istigh de gheataí na cathrach! Radharc óna ballaí! 

Ballaí na gcathrach- Is fiú go mór éirí go luath maidin amháin agus iad seo a shúil! 

Radharc Panoramic ó bharr na mballaí- agus mo chuid gruaige :) 

Radharc eile den chathair ó chaisleán, díreach taobh thall/ taobh amuigh dó! "An Red Keep" ar an gClár 'Game of Thrones'. 


Is féidir a dhul ag canúáil chuig oileán Lokrum atá suite os comhair na cathrach! 


Bhí na sráideanna beaga céanna le fáil i nDubrovinik! 


Díreach taobh amuigh de na ballaí! 


Sin é uaimse a chairde! Tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an mblag!
Gearóidín