Bhuel a Ghlams,
Níl muid anois ach i bhfoiseacht cúpla seachain ón samhradh agus is dóigh go bhfuil muid ar fad ag déanamh iarrachta a bheith sláintiúil agus aclaí. Uaireanta bíonn sé seo sách deacair, go háirithe má chailleann tú amach ar rang amháin aclaíochta, is féidir leis thú a chur go hiomlán as riocht.
É sin ráite níl tada níos fearr ná an mothú sin a fhaigheann tú tar éis rang maith a bheith déanta agat. Tá mise ag déanamh ranganna
Body Attack agus
Body Pump anois ó mhí Mhéan Fhómhair agus caithfidh mé a rá, táim ag baint taitnimh astu.(cé go mbím ag iarraidh leithscéalta a fháil uaireanta gan dul ag rang)
Tá aclaíocht go maith do do shláinte, go fisiciúil, chomh maith leis an intinn. Go háirithe agus muid i gcónaí chomh gnóthach inár saoil. Cabhraíonn na ranganna seo liomsa fáil réidh le haon teannas nó strus :)
An blag atá agam an tseachtain seo éadaí giom. Cé nach mbíonn faisean ar d'intinn agat agus tú ag dul ag rang, fós tá sé go deas bróga reatha compóradacha chomh maith le héadaí giom cearta(agus deasa) a bheith ort. Tá an t-uafás roghanna ann na laethanta seo agus tá sé deacair péire bróga reatha a roghnú leis na cinn áille atá ann. Tosóidh mé leo sin ar dtús mar sin: