Monday, August 10, 2015

Ióga Te-Ióga Bikram


An tseachtain seo bhain mé triail as an gcineál ióga seo. Cúpla bliain ó shin agus mé féin agus Aisling i mbun ár gcuid máistireachtaí chuaigh muid ag ióga ar feadh míosa. Bhí mé ag smaoineamh a dhul ar ais le fada mar sin an tseachtain seo rinne mé dhá rang.
Is éard atá i gceist le ióga bikram ná rang 90 nóiméad agus déanann tú 26 staidiúir (faoi dhó) agus dhá ghníomh anála. Deirtear go bhfuil na staidiúir curtha le chéile ionas go gcuirfidh tú gach matán, orgán, faireog agus fíochán i do chorp ag obair. Is cosúil go bhfuil an t-uafás buntáistí ann do do chorp go ginearálta, agus dár ndóigh an inchinn. Bíonn tú istigh i seomra atá 40céim Celsius agus moltar duit gan an seomra a fhágál ar chor ar bith ar feadh an t-achar sin.

Chuaigh mise ann ar an Máirt agus ar an Aoine. Caithfidh mé a rá go raibh an rang ar an Aoine deich n-uaire níos deacra ná an ceann ar an Máirt, nílim cinnte cén fáth, cheapfainn go mb’fhéidir go raibh an lá é féin níos teo agus chomh maith leis sin ní raibh mó dhóthain uisce ólta agam. Ní mhór do dhuine 2 lítear uisce a bheith ólta acu sula rachadh siad ann.


Cuireann tú an t-uafás allais agus tú istigh sa seomra mar sin muna mbeidh an t-uisce ólta agat, gheobhaidh tú droch chloigeann tinn. Anuas ar sin ag deireadh an ranga moladh dúinn lítear eile uisce a ól ina dhiaidh. Ní dhearna mise é sin ar an Máirt agus mar sin dhúisigh mé i lár na hoíche agus bhí mo chloigeann ag pléascadh!

Anois cén sórt daoine a bhfuil sé seo oiriúnach dó??? Bhí chuile chineál duine istigh sa rang seo; daoine a raibh na cnámha ag teacht amach tríothu agus daoine a bhí go leor meachán orthu. Ní gá duit a bheith aclaí chun an rang seo a dhéanamh, rud a bhí oiriúnach domsa, mar nach rithfinn trasna an bhóthair gan stopadh! Cabhraíonn an ióga te leat do sholúbthacht, neart agus láidreacht coirp a fheabhsú, chomh maith leis sin, deirtear go bhfuil sé an-mhaith do dhaoine atá ag teacht acu féin tar éis gortú, (rud nach mhór duit a rá leis an múinteoir ag tús an ranga), cabhraíonn sé le do shláinte go ginearálta a fheabhsú agus faoiseamh a thabhairt ó strus.

Tá an rang é féin an-chiúin, ní labhraíonn aon duine le chéile, seachas an múinteoir. Moltar do dhaoine gan aon chumarsáid a bheith eatarthu le linn an ranga, agus dár ndóigh cabhraíonn sé seo go mór le hatmaisféar chalm a chrúthú sa seomra. Ní gá duit a bheith iontach ag ióga chun an rang seo a dhéanamh. Deir an teagascóir rudaí a thógáil ag do luas féin agus gan do chorp a chuir faoi aon bhrú! Beidh a dhóthain brú ar leis an méid allais a chuirfidh tú! Mar sin le linn an ranga má tá tú faoi bhrú, nó má cheapann tú nach bhfuil tú in ann rud éigin a dhéanamh, is féidir leat suí síos ar do mhata agus díriú ar d’anáil, arís níl cead agat an rang a fhágál go dtí an deireadh.

Céard a theastaíonn uait don rang?
-Teastaíonn mata ióga uait- ach muna bhfuil ceann agat, cuirtear ar fáil iad sna hionaid éagsúla. Uaireanta b’fhéidir go mbainfeadh siad euro nó dhó uait as iad a fháil ar iasacht/cíos don rang.
-Níor cheart dhuit a dhul isteach sa rang gan buideál uisce. Anois níor cheart duit a bheith ag slogadh uisce istigh sa rang mar b’fhéidir go bhfaigheadh tú pian i do bholg, ach bíonn cúpla briseadh uisce tugtha duit le linn an ranga agus ansin fliuchann tú do bhéal, arís ní thógann tú mórán- ba cheart an t-uisce a bheith ólta agat le linn an lae lena chinntiú go mbeidh do chorp réidh don rang.
-Ba cheart duit dhá thuáille a thabhairt leat, ceann mór le cuir ar do mhata agus ceann beag le haghaidh an t-allas a chuimilt do d’aghaidh- níor thug mise liom an tuáille beag an chéad oíche agus bhí an t-allas ag doirteadh díom agus ag dul isteach i mo chuid súile, rud a bhí ag cur isteach go mór orm le linn an ranga.
-Níl cead agat aon bhróga a chaitheamh, agus tá roinnt áiteanna nach ligeann cead duit stocaí a chaitheamh sa rang!
-Ó thaobh éadaí ansin, níor cheart duit mórán éadaí a chaitheamh. Chuir mise t-léine agus brístí gearra agus bhí siad sin togha!
-Moltar duit freisin a theacht ag an rang, suas le fiche nóiméad roimh an ranga chun cleachtadh a fháil ar an teas, agus b’fhéidir chun áit a fháil! Bíonn na ranganna seo an-ghnóthach!
-Níor cheart duit mórán a ithe roimh an rang ach an oiread, mar arís d’fhéadfadh sé pian a chuir i do bholg!

Tá an ióga te sách costasach ach déanann go leor de na háiteanna seo tairiscint do chustaiméirí nua- 30 lá ar 49 euro!  

Má tá chun ióga te a thriail ní mhór duit a bheith réidh le neart allais a chuir agus an t-uafás calraí a dhóigh :) 

2 comments:

  1. IASACHTA! IASACHT !! IASACHT !!!

    tairiscint iasachta d'úinéirí gnó, infheisteoirí eastát réadach agus iasachta pearsanta ag
    ráta úis% 4 agus aon phionós réamhíocaíocht.

    Le haghaidh tuilleadh fiosrúcháin teagmháil

    Ríomhphost: Loujain.privatelending@gmail.com
    Fón: PM / Call / Téacs:+1 (325) 215-0782

    ReplyDelete
  2. Dia duit gach duine, Is é mo ainm Ken Rooney. Tá cónaí orm i Stáit Aontaithe Mheiriceá Florida agus táim sásta fear inniu? Dúirt mé liom féin go ndéanfadh aon iasachtóir Iasachta a d'fhéadfadh mo shaol agus mo theaghlach a athrú, tagróidh mé aon duine atá ag lorg iasacht dóibh. Má tá iasacht ag teastáil uait agus tá 100% cinnte agat an t-iasacht a íoc ar ais, téigh i dteagmháil leo, inis na gníomhairí iasachta a thug Ken Rooney duit chuig iad. déan teagmháil le do r-phost kennethsmithloancompanyjs@gmail.com

    ReplyDelete