Wednesday, April 6, 2016

Daltaí na hArdteiste- Cabhair don Bhéaltriail

Dia daoibh a chairde! Cén chaoi a bhfuil sibh? Tá blag na seachtaine seo bunaithe ar dhaltaí na hArdteiste. Tá muid anois beagnach seachtain/coicís ó na béaltrialacha Gaeilge (ag brath ar cén áit sa tír ina bhfuil tú) agus is iomaí dalta amuigh anois a bhfuil ag cailleadh codladh na hoíche mar gheall ar an scrúdú beag (15 nóiméad) seo! 

Ar nós a dúirt mé ansin- is scrúdú beag é seo cé go bhfuil an t-uafás marcanna ag dul dó. (40 % ach táim cinnte go bhfuil sé seo ar eolas agaibh cheana féin).

So céard atá i gceist leis an scrúdú seo mar sin?

Tá 4 chuid sa scrúdú: 
1. An Fáiltiú (5 mharc)
2. Léamh na Filíochta (35 marc)
3. An tSraith Pictiúr (80 marc)
4. An Comhrá (120 marc)

1. An Fáiltiú (5 mharc) Seo é an chuid is éasca don scrúdú! (1 nóiméad)
Níl i gceist ann ach 5 cheist shimplí! An moladh a bheadh agam daoibh anseo ná fan go gcuirfear an cheist ort. Bíonn sé de nós ag daltaí (mar gheall ar a gcuid neirbhís) tosnú ag caint an-sciobtha anseo agus gan na ceisteanna a fhreagairt i gceart. Seo iad na ceisteanna a chuirfear anseo:

a. Cad is ainm duit? (Ná déan dearmad ar do shloinne a thabhairt anseo) 
Is mise Gearóidín de Bhailís/Gearóidín de Bhailís is ainm dom. 

b. Cén aois tú? 
Tá mé sé bliana déag d'aois/seacht (ocht) mbliana déag d'aois. 

c. Cad é do dháta breithe?
Rugadh mé ar an gcúigiú lá déag de mhí Bealtaine naoi déag naocha a hocht. 

(*bí cúramach anseo is orduimhir a bheidh in úsáid agat- an chéad lá/an dara lá/an tríú lá/an ceathrú lá/an cúigiú lá/an séú lá/an seachtú lá/an t-ochtú lá/an naoú lá) 
(*cosúil le d'aois tagann an uimhir dheireanach i dtosach:
 23= an tríú lá is fiche
18= an t-ochtú lá déag)

Má tá 'ar' agus 'an' le chéile tógfaidh sé urú- ar an gcúigiú lá ach ní bheidh sé seo i gceist le d,t,l,n mar sin ar an dara lá/ar an tríú lá. 

d. Cá bhfuil tú i do chónaí? 
Táim i mo chónaí i nDoire Fhearta Mór, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. 

(* teastaíonn ar a laghad dhá phointe eolais uait anseo. Molaimse do mo dhaltaí a seoladh iomlán a thabhairt i gcónaí- ar nós go mbeadh duine éigin ag seoladh litreach chugat!)

e. Cad é do scrúduimhir?
Is é a haon, a dó, a trí, a ceathair, a cúig. 

(*Abair gach uimhir leis féin. Is féidir leat an uimhir a scríobh síos ar pháipéar má tá faitíos ort go ndéanfaidh tú dearmad air) 

2. Léamh na Filíochta (35 marc) (2/3 nóiméad)
Iarrtar ort ceann amháin de na dánta a léamh/a aithris (nó más maith leat é a chanadh) ó chúrsa na hArdteiste. Is féidir leat do chóip féin a thabhairt isteach leat, le do nótaí féin scríofa air. Molann mise i gcónaí do dhaltaí aon fhocal a bhfuil deacracht acu leo a scríobh amach phonetically agus highlighter a chur ar gach séimhiú agus urú sa dán agus ansin níor cheart go mbeadh aon deacracht agat iad a ráNá déan dearmad ainm an fhile a rá anseo! 

1. Géibheann le Caitlín Maude (an dán ar fad) 
2. Colscaradh le Pádraig Mac Suibhne (an dán ar fad) 
3. Mo Ghrá-sa (idir luibíní) le Nuala Ní Dhomhnaill (trí véarsa as a chéile) 
4. An tEarrach Thiar le Máirtín Ó Direáin (dhá véarsa as a chéile) 
5. An Spailpín Fánach le file anaithnid (dhá véarsa as a chéile)

Seo sampla do céard a d'fhéadfá a dhéanamh: (Véarsa 4 as an dán An tEarrach Thiar)

Fear ag caitheamh
Cliabh dá dhroim
Is an fheamainn dhearg
ag lonrú
I dtaitneamh gréine
Ar dhuirling bhán
Niamhrach an radharc
San Earrach thiar.

Fear ag caith-iv
clee-v dá grim
Is an am-im yar-ug
Ag lon-roo
I da-nuv grey-na
Ar ghur-ling vawn
Nimh-nuck an rye-urk
San Arr-uck Hear

3. An tSraith Pictiúr (80 marc) (4 nóiméad) (Sraith Pictiúr amháin as 20- roghnóidh an scrúdaitheoir an Sraith Pictiúr)
  • 50 marc= Stór Gaeilge: Ciallaíonn sé seo an réimse foclóra agus an saibhreas teanga a úsáideann tú sa tsraith pictiúr. Ba chóir go mbeadh stór Gaeilge leathan agat, nathanna áisiúla, seanfhocail, agus frásaí ar bharr do theanga agat. Tá siad seo fíorthábhachtach má tá tú ag iarraidh marc ard a bhaint amach sa bhéaltriail. 
  • 20 marc= Cumas agus Cruinneas: Ciallaíonn sé seo do chumas an Ghaeilge a labhairt go líofa, saoráideach. Caithfidh do chuid gramadaí a bheith cruinn anseo. Bí cúramach leis an séimhiú, an t-úrú, fuaim an síneadh fada a fhuaimniú i gceart agus tú ag caint. Bí an-chúramach anseo leis na haimsirí. Má tá tú ag labhairt san aimsir chaite fan leis síos tríd (is féidir leat cúpla rud a rá sa mhodh coinníollach leis seo) nó an aimsir láithreach (is féidir leat cúpla rud a úsáid anseo san aimsir fháistineach). Rudaí eile ar cheart duit a bheith cúramach leo ná an Aidiacht Shealbhach, an Forainm Réamhfhoclach, Ainmfhocail/Aidiachtaí/Pearsana Uatha agus Iolra. 
  • 10 marc= Na ceisteanna ag an deireadh- 3 cheist a fhreagairt agus 3 cheist a chur. Botún mór a dhéanann daltaí anseo ná go mbíonn na ceisteanna a chuireann siad róchasta agus ansin déanann siad botúin. Arís coinnigh do cheisteanna simplí: 
    • Cad a bhí Máire ag caitheamh i bpictiúr a haon? 
    • Conas a bhí an aimsir? 
    • Meastú conas ar mhothaigh Máire? 
    • Cé mhéad duine a bhí i bpictiúr a haon? 
    • Déan cur síos ar Mháire? 
*Is féidir leat é seo a ullmhú tú féin!
*Ba cheart duit neart ama a chaitheamh ag ullmhú an chuid seo! 
*Foghlaim eochairfhocail agus briathra agus frásaí seachas a bheith ag iarraidh píosaí móra a chur de ghlanmheabhair. 
*D'fhéadfá seanfhocal a úsáid ag an deireadh mar shampla: 
  • Níl aon dabht faoi ach gur fíor an seanfhocal "Tús maith leath na hoibre". 
  • Is fíor an seanfhocal "Beatha teanga í a labhairt" 
  • "Mol an Óige is tiocfaidh sí" 
  • "De réir a chéile a thógtar na caisleáin"
  • "Ní féidir ceann críonna a chur ar ghuaillí óga"
  • "Ní thagann ciall roimh aois"
*Cosúil leis na ceisteanna- bí cliste anseo- ná foghlaim go leor- foghlaim cúpla ceann simplí a bhéas tú in ann a úsáid do chúpla ceann. 

Tar éis gach pictiúr molaim do mo chuid daltaí leathanach sracfhéachana a dhéanamh amach leis na rudaí seo a leanas: 
  • Eochairfhocail (suas le 20 focal)- Seo focail nua nó focail a mbíonn deacracht agat leo. 
  • Frásaí (thart ar 5 cinn)- Deirim le daltaí thart ar 5 frása/nath cainte deas a bheith acu anseo (déanfaidh sé difríocht mhór don marc don stór gaeilge), rudaí cosúil le-
    • Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch 
    • Bhí sé ag stealladh báistí. 
    • Bhí sé ag crith le heagla
    • préachta leis an bhfuacht 
    • chomh sásta le muc i bparlús 
    • réidh le ceangal 
  • Ansin liosta do na briathra (déan iarracht go leor briathra éagsúla a úsáid seachas Bhí/Tá i gcónaí) 
  • Ag an deireadh ansin na trí cheist a chuirfidh tú ar an scrúdaitheoir. 
  • Molaimse do dhaltaí atá ag iarraidh A a fháil ina scrúdú scéal leanúnach a insint gan úsáid a bhaint as 'i bpictiúr a haon/sa chéad phictiúr', é sin ráite má bhíonn fíordheacracht agat le scéal a chur le chéile níl aon rud mícheart le 'i bpictiúr a haon/a dó/a trí/a ceathair/a cúig/a sé' a úsáid. Ach ná measc suas an dá cheann mar shampla ná bí ag rá sa bpiciúr a haon XXX Botún mór a dhéanann go leor daoine! B'fhearr duit ceann amháin nó an ceann eile a úsáid. 
    • Sa chéad/ dara/ tríú/ ceathrú/ cúigiú/ séú pictiúr 
    • i bpictiúr a haon/ a dó/ a trí/ a ceathair/ a cúig/ a sé
4. An Comhrá (120 marc) (6-8 nóiméad) 
  • Seo é an chuid is tábhachtaí don scrúdú mar go bhfuil leath do na marcanna ag dul dó. 
  • Tá na marcanna briste suas ina dhá chuid- 75 marc don Stór Gaeilge agus 45 marc don Chumas. 
  • Is tusa atá i gceannas anseo agus ní an scrúdaitheoir! Caithfidh tú smaoineamh air seo i gcónaí.
  • Ní scrúdú atá anseo ar do chuid eolais ach scrúdú ar do chuid Gaeilge. 
  • Ná bíodh aon drogall ort a rá leis an scrúdaitheoir nach bhfuil aon spéis agat in ábhar faoi leith.
  • Mar shampla= 'An seinneann tú ceol a Mháire?" Níl suim dá laghad agam i gcúrsaí ceoil ach is breá liom ag léamh/ag imirt peile etc. 
  • Déan iarracht neart leideanna a thabhairt don scrúdaitheoir anseo faoi céard iad na rudaí ar mhaith leat féin labhairt orthu! 
  • Caithfidh tú smaoineamh go bhfuil thart ar 20 dalta suite os comhair an scrúdaitheora gach lá agus nach bhfuil aon aithne acu ort mar sin tabhairt leideanna/nodanna don scrúdaitheoir. 
Mar shampla: 
Cén sórt duine tú? Bhuel is duine spórtúil mé, imrím haca agus cispheil. Táim ar an bhfoireann haca anseo sa scoil agus imrím cispheil leis an bhfoireann áitiúil i mo cheantar. 

An raibh tú ag féachaint ar an Nuacht aréir? 
Ní raibh mé mar níl spéis dá laghad agam sa nuacht ná i gcúrsaí reatha ach d'fhéach mé ar an gclár Home and Away tar éis na scoile. 
  • Moladh eile a bheadh agam daoibh ná gan a bheith stadach nó aon siollach. 
  • Déan cinnte neart cainte a dhéanamh. 
  • Ní féidir leis an scrúdaitheoir marcanna a thabhairt duit mura bhfuil tú ag caint. Chomh maith leis sin ní rud maith é más é an scrúdaitheoir atá ag déanamh formhór na cainte! 
  • Tabhair abairtí iomlána mar fhreagra i gcónaí agus seachain 'Sea' agus 'Ní hea'. 
Freagair an cheist a chuirtear ort. Mar shampla, má chuireann an scrúdaitheoir ceisteanna mar seo ort ní mór duit freagraí iomlána, críochnúla a thabhairt i gcónaí:

“An bhfaca tú an clár The Late Late Show oíche Dé hAoine seo caite?”
“Ní fhaca mé é. Bhí mé róghnóthach ag an am. Bhí mo sheanathair linn don deireadh seachtaine agus bhí orm labhairt leis ag an am sin. Is duine an-spéisiúil é agus tá scéalta breátha aige. Chaith sé seal i Londain agus i Nua Eabhrac sular bhog sé ar n-ais go hÉirinn. Rugadh m’athair i Nua Eabhrach.”

“An bhfuil suim mhór agat sa pholaitíocht?”
“Caithfidh mé a rá nach mór an tsuim atá agam sa pholaitíocht. Dáiríre píre, leis an obair bhaile go léir agus leis an staidéar go léir ní bhíonn nóiméad amháin le spáráil agam. Mar sin féin ceapaim nach bhfuil an comhrialtas atá againn faoi láthair go hiontach, dar liom. Tá an tír scriosta agus tá líon na ndaoine atá dífhostaithe ag méadú an t-am ar fad agus tá na mílte ag dul ar imirce ón tír. Níl cúrsaí go maith in aon chor.”
  • Éist leis an gceist go cúramach! I nGaeilge freagraítear ceisteanna leis an mbriathar céanna a chuirtear ceisteanna: 
Ar cheannaigh tú tléine ag an gceolchoirm? Cheannaigh/ Níor cheannaigh
An ólann tú uisce ag am lóin? Ólaim/Ní ólaim
An ndúiseoidh tú go luath maidin amárach? Dúiseoidh/Ní dhúiseoidh 
An n-éistfeá leis an raidió dá mbeadh sé ar siúl? D'éistfinn/Ní éistfinn

Ag fanacht ar an bpointe sin éist leis na ceisteanna go cúramach! Bíonn nod do cén aimsir ina bhfuil an scrúdaitheoir ag caint iontu. Ná freagair an cheist go mbeidh d'intinn déanta suas agat ar cén aimsir ina bhfuil an cheist, é sin ráite is comhrá nádúrtha atá anseo mar sin níl tú ag iarraidh an iomarca smaoineamh a dhéanamh! 

Bí cúramach leis na briathra neamhrialta (i ngach aimsir) 
An bhfuil tú? Tá/Níl 
An mbíonn tú? Bíonn/ Ní bhíonn 
An mbeidh tú? Beidh/Ní bheidh 
An raibh? Bhí/ Ní raibh

Tá 11 ann-Abair/ Beir/ Bí/ Clois/ Déan/ Faigh/ Feic/ Ith/ Tabhair/ Tar/ Téigh- Foghlaim de ghlanmheabhair iad i ngach aimsir!

Is iad na topaicí a bheidh i gceist anseo ná: 
1. Mé Féin
2. Mo Chlann
3. M'Áit Chónaithe
4. Mo Scoil- Ábhair scoile/an scoil í féin/ rialacha/áiseanna/oideachas/an idirbhliain/ taithí  oibre/ollscoile
5. Mo Chaitheamh Aimsire (ar a laghad 2)
6. Cairde
7. An Saol Oibre/Post Páirtaimseartha
8. An Bhliain seo chugainn/tar éis na hArdteiste
9. Taisteal agus Laethanta Saoire
10. An Ghaeilge agus An Ghaeltacht- an Ghaeilge mar ábhar, Gaeilge sa tír, an Ghaeilge i do  shaol, todhchaí na Gaeilge, An Ghaeltacht, TG4 agus RnaG. 
11. Na Meáin Chumarsáide
12. An Saol ar Líne/An Teicneolaíocht- Facebook, Twitter, Instagram, Snapchomhrá, iPad-  Buntáistí agus Míbhuntáistí
13. Saol an Duine Óig- fadhbanna daoine óga, ól, drugaí, piarbhrú, foréigean, scrúdaithe, pointí,  imirce, dífhostaíocht, na féidearthachtaí do dhaoine óga. 
14. Cad a dhéanann tú gach deireadh seachtaine? Cad a rinne tú an deireadh seachtaine seo caite?  Cad a dhéanfaidh tú an deireadh seachtaine seo chugainn? 
15. Aon ábhar eile a bhfuil suim agat iontu. 

Má deir tú go bhfuil spéis agat  i rud éigin bí in ann cur síos a dhéanamh air:
Mar shampla: 
  • Teilifís- an clár teilifíse is fearr leat
  • Ceol- an ceoltóir is fearr leat/an cheolchoirm is déanaí a ndeachaigh tú ag. 
  • Pictiúrlann- is scannán is déanaí a chonaic tú. 
  • Léitheoireacht- an leabhar is déanaí a léigh tú 
  • Spórt- an phearsa spóirt is fearr leat/ an cluiche is déanaí a d'imir tú
Mar fhocal scoir, tá an t-uafás ama caite agamsa i mbun na mbéaltrialacha agus an moladh is mó a bheadh agam díobh ná múinín a bheith agat ionat féin agus i do chuid Gaeilge. Tá neart ama caite agat ag foghlaim Gaeilge agus tá neart Gaeilge agat! Bíodh muinín agat agus tú istigh sa scrúdú, má bhíonn tú ró-neirbhíseach d'fhéadfá an scrúdú a mhilleadh ort féin. Ní bheidh agat ach 15 nóiméad chun do chumas a léiriú don scrúdaitheoir mar sin tabhair an seans is fearr atá tú in ann a thabhairt duit féin, duit! 

Agus ar deireadh bí dearfach sa scrúdú agus gealgháireach! 

Sin é uaimse a chairde. Leanaigí oraibh ag cleachtadh! Ná déan dearmad- Cleachtaigh a dhéanann máistreacht! 

Guím gach rath oraibh ar fad! 

Gearóidín x 

No comments:

Post a Comment