Ó Glams!!!!! is deas suí síos
agus blag a scríobh agus sos intinne a fháil ó chúrsaí tithe, péint, úrláir,
leithris, soilse, doirse, fuinneoga, tiles.... agus d'fhéadfainn coinneáil
orm!!
D'inis mé daoibh i mo bhlag ag
tús na bliana go raibh teach á thógáil agam (yep mise ag tógáil tí) agus an
plean atá agam inniu ná roinnt smaointe agus ionspráide a thabhairt daoibh ó
thaobh cúrsaí tí.
Ar an gcéad dul síos mura bhfuil
sibh ar 'Pinterest, leag síos an fón
nó an ríomhaire, faigh d'fhón agus íoslódáil é ANOIS!!
Caithfidh mé a rá go bhfaighim an
t-uafás tips beaga ó seo agus is aoibhinn liom é. Is iomaí maidin a bhíonn néal
orm mar gheall gur chaith mé uaireanta an chloig ag scrolláil.
Ach wow tá an t-uafás i gceist le
tógáil tí, now ná ceap nach bhfuilim ag baint taitnimh as mar tá ach nuair atá
dhá chineál doras a thaitníonn leat agus ní féidir leat ach ceann a cheannach,
tá sé deacair.
Tosaíodh ar mo theach Bealtaine seo caite agus súil agam a bheith istigh ann i roimh dheireadh na bliana, yahoo!!
Tips beaga daoibh:
- Faigh dhá fhillteán, ceann do na dindúirí uilig, éarlais, quotes etc agus ceann eile do phictiúr a fheiceann tú i leabhair nó in irisí agus samplaí de dhathanna péint srl.
- Coinnigh dátaí, laethanta ar labhair tú le hinnealltóirí, tógálaí etc agus céard a socraíodh/íocadh.
- Bí ag faire amach ar na sales, is fiú iad.
- Ná ceannaigh an chéad rud a fheiceann tú- tá an t-uafás stíleanna, dathanna agus praghsanna amuigh ansin.
- Bí ag ceannach rudaí beaga anseo is ansiúd agus ná ceannaigh chuile shórt le chéile.
- Le haghaidh na rudaí 'móra': leapacha etc bíodh liosta agat, tóg lá amháin agus téigh chuig cúpla siopa chun an margadh is fearr a fháil, tá siad uilig ag iarraidh do ghnó ach oibreodh siad ar do shon.
- Déan iarracht cloí le dátaí, má tá tógálaí le bheith ag an teach amárach, déan cinnte go mbeidh sé ann an lá sin.
- Bíodh neart cóipeanna de phlean an tí déanta agat mar beidh ort plean a thabhairt do go leor siopaí.
- Agus ar deireadh bain taitneamh as, is céim ollmhór é seo i do shaol agus ba cheart go mbeadh sé exciting
No comments:
Post a Comment