Haigh a chailíní,
Síofra anseo, so tá an Fómhar anseo agus tá an geimhreadh ag teacht buíochas le Dia! Is aoibhinn liom an t-am seo den bhliain mar is féidir linn cótaí, buataistí, riteoga, scairfeanna agus pé rud atá cineál cosy a chaitheamh!
Thug mé faoi deara go mbeidh an dearg mar cheann de na dathanna is mó agus is stiallmhaire an séasúr seo. Is cinnte go bhfuil cúpla cineál difriúil dearg ann agus is féidir a rá go mbeadh na scáileanna ar fad le feiceáil ar an 'High Street' agus ar ndóigh sna siopaí níos daoire!!
Chuaigh mé ar líne ag cuardach éadaí sa dath álainn seo!
Bain taitneamh as na 'pieces' seo
Is aoibhinn liom an bástchóta seo as Zara - beidh sé agam!! :P
Ar deireadh, má tá fonn ort a dhul craiceáilte agus an 'piggy bank' a oscailt... Féach ar na 'BEAUTIES' seo!
So sin, é a chairde! Tá súil agam gur bhain sibh taitneamh as na míreanna seo!
Agus, má fheiceann sibh aon chóta nó aon ghúna dhearg timpeall na háite seol snapchat nó teachtaireacht chugainn mar táimid ar fad anseo ag Gaeilge le Glam obsessed le dearg faoi láthair!
Slán go fóill,
Síofra xx
No comments:
Post a Comment